Achainí déanta nach mbeadh iallach ar mhúinteoirí atá ag súil le páiste filleadh ar sheomraí ranga

‘Rioscaí scanrúla’ ann don bhean a tholgann Covid-19 agus don leanbh sa bhroinn de réir taighde idirnáisiúnta, a deir an grúpa feachtais

Achainí déanta nach mbeadh iallach ar mhúinteoirí atá ag súil le páiste filleadh ar sheomraí ranga

Tá achainí á déanamh ar an Roinn Oideachais ag grúpa ban atá ag súil le páistí “láthair shábháilte oibre” a chinntiú dóibh sula mbeidh orthu filleadh ar an seomra ranga.

De réir an chiorcláin is déanaí ón Roinn Oideachais faoi na socruithe don scoilbhliain nua deirtear go bhfuil ar mhúinteoirí atá ag súil agus nach bhfuil “cosaint ón vacsaín acu” filleadh ar an láthair oibre.

Dúirt urlabhraí ón ghrúpa nuabhunaithe Voice for Pregnant and Vulnerable Teachers and Special Needs Assistants le Tuairisc.ie go bhfuil “an-imní” ar mhúinteoirí faoi bheith ag filleadh ar an seomra ranga gan an dara vacsaín a bheith faighte acu.

“Coinníollacha oibre sábháilte” atá á iarraidh againn, a dúirt an t-urlabhraí, nár mhian léi go luafaí a hainm.  Tá cuid mhaith de na múinteoirí i gceist nach bhfuil conarthaí buana acu agus “faitíos” orthu labhairt amach faoin cheist seo, a dúirt sí.

“Táimid ag iarraidh ár mbuairt agus ár n-eagla a chur in iúl don Roinn Oideachais agus coinníollacha sábháilte a chinntiú dúinn nuair a osclóidh scoileanna arís.

“Is ionann coinníollacha sábháilte agus a chinntiú go bhfuil an dara vacsaín faighte ag múinteoirí sula bhfillfidh siad agus go bhfuil an scaradh sóisialta á chur i bhfeidhm sa scoil, rud nach bhfuil ag tarlú i go leor scoileanna.”

Maidir lena cás féin, dúirt urlabhraí an ghrúpa, ar múinteoir meánscoile í, nach raibh an scaradh sóisialta á chur i bhfeidhm ina scoil féin “mar nach raibh an spás ann” i gcuid mhaith de na seomraí agus nach raibh ach “achar slaite” idir a deasc féin agus deasc dalta ina seomra ranga.

“Gan an scaradh sóisialta agus an vacsaín, ní mhothaím sábháilte,” a dúirt sí.

Dúirt urlabhraí an ghrúpa nach bhfuiltear ag caitheamh “go cothrom” le múinteoirí atá ag súil le páistí agus cheistigh sí cur chuige na Roinne Oideachais maidir le filleadh chun na scoile ag deireadh na míosa.

Mheabhraigh sí nach bhfuil cead ag mná atá ag iompar ithe laistigh i mbialanna ná páirtí a bheith leo agus iad ag dul chuig coinne dochtúra in ospidéal.

“Tá na seirbhísí máithreachais ag rá go bhfuil na srianta seo i bhfeidhm toisc go bhfuil sé ródhainséarach do mhná atá ag iompar clainne daoine a ligint isteach san ospidéal. Ach tá an Roinn Oideachais ag seoladh múinteoirí atá ag iompar, gan lánvacsaín, ar ais go dtí an seomra ranga agus chuig suas le 270 dalta in aghaidh an lae – sin mar atá i mo chás féin mar mhúinteoir meánscoile,” a dúirt sí.

Maíonn an grúpa go bhfuil taighde idirnáisiúnta ann a léiríonn “na rioscaí scanrúla” atá i gceist don bhean a tholgann Covid-19 agus dá leanbh sa bhroinn.

Faoi láthair, moltar do mhná atá ag súil le páiste gan an vacsaín a thógáil go dtí go bhfuil 14 seachtain den toircheas caite agus gan í a fháil tar éis 36 seachtain.

Fág freagra ar 'Achainí déanta nach mbeadh iallach ar mhúinteoirí atá ag súil le páiste filleadh ar sheomraí ranga'