‘Ábhar misnigh’ do TG4 an maoiniú breise a bheidh aige in 2018 – Esslemont

Ardú €2 milliún ar an €34m a cuireadh ar fáil don stáisiún i mbuiséad na bliana seo caite atá faighte ag TG4 - €1m airgead caipitil agus €1m airgead reatha

‘Ábhar misnigh’ do TG4 an maoiniú breise a bheidh aige in 2018 – Esslemont

Ard-stiúrthóir TG4 Alan Esslemont

Is ar ábhar a sholáthrófar faoi straitéis nua dhigiteach TG4 a chaithfear an €2 milliún breise a ceadaíodh don stáisiún Gaeilge i mBuiséad 2018, a deir Ardstiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont.

Dúirt an Roinn Cumarsáide go bhfuiltear ag súil go gcaithfear formhór an airgid atá curtha ar fáil do TG4 ar chláir agus ábhar eile a chraolfar ar an stáisiún teilifíse féin agus ar ardáin idirlín TG4.

Dúradh freisin go bhfuiltear ag súil go gcaithfear an t-airgead caipitil ar infreastruchtúr nua “atá riachtanach” le seirbhísí a chur ar fáil do chainteoirí rialta Gaeilge agus le teacht ar sciar níos mó den lucht féachana náisiúnta teilifíse.

Cuirfear €36 milliún ar fáil do TG4 in 2018, €34 milliún in airgead reatha agus €2m in airgead caipitil. Is ardú €2 milliún é sin ar an €34m a cuireadh ar fáil don stáisiún i mbuiséad na bliana seo caite. Is airgead caipitil atá i gceist le €1 milliún den airgead breise sin agus airgead reatha an €1m eile.

Dúirt Alan Esslemont le Tuairisc.ie aréir gur “ábhar misnigh” atá sa mhéadú ar bhuiséad TG4 do 2018 agus gur “ábhar dóchais” é go bhfuiltear “ag dul sa treo ceart”.

“Caithfear an chuid is mó de ar ábhar digiteach agus ar chláir mar atá leagtha amach sa phlean digiteach. Tá sé i gceist againn go leor den airgead a chur amach ag an earnáil neamhspleách agus cur leis an ábhar atá á sholáthar ansin, agus cur leis an ábhar sin i nGaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur léiriú é an t-ardú maoinithe ar an tacaíocht a thugann an Roinn do TG4 agus an mhuinín atá ag an Roinn as an stáisiún.

“Léiríonn sé tacaíocht na Roinne agus na bpáirtithe polaitíochta uilig. Tá muid dírithe go hiomlán ar an bplean seo, agus feictear domsa go bhfuil tacaíocht láidir againn san earnáil neamhspleách. Níl aon rud curtha i gcrích fós, ach táimid tosaithe air cheana, agus tá an chreatlach leagtha amach, agus beidh muid in ann cur leis sin,” a dúirt sé.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont le Coiste Oireachtais na Gaeilge le gairid  go dteastódh €6 mhilliún breise thar thréimhse cúig bliana le “stad a chur le síorthitim” lucht féachana TG4 agus chun go bhféadfadh an stáisiún Gaeilge “fás arís”. Thug sé le fios go dtiocfadh “an pointe go dtosófaí ag dó ola agus go dteipfeadh ar an inneall” mura gcuirfí maoiniú breise ar fáil. €4 milliún a bhí á lorg ag an stáisiún don bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Ábhar misnigh’ do TG4 an maoiniú breise a bheidh aige in 2018 – Esslemont'

  • Sean

    Ta re na teilise rite….rite….rte