‘Achainí seanduine’ – dán Nollag le Joe Steve Ó Neachtain

Is cúis áthais dúinn dán as cnuasach nua an sárscríbhneora Joe Steve Ó Neachtain a fhoilsiú inniu

candle-wax-621178_1920

Achainí seanduine

Bím ag scríobh

chuig Santa

ó fuair mé sean,

ach ní fhaigheann mé

mórán aird;

tá sé deacair, is dóigh,

an scríobh a léamh,

mar tá beagán creathadh

i mo láimh.

 

Bíonn mo stoca feiste

súil le Dia,

is é crochta

ar lúib an phota,

ach mugal fhéin

ní bhíonn dhá bharr

mar tá cúpla poll

sa stoca.

 

I ngan fhios don saol

a chuaigh mé in aois

is airím uaim an suáilceas,

go síoraí seasta

ag caint liom féin,

mar is minic aosta

uaigneach.

 

Ní bhíonn aon chrann

na Nollag agam,

níor chleacht mé

ach an cuileann,

ní mórán soilse

a bhíos i mo theach

is ní léir do Santa

an choinneal.

 

Sílim nach fiú

bheith ag scríobh níos mó

is ní chrochfaidh mé

aon stoca,

beidh mé ar mo ghlúine

ins an gclúid

is mé ag labhairt

le Santa i gcogar.

 

Theastódh éadach,

nó péire bróg,

mar tá airgead

sách gann,

ach níl mé ag iarraidh mobile phone

mar níl aon scil agam ann.

 

Le mála móna

a thabhairt isteach

is mó

a theastaíonn cúnamh,

is ó stromp na cosa

ní bhím in ann

a dhul ag aifreann

maidin Domhnaigh.

 

Ní iarraim, a Santa,

ach lúth na ngéag:

bheith in ann éirí

asam féin,

is a dhul ag an siopa

de shiúl mo chos,

ag iarraidh builín

is gráinne tae.

 

Is nuair a mhúchann

mo choinneal

faoi dheireadh thiar

bíodh m’anam ar stáid na ngrásta,

ná lig dom bás

a fháil liom féin

is beidh mise

sona sásta.

 

-Tá Fad Saoil,  cnuasach nua Joe Steve Ó Neachtain, ar fáil anois sna siopaí agus anseo ó Chló Iar-Chonnacht ar €10

 

 

 

Fág freagra ar '‘Achainí seanduine’ – dán Nollag le Joe Steve Ó Neachtain'