Ábhar machnaimh – d’íoc Kelloggs cáin €7m ar bhrabach €7.1bn san Eoraip

Cén feabhas ar sheirbhísí stáit atá riachtanach? Conas a íocfar as? Tá freagraí tugtha i gcáipéis nuafhoilsithe a thuilleann machnamh

tony-the-tiger

Tá dhá cheist shimplí á meá faoi láthair ag an rialtas, agus ag go leor daoine eile.

1. Cén laghdú ar cháin agus ar tháillí stát-údaraithe eile ba chóir a chur i bhfeidhm de réir mar a neartaíonn an geilleagar agus ioncam an rialtais dá réir?

2. Cén sciar den laghdú ar phá sa tseirbhís phoiblí ba chóir a thabhairt ar ais?

3. Cé mhéad airgid ba chóir a chaitheamh ar fheabhsú seirbhísí stáit, go háirithe ar fheabhsú na seirbhísí stáit a ciorraíodh go mór ó thosaigh ré na géire i 2008?

Bí cinnte gur ar an gcéad dá cheist is mó a tharraingeofar ár n-aird. Mura bhfuil seirbhís stáit ag teastáil go géar ónár bhformhór, is mó ár spéis in aon athrú a rachaidh chun sochair dúinn. Laghduithe ar cháin, cealú táillí uisce, liúntais bhreise, arduithe ar phá agus a leithéid.

Is é an cóimheá a theastaíonn idir na riachtanais thuas agus riachtanais thabhachtacha eile a phléitear i gcáipéis* thoirtiúil atá díreach foilsithe ag Social Justice Ireland (SJI).

Is éard a theastaíonn sa tír, dar leo, cur chuige a dheimhneoidh riar inbhuanaithe ar an státchiste; cáin chothrom, seirbhísí réasúnta, dea-rialú, agus riar inbhuanaithe ar ár gcomhshaol. Níl spás anseo leis an gcaiteachas breise ar thithíocht, mar shampla, ná ar chúrsaí sláinte (agus ar bhunú na n-ionad lae nua príomhchúraim ar fud na tíre go háirithe) a chíoradh. Ach is fiú tagairt a dhéanamh don ardú ar cháin a mholtar.

Thagair an t-eacnamaí Seán Healy ó SJI do thuairisc san Irish Times Dé Mairt a thaispeáin go ndearna an comhlacht ilnáisiúntach Kelloggs brabach €7.1bn ar dhíolacháin san Eoraip a lonnaíodh ó thaobh cánach de in Éirinn le cúig bliana anuas. Níor íoc an comhlacht ach cáin €7m abhus ar an mbrabach sin, de réir na tuairisce.

Is léir le fada nach n-íocann comhlachtaí ilnáisiúntacha an ráta oifigiúil cáin corparáideach (12.5 faoin gcéad). Dá gcinnteodh an rialtas go n-íocfadh gach comhlacht sé faoin gcéad ar a laghad, a dúirt Seán Healy, bheadh €1bn sa bhreis ar a laghad le caitheamh gach bliain ag an rialtas.

Bheadh cóir ghaoithe idirnáisiunta freisin ag an rialtas dá dtabharfaidís faoin obair seo. Go deimhin, tá brú á chur orthu cheana féin ag an OECD agus i dtíortha éagsúla deireadh gan mhoill a chur leis an ‘Double Irish’ agus le córais chuntasaíochta éagsúla faoina seachnaíonn Kelloggs, Apple agus a leithéid cáin go dleathach.

Ach is doimhne an cheist mhór atá á tarraingt anuas ag Seán Healy, ar fiú é a phlé i gceart idir seo agus lá na vótála. Cén feabhas ar sheirbhísí stáit a theastaíonn dáiríre, agus conas is feidir íoc as?

* Is féidir teacht ar an gcáipéis, Towards a Just Society: Securing Economic Development, Social Equity and Sustainability’, ar an lionláithreán www.socialjustice.ie

Dá mbeadh Carlsberg i mbun saoire Dála…

Is ar éigean a chuirfeadh grúdairí na Danmhairge laethanta saoire níos faide ar fáil dá mbeidís i gceannas i dTeach Laighean.

Bhí briseadh breá fada ag an Dáil roimh Lá Fhéile Pádraig agus ina dhiaidh, ó 12 go dtí 24 Márta. Mar is gnáth, níor chiorraigh an briseadh dhá lá déag sin saoire na Cásca.

Cuireadh an Dail ar atráth Déardaoin seo caite, 2 Aibreán. Tiocfaidh Teachtaí Dála le chéile arís Dé Céadaoin seo chugainn, tar éis saoire 13 lá. Cloistear gearáin sa Dáil go minic, le linn réimse oifige gach rialtais, nach bhfuil dóthain ama ar fáil chun ceist thábhachtach éigin a phlé. Bhí 124 lá díospóireachta ag an Dáil anuraidh, agus 36 lá go dtí seo i mbliana.

Fág freagra ar 'Ábhar machnaimh – d’íoc Kelloggs cáin €7m ar bhrabach €7.1bn san Eoraip'