Achomharc an fheachtasóra Diarmaid Ó Cadhla faoi fhoirmeacha toghcháin le héisteacht amárach

Ciontaíodh Ó Cadhla anuraidh de bharr gur dhiúltaigh sé, ‘ar bhonn prionsabail’, foirmeacha a líonadh isteach a bhain lena fheachtas mar iarrthóir neamhspleách in olltoghchán na bliana 2011

Screen Shot 2015-07-27 at 15.35.24

Rachaidh an feachtasóir Diarmaid Ó Cadhla os comhair na Cúirte Cuarda i gCorcaigh amárach chun achomharc a dhéanamh in aghaidh a chiontaithe anuraidh as gan foirmeacha olltoghcháin a líonadh isteach.

Ciontaíodh Ó Cadhla sa chúirt dúiche mí na Nollag seo caite de bharr gur dhiúltaigh sé foirmeacha a líonadh isteach a bhain lena fheachtas mar iarrthóir neamhspleách i gCorcaigh Theas-Lár in olltoghchán na bliana 2011.

Tá ceisteanna ar na foirmeacha a bhaineann le cúrsaí airgid, áit a mbíonn ar iarrthóirí neamhspleácha a rá cé mhéad airgid a fuair siad agus cé uaidh a bhfuair siad é.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Cadhla go bhfuil “rialacha difriúla” ann i dtaobh na gceisteanna d’iarrthóirí neamhspleácha, le hais na gceann a leagtar síos d’iarrthóirí atá ag seasamh do pháirtithe polaitíochta.

Dúirt sé go mbíonn ceisteanna sna foirmeacha seo nach gá d’iarrthóirí na bpáirtithe polaitíochta a fhreagrairt, ach go bhfuil oibleagáid ar iarrthóirí neamhspleácha déanamh amhlaidh.

Deir Ó Cadhla go bhfuil an méid sin míbhunreachtúil agus tagraíonn go sonrach d’Airteagal 16 de Bhunreacht na hÉireann, mar a ndeirtear go bhfuil gach saoránach a ‘bhfuil bliain agus fiche slán’ aige ‘intofa ar chomhaltas Dháil Éireann’. Deirtear sa dara fochlásal den Airteagal céanna go bhfuil ‘ceart vótála’ ag ‘gach uile shaoránach…i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann’.

Lena chois sin, deir Ó Cadhla go bhfuil cead ag páirtithe polaitíochta “bolscaireacht a dhéanamh ar na páipéirí balóide”, rud a thugann buntáiste dóibhsean. Deir Ó Cadhla go mbíonn na “toghcháin míchothrom dá bharr”.

Gearradh pionós €300 ar Ó Cadhla de bhrí gur dhiúltaigh sé na foirmeacha a líonadh isteach, pionós nach bhfuil íoctha aige fós. “Dá líonfainn isteach [na foirmeacha], bheinn ag tacú le córas atá ag sárú cearta bunreachtúla na ndaoine”, a dúirt sé. “Is cuma liom faoin €300 a íoc; is ceist prionsabail é”, ar seisean.

Nuair a dúradh leis sa chúirt dúiche i gCorcaigh nárbh fhéidir leis cosaint a dhéanamh air féin ar bhonn bunreachtúil, mheabhraigh sé don chúirt gurbh é Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí (DPP) a thóg an cás ina aghaidh, thar ceann an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO).

Comhlacht neamhspleách is ea SIPO a scrúdaíonn síntiúis agus caiteachas toghcháin agus a choinníonn súil ar chaiteachas agus ar mhaoiniú stáit a fhaigheann páirtithe polaitíochta.

Fág freagra ar 'Achomharc an fheachtasóra Diarmaid Ó Cadhla faoi fhoirmeacha toghcháin le héisteacht amárach'

  • sean

    Fear prinseapálta ar deireadh thiar atá sásta cos a chur i bhfeac chun a chás a throid os comhair cúirte. Tá an-chuid oibre déanta agus á déanamh ag Diarmaid Ó Cadhla agus a chamthaí i gCorcaigh chun uisce fé thalamh (!) Uisce Éireann a stopadh freisin, tá na daoine múscailte acu agus anois tá fúthu an feachtas a leathnú amach agus bainfear barrthuisle as na boic mhóra bheathaithe sa Dáil, in ainneoin an oiliúnaí aclaíochta atá fostaithe acu ar chostas 56,000 euro sa bhliain. Nach bog atá an craiceann orthu.