‘Ach caithfidh mé Máire a chur síos le codladh beag…’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhí ár gcolúnaí ag súil le freastal ar seó ach bhí plean eile ag Máire, an babóg nua ag an gCailín Mór Beag

Bábóg

“Ach caithfidh mé Máire a chur síos le codladh beag,” a dúirt an Cailín Mór Beag agus í ag diúltú an teach a fhágáil. Bhí an fhéile drámaíochta do pháistí, Babóró, ar siúl agus bhí ticéidí ceannaithe againn do cheann de na seónna. Cheap mé go mbeadh sé iontach.

Thosaigh muid ag réiteach agus neart ama againn. Shamhlófá go mbeifeá in ann chuile dhuine a mhealladh amach as an teach le dhul chuig seó.  

Bhí a fhios agam go mbraithfeadh sé ar go leor rudaí – ar shláinte, giúmar, an ghealach a bheith lán – an mbeadh muid in ann dhul chuig an seó in am? Bíodh an diabhal aige, a dúirt mé, is cheannaigh mé na ticéid. Chreid mé go mbeadh muid in ann é a dhéanamh. Is maith an rud é an dóchas. 

Níor thuig mé go mbeadh sé ag brath ar sceideal codlata na babóige nua chomh maith. Nóiméad roimhe sin, cheap mé go raibh an beart déanta.

Bhí muid réidh. Bhí cótaí ar chuile dhuine, bhí na clúidíní glan, bhí na turais go dtí an leithreas déanta, bhí na deochanna uisce ólta agus bhí na málaí bailithe. Bhí muid faoi réir. Dá bhfágfadh muid an teach an t-am sin, bheadh muid fós in am.

Cheap mé go raibh linn. Ach is ansin a tháinig an fógra.

Bhí a babóg, Máire, ina gabháil ag an gCailín Mór Beag agus í ag coinneáil an súdar léi agus ag cuimilt a droim. “Níl sí in ann titim ina codladh agus tá sí an-tuirseach,” a mhínigh sí. Ní hí an t-aon duine, a chuimhnigh mé, agus d’airigh mé preab i mo shúil. Thóg mé anáil dhomhain. Thosaigh mé ag comháireamh go dtí a deich.

“Chuirfinn geall leat go gcodlódh sí sa mbugaí beag,” a mhol mé ansin di agus tharraing an bugaí anuas ón tseilf ag súil go mb’fhéidir go raibh seans eicínt fós ann. Bhreathnaigh sí ar an mbugaí agus chuimhnigh sí uirthi féin ar feadh meandair. D’ardaigh mo chroí.

No.” a dúirt sí ansin. Tá sí ag iarraidh a leaba féin.” An cinneadh déanta, thosaigh sí ag déanamh a beala’ suas a’ staighre agus a babóg faoina hascail aici.

Bhí an cath caillte.

Th’éis scaithimh, chuaigh mé suas staighre ina diaidh go bhfeicfinn cén chaoi a raibh ag éirí léi. Chuaigh mé isteach sa seomra. Ní raibh aon amharc uirthi.

Ach ansin, chonaic mé a cloigeann beag ag gobadh amach ó na pluideannaí. Bhí sí ina codladh go sámh, Máire fáiscthe isteach te, teolaí, lena taobh.

Fág freagra ar '‘Ach caithfidh mé Máire a chur síos le codladh beag…’'