Tá éagsúlacht na n-imeachtaí ag IMRAM ar cheann de na tréithe is suntasaí a bhaineann leis an bhféile litríochta agus níor eisceacht féile na bliana seo.
Sa lochta sa Grand Social a bhí ‘Duanta Damnaithe: Tionscadal The Pogues’, an tionscadal is déanaí sa tsraith ina ndéanann IMRAM ‘traschruthú’ go Gaeilge ar shaothar chuid de mhórchumadóirí an cheoil. Ba é saothar na Pogues a bhí farainn an turas seo agus imeacht spreagúil a bhí ann gan aon agó. Mar is iondúil leis an tsraith seo ba iad Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile a chuir Gaeilge ar na hamhráin Béarla a chur ar na hamhráin. Ba é an t-amhránaí agus an file Marcus Mac Conghail, agus an banna ceoil Feirsteach, The Pogues, a chas na leaganacha nua.
Mar is gnách, d’aimsigh lucht IMRAM, agus Liam Carson mar cheann feadhna orthu, na ceoltóirí is oiriúnaí, d’aimsigh Margaret Lonergan na híomhánna cuí, agus cuireadh an t-iomlán ar stáitse ar bhealach fórsúil físiúil.
Chuir glór Mharcuis Mhic Conghail fuinneamh nua sna hamhráin gan baint de bhunspiorad an cheoil.
Chuir an obair traschruthaithe léargas nua ar fáil dúinn ar an mbunshaothar, agus fiú iadsan atá tugtha do na Pogues (rud nach bhfuilimse), b’fhacthas dóibh go raibh diminsean nua ag gabháil leis an gceolchoirm seo agus bhain siad súp aisti.
B’iontach mar a chuir Jane Farley agus Marcus clabhsúr ar an oíche le Sí Scéal Nua Eabhrac. Amhrán é seo atá, b’fhéidir, seanchaite agus clichéd faoin am seo i mBéarla, ach d’éirigh leis an mbeirt cor nua a chur ann, údar gaisce ann féin.
Ócáid thaitneamhach chomh maith a bhí i mórléamh próis na féile a raibh slua maith i láthair ann. Bhí ceathrar scríbhneoirí aitheanta ann agus saothair dá gcuid féin á léamh acu, maille le buaiteoirí an chomórtais splancfhicsin.
Scéalta le Alan Titley, Antain Mac Lochlainn, Orna Ní Choileáin agus Mícheál Ó Ruairc a cuireadh os ár gcomhair. Ina dhiaidh sin, chualamar na buaiteoirí Anthony Mac Mahon, Máire Dinny Wren agus Dairena Ní Chinnéide i mbun léimh agus léigh Cathal Poirtéir saothar na beirte eile a bhuaigh, Feargal Ó Béarra agus Pádraig Mac Con Uladh.
Níor leagadh aon rialacha síos maidir leis na píosaí a léadh – cé is moite de na píosaí splancfhicsin – agus bhí an-éagsúlacht dá réir sna scéalta a phléigh le gach ní ón spás go hUisce Éireann, ó dhúnmharú go caitheamh raithní. Luadh Freud agus fear scine.
Thaitin an fuinneamh lenar reic Dairena Ní Chinnéide a scéal go mór liom, ní áirím greann séimh Mháire Dinny agus greann dorcha Mhíchíl Uí Ruairc.
Táim cinnte go raibh a rogha féin ag gach duine a bhí bailithe isteach.
Dúirt Alan Titley tráth gurb ionann filíocht agus an rud nach sroicheann deireadh an leathanaigh agus más fíor tá an splancfhicsean gaolmhar leis an bhfilíocht. Feictear dom go bhfuil comharthaí sóirt láidre na healaíne bhéil ag baint leis an seánra seo chomh maith agus nuair atá smacht ag an reacaire ar éirim agus ar fhriotal an scéil is é is fearr é don éisteoir.
Ba é saoi Mhúscraí, an fathach de chuid cheol dúchasach na hÉireann, Peadar Ó Riada, a thug Léacht Uí Chadhain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar chuid den fhéile. ‘Fuaimeint Gaeil’ a bhí mar theideal na léachta, teideal a roghnaigh sé d’aon uaim chun ná beadh aon srian air ó thaobh ábhair!
Ba é a d’áitigh Ó Riada ná gurb é cultúr an Iarthair, arb ionann é i gcónaí agus cultúr láraithe na Róimhe, atá i réim abhus.
Cultúr é, dar leis atá mífheiliúnach do na Gaeil. Samhail ar bhain sé feidhm aisti go minic ná an míchompord a bhraitheann fear mór i gcóta beag, nó a mhalairt.
Mhaígh sé gur cultúr ‘ciorclach’ seachas ‘ingearach’ atá dúchasach dúinne, cultúr atá múnlaithe ag ár stair agus an tírdhreach.
Thug sé sampla an rince seite ina mbíonn chaon ochtar ar an urlár, iad á stiúradh ag cuisle ceoil an cheoltóra ach gach ochtar neamhspleách, agus gach rinceoir den ochtar neamhspleách, agus ornáidíocht dá gcuid féin acu.
Dar leis nach bhfuil radharc níos áille ná fear beag ag damhsa le bean mór!
Rinne sé dealú cúramach idir an ceol atá faoi smacht ag rithim, is é sin, buillí de réir uimhreacha, agus an ceol dúchasach a phreabann le cuisle an cheoltóra a mbíonn ar a chumas moilliú nó tapú de réir mar a fheileann dó.
Baineann an choimhlint idir an cultúr ‘ingearach’ agus an cultúr ‘ciorclach’ le gach gné den saol, an teanga san áireamh, a dúirt Ó Riada.
Tá soitheach cultúrtha an Ghaeil ina smidiríní faoi láthair, dar le Ó Riada. Agus go dtí go ndéanfaidh muid athshealbhú ar ár gcultúr féin sa saol, sa cheol agus sa teanga, beidh muid ar chuma an fhir mhóir gona chóta beag – míchompordach.
Sárléacht a bhí ann agus ba mhaith mar a bhain sé earraíocht as samplaí chun a théis a chur iúl dá lucht éisteachta. Lón machnaimh dúinn, gan amhras.
Níor mhiste a lua gur fógraíodh ar an oíche chéanna go mbeadh an léacht seo ar an gcéad cheann de sraith léachtaí mar chuid de chomóradh 1916.
Bhí slua breá i láthair i gClub Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn an 17 Deireadh Fómhair nuair a seoladh dhá shaothar nua.
I dtosach báire sheol Róisín O’Hara an cnuasach nuafhoilsithe gearrscéalta le Réaltán Ní Leannáin, dar teideal Dílis.
Mhol sí dearcadh sainiúil na mban sna scéalta, chomh maith leis an léargas ar leith ar an saol atá ag Réaltán de bharr gur tógadh í ar Bhóthar na bhFál aimsir na trioblóidí.
Tá macallaí na taithí sin le brath ar na scéalta ar fad, cé nach bhfuil ach ceann amháin acu ina dtéitear i ngleic go sonrach leis an tréimhse achrannach úd. Léigh Réaltán cuid den scéal áirithe sin, Teas, freisin.
Fiontar nua de chuid IMRAM is ea iris a fhoilsiú, fiontar fónta le blaiseadh den fhéile a thabhairt dóibh siúd nach dtig leo freastal ar an bhféile, nó ar gach imeacht.
Máirín Nic Eoin a chuir an iris inár láthair, ag tabhairt suntais don leagan amach físiúil atá ann, mar aon leis an gclóchur mealltach.
Bhí roinnt de na húdair i láthair le léamh as a gcuid saothar – gearrscéal le Dáithí Ó Muirí, agus dánta le Dairena Ní Chinnéide ina measc. Bhí Pádraigín Ní Uallacháin ann le cuid dá hamhráin nua a rá, roinnt acu bunaithe ar dhánta Nuala Ní Dhomhnaill.
Chuir Eoin Dillon leis an tsiamsaíocht lena phíobaireacht ghleoite. Tríd is tríd, ócáid thaitneamhach agus géarú goile le dul i ngleic leis na saothair a seoladh a bhí ann.
Ag deireadh na féile, chruinnigh slua mór isteach tigh Mac Grattan i lár Bhaile Átha Cliath chun ómós a thabhairt do dhuine de mhórfhilí na Gaeilge, is é sin Nuala Ní Dhomhnaill agus an moladh tuillte go mór aici.
Ardoíche mar sin mar chlabhsúr ar sheachtain a bhí lán le spleodar, fuinneamh agus éagsúlacht.
Breandán de Leigh
Is mór an trua go mbíonn na himeachtaí seo uilig ag gabháil ar aghaidh i mBéal Átha Cliath amháin. B’fhéidir go mbeadh sé ina smaoineamh ‘fófhéile’ nó an rud iomlán fiú, a dhéanamh in áiteanna eile ar fud na tíre ó am go h-am. Bá bhreá liom roinnt de na rudaí seo a fheiceáil nó a chloisteáil i mBéal Feirste, mar shampla, dá mbeadh an fhaill agam. Ach má fhanann sé i mBaile Átha Cliath ní dóiche go bhfeicfidh mé go deo é.