Ábhar ó Bhailiúchán na Scol agus saothar le Bach agus Tommy Potts roghnaithe do mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon

Roghnaíodh 15 togra as 55 iarratas do mhaoiniú €90,000 a bheidh á chur ar fáil do thaifeadtaí agus d’fhoilseacháin thraidisiúnta

Ábhar ó Bhailiúchán na Scol agus saothar le Bach agus Tommy Potts roghnaithe do mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon

Tá bailiúchán nua amhrán a bheidh bunaithe ar Bhailiúchán na Scol agus albam fidléireachta ina mbeidh Bach agus Tommy Potts le cloisteáil air i measc na dtaifeadtaí traidisiúnta a bheidh á maoiniú ag an Chomhairle Ealaíon i mbliana.

€90,000 a bheidh á chur ar fáil ag an Chomhairle Ealaíon do thaifeadtaí agus d’fhoilseacháin thraidisiúnta faoi Scéim Taifid agus Foilsitheoireachta Deis i mbliana.

Is é Lorcán Mac Mathúna, amhránaí ar an sean-nós as Corcaigh, a thabharfaidh faoin albam amhrán ó Bhailiúchán na Scol.

Eiseofar chomh maith bailiúchán d’amhráin a bhailigh Nioclás Mac Craith as an Rinn agus iad á gceol ag a mhac Cárthach Mac Craith, amhránaí sean-nóis as an Rinn.

Bhí de cháil ar Nioclás Mac Craith, a bhásaigh níos luaithe i mbliana, go raibh sé ar dhuine de na saineolaithe ba mhó ar stair, ar sheanchas, ar chraobhacha ginealaigh, ar litríocht agus ar Ghaeilge Ghaeltacht na nDéise.

Beidh bailiúchán nua de Ceoltaí Oirialla á thaifeadadh ag Pádraigín Ní Uallacháin faoin scéim chéanna, agus an uair seo cuirfidh sí dhá dhlúthdhiosca amach de cheol an cheantair sin. Fágann sin go mbeidh 50 amhrán Gaeilge ó cheantar Oirialla ar fáil anois mar chuid de shraith Ceoltaí Oirialla.

Cuirfidh Gerry O’Connor, fidléir cáiliúil de chuid an cheantair chéanna, leagan nua de The Dance Music of Oriel amach faoin scéim i mbliana. Airítear gur foinse luachmhar é an leabhar sin de thiúineanna de chuid cheantair Oirialla a bhailigh an tOirmhinneach Luke Donnellan i 1909.

Tá maoiniú faighte ag an cheoltóir bainseó Angelina Carberry do thionscadal ina ndéanfar athbheochan ar cheol as contae Longfoirt nach gcloistear go coitianta a thuilleadh.

Is í Aoife Ní Bhriain, fidléir as Baile Átha Cliath, a thabharfaidh faoi nasc a dhéanamh idir ceol Bach agus Tommy Potts agus í ag obair ar a céad albam aonair.

I measc na saothar ceoil eile a fuair maoiniú faoin scéim, tá albam le Paul Harrigan, píobaire as Inis Eoghain i nDún na nGall, a dhíreoidh ar cheol píobaireachta de chuid an chontae sin; albam le beirt cheoltóirí óga, Doireann Ní Ghlaicín agus Sarah Flynn, a dhéanfaidh ceiliúradh ar phíosaí ceoil atá luaite le ceoltóirí ban de chuid thús an fichiú haois agus eisiúint nua le  Zoë Conway agus Julie Fowlis, ina ndéanfar ceangal idir dánta, amhráin agus ceol ó Albain agus ó Éirinn.

Bhí 55 iarratas san iomaíocht i scéim Deis na bliana seo agus roghnaíodh 15 togra as na hiarratais sin. Is iad Áine Hensey, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus na ceoltóirí Cormac Breatnach agus Paudie O’Connor a roghnaigh na tograí ceoil thraidisiúnta a bheidh á maoiniú ag an Chomhairle Ealaíon i mbliana.

Anuraidh chuir an Chomhairle Ealaíon €110,450 ar fáil do 19 togra sa cheol traidisiúnta faoin scéim chéanna.

Fág freagra ar 'Ábhar ó Bhailiúchán na Scol agus saothar le Bach agus Tommy Potts roghnaithe do mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon'