Achainí le déanamh ar an Rialtas go n-aithneofaí géarchéim teanga na Gaeltachta mar ‘riosca náisiúnta’

Tá dréacht den National Risk Assessment 2018 foilsithe cheana agus tá go dtí an 20 Meitheamh ag an bpobal moltaí a dhéanamh maidir le rioscaí náisiúnta eile ar chóir iad a chur leis an liosta

Achainí le déanamh ar an Rialtas go n-aithneofaí géarchéim teanga na Gaeltachta mar ‘riosca náisiúnta’

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go n-aithneofaí géarchéim teanga na Gaeltachta mar ‘riosca náisiúnta’ i gcáipéis nua de chuid an Rialtais ina leagtar amach na ‘rioscaí’ is mó atá ag bagairt ar an Stát.

Tá dréacht den National Risk Assessment 2018 foilsithe cheana ag an Rialtas agus tá go dtí an 20 Meitheamh ag an bpobal moltaí a dhéanamh maidir le rioscaí náisiúnta eile ar chóir iad a chur leis an liosta.

Dheimhnigh Conradh na Gaeilge do Tuairisc.ie inné go bhfuil aighneacht á hullmhú acu le cur faoi bhráid an Rialtais agus súil ag an eagraíocht teanga go gcuirfear cás na Gaeilge san áireamh mar riosca náisiúnta.

Díreoidh aighneacht Chonradh na Gaeilge ar chás na Gaeltachta go háirithe agus ar an mbaol atá ann don teanga sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Deir an Rialtas gur deis atá san National Risk Assessment (NRA) “to identify and debate strategic risks facing Ireland over the short, medium and long term” agus gur aithníodh sa chéad tuarascáil dá leithéid, a ullmhaíodh in 2014, “a number of risks that subsequently became major issues for society, including Brexit, risks to EU stability, risks around cyber security, and around housing supply”.

Sa dréachtcháipéis nua aithnítear rioscaí éagsúla a bhaineann leis an ngeilleagar, le cúrsaí geopholaitíochta, le cúrsaí timpeallachta, sóisialta agus teicneolaíochta.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí ceist na teanga, agus ceist na Gaeltachta leis an liosta sin.

Tá léirithe ag lucht taighde agus ag na figiúirí daonáirimh is déanaí go bhfuil an Ghaeilge ag dul i léig mar theanga an phobail sa Ghaeltacht.

Dar le húdair na tuarascála, Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, gur ar éigean go mbeidh an Ghaeilge beo mar theanga phobail sa Ghaeltacht faoi cheann deich mbliana.

Léirigh figiúirí Dhaonáireamh 2016, ar foilsíodh anuraidh iad, gur tháinig laghdú suntasach idir 2011-2016 ar líon na gcainteoirí Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais ar fud na Gaeltachta agus ar fud an stáit. 

Thit líon na gcainteoirí sin ó 23,175 in 2011 go dtí 20,856 in 2016, laghdú 11%.

Fág freagra ar 'Achainí le déanamh ar an Rialtas go n-aithneofaí géarchéim teanga na Gaeltachta mar ‘riosca náisiúnta’'

  • Joey Joe Joe Junior Shabado

    Nó is féidir moltaí a chur ar aghaidh go díreach chuig an rialtas faoin ndréachtphlean ach ríomhphost a sheoladh chuig nra@taoiseach.gov.ie
    Táthar ag lorg moltaí chuige.