Aersheirbhís Árann le plé leis an Taoiseach

Tá tacaíocht tugtha ag oileánaigh thuaidh agus theas d’fheachtas mhuintir Árann seirbhís eitleáin go hÁrainn a fháil agus tá an cás le plé leis an Taoiseach

aerarann15-0063

Tá an chonspóid faoin aersheirbhís go hÁrainn le cur i láthair an Taoisigh, Enda Kenny, ag toscaireacht as Árainn i gCaisleán an Bharraigh Dé Céadaoin seo chugainn má ghéilleann sé dá n-iarratas ar chruinniú.

Dheimhnigh Tarlach de Blácam, Inis Meáin, duine de cheannairí an fheachtais in aghaidh na seirbhíse héileacaptair atá á bheartú do na hoileáin, do Tuairisc.ie go raibh siad ag súil lena gcás a chur i láthair an Taoisigh.

Idir an dá linn, tá a gcuid tacaíochta curtha in iúl ag oileánaigh aneas agus aduaidh do mhuintir oileáin Árann, ar mhian leo go leanfaí le seirbhís eitleáin as Aerfort na Minne in áit seirbhís héileacaptair as Gaillimh.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt Séamus Ó Drisceoil ó Chomharchumann Chléire i gCorcaigh gurb ionann an cinneadh conradh a bhronnadh le haghaidh seirbhís héileacaptair seachas seirbhís eitleáin agus “praiseach den chéad scoth”. Dúirt sé gur “mór an trua” go bhfuil sé tarlaithe agus gur “sampla é den próiseas a bheith níos tábhachtaí ná an toradh”.

Dúirt Bridget Nic Gairbheith ó Chomharchumann Thoraí i dTír Chonaill nár cheart an cinneadh a bheith déanta gan é a phlé le muintir na n-oileán roimh ré.

Bíonn muintir Thoraí féin ag brath ar sheirbhís héileacaptair le daoine a thabhairt isteach is amach ón mórthír agus cuirfear tús an tseachtain seo chugainn le forbairt héileapad ar an oileán ar chostas €200,000. Dúirt sí i gcás na nÁrainneach gur “cheart tuairim na ndaoine a fháil ar dtús agus seirbhís atá fóirsteanach dóibh” a chur ar fáil. “Tuigim dóibh go huile is go hiomlán, go mór mór agus iad cleachtaithe leis an tseirbhís chéanna le 40 bliain”, a dúirt sí.

Dheimhnigh an Teachta Dála, Séan Kyne (FG) inné go raibh iarratas déanta aige siúd ar an Aire Stáit, Joe McHugh gan dul chun cinn le síneadh an chonartha don tseirbhís héileacaptair go hÁrainn.

Níl aon ráiteas déanta ag an Aire Stáit, Joe McHugh faoin scéal ón uair a dúirt sé nach mbeadh sé cuí aon rud a rá faoin bpróiseas atá fós ar siúl. Tá bagairt dlí déanta go lorgófar athbhreithniú breithiúnach faoin gcás. Tuigtear go bhfuil comhairle curtha ag Oifig an Ard-Aighne agus ag Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit faoina bhfuil ar siúl.

Fág freagra ar 'Aersheirbhís Árann le plé leis an Taoiseach'

  • Sean De Cleir

    Molaim go laidir go Tuairisc feachtas tacaiochta a sheoladh chun seirbhis eiteallain chuig na hOileain Arainn a choinneail. Nil ciall da laghad ag baint le seirbhis hEileacoipteir o Carnmor do na hOileain. Ni fheadar bhfuil agenda polataiochta ag baint leis seo? Cheapaim go bhfuil. Is fiu e sin a fhiosru. Tosnaigh feachtas go lua.