A sprioc sáraithe ag muintir an tSratha Báin nach bhfuil sásta fanacht go dtí an samhradh do shoilse Nollag Gaeilge

Tá dhá fhoirgneamh trí stór aimsithe ag lucht an fheachtais bailithe airgid agus cead faighte ag a n-úinéirí ‘dea-chroíocha’ na soilse a chrochadh orthu ‘in áit iontach feiceálach’

A sprioc sáraithe ag muintir an tSratha Báin nach bhfuil sásta fanacht go dtí an samhradh do shoilse Nollag Gaeilge

Tá a sprioc sáraithe ag pobal an tSratha Báin agus os cionn £2,600 bailithe ar an suíomh bailithe airgid Just Giving le soilse Nollag Gaeilge a cheannach don bhaile.

Cuireadh an feachtas bailithe airgid ar bun nuair a bheartaigh an Chomhairle Ceantair gur cheart próiseas comhairliúcháin a chur ar bun sular dtabharfaí cead soilse Gaeilge a chrochadh faoi Nollaig.

Vótáil na comhairleoirí go gcuirfí Alt 75 d’Acht Thuaisceart Éireann i bhfeidhm faoina gcaithfear measúnacht tionchair comhionannais a dhéanamh go bhfeicfí cén tionchar a bheadh ag gníomh na Comhairle ar náisiúnaithe, aontachtaithe agus mionlaigh eitneacha.

Crochfaidh an Chomhairle Ceantair soilse “oifigiúla” i mBéarla amháin a fhad is a bheidh an mheasúnacht tionchair comhionannais á chur i gcrích. Meastar go dtógfaidh an próiseas suas le 12 seachtain agus go ndéanfar tuilleadh taighde ina dhiaidh sin sular bhfoilseofar tuarascáil faoi. Fágann sé sin nach mbeidh toradh ar an bpróiseas go dtí samhradh na bliana seo chugainn.

Bheartaigh Seán Ó Daimhín, ón Srath Bán, an feachtas a chur ar bun go mbeifí in ann na soilse a cheannach beag beann ar an gComhairle Ceantair.

“Cuirimis in iúl don saol mór gur le gach páiste, gach bean, agus gach fear an Ghaeilge, agus nach gá go mbeadh uirthi dul fríd aon ‘tástáil oiriúnachta’ le go mbeadh beannacht shimplí ar nós ‘Nollaig Shona’ le feiceáil ar foluain go breá bródúil i lár an tSratha Báin.

“Taispeánaimis do pháistí na Gaelscoile agus dá dteaghlaigh ar fad, go bhfuil fáilte rompu, gan cheist, gan teist, ina mbaile dúchais féin, agus iad ag labhairt a dteanga dúchais féin,” a scríobh an fear a bhunaigh an feachtas bailithe airgid.

Tá dhá fhoirgneamh trí stór aimsithe ag Ó Daimhín agus cead faighte ag a n-úinéirí “dea-chroíocha” na soilse a chrochadh orthu “in áit iontach feiceálach”.

Fág freagra ar 'A sprioc sáraithe ag muintir an tSratha Báin nach bhfuil sásta fanacht go dtí an samhradh do shoilse Nollag Gaeilge'