Acmhainní teagaisc an Atlas of the Irish Revolution le cur ar fáil i nGaeilge

Tá leaganacha Gaeilge de léarscáileanna, cáipéisí agus íomhánna as an leabhar Atlas of the Irish Revolution le cur ar fáil do dhaltaí

Acmhainní teagaisc an Atlas of the Irish Revolution le cur ar fáil i nGaeilge

Cuirfear acmhainní teagaisc speisialta faoi thréimhse réabhlóideach i stair na hÉireann ar fáil i nGaeilge den chéad uair an bhliain seo chugainn.

Tá sé fógartha go bhfuil Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, chun acmhainní teagaisc atá ar fáil i mBéarla faoi láthair a aistriú go Gaeilge agus deirtear go mbeidh siad ar fáil ó mhí Eanáir 2020.

Tá na hacmhainní bunaithe ar an mórleabhar Atlas of the Irish Revolution a foilsíodh in 2017. Tá ocht n-aonad teagaisc i gceist agus tá na hacmhainní feiliúnach do dhaltaí sa tSraith Shóisearach, san Idirbhliain nó sa tSraith Shinsearach.

Tá pleananna ceachta, pacáistí foghlamtha agus bileoga oibre mar chuid de na hacmhainní.

Tá léarscáileanna, cáipéisí agus íomhánna as an leabhar Atlas of the Irish Revolution ar fáil chomh maith agus é i gceist dearcadh nua a thabhairt ar stair shóisialta, chultúrtha agus pholaitiúil thréimhse réabhlóideach in Éirinn idir 1845 agus 1923.

D’íoslódáil os cionn 500 múinteoir in Éirinn agus thar sáile an chéad leagan de na hacmhainní le cúpla bliain anuas.

Iarradh ar mhúinteoirí moltaí a dhéanamh faoi na hacmhainní agus tá leagan nua de na hacmhainní Béarla ar fáil anois. Is é an leagan nua sin atá le haistriú go Gaeilge.

Fág freagra ar 'Acmhainní teagaisc an Atlas of the Irish Revolution le cur ar fáil i nGaeilge'