A Shantaí a chara, tá sé in am in am déirce agus súdaireachta arís…

Is minic gurb iad an dream is mó a mbíonn acu a bhíonn ar thóir na rudaí is fánaí, a deir ár gcolúnaí agus é ag scríobh chuig Santaí thar cheann lucht spóirt

A Shantaí a chara, tá sé in am in am déirce agus súdaireachta arís…

A Shantaí, a chara,

Tá sé in am déirce agus súdaireachta arís agus mar atá ar d’eolas féin go maith faoi seo, is minic gurb iad an dream is mó a mbíonn acu a bhíonn ar thóir na rudaí is fánaí.

Tóg imreoir na New England Patriots Tom Brady mar shampla. Ní móide go bhfuil mórán imreoir sa bPeil Mheiriceánach is saibhre ná an Brádach agus sa mullach air sin, is duine de na ‘sármhainicíní’ seo í an bhean atá pósta aige.

Féach mar sin féin nach bhfuil Tom bocht a iarraidh don Nollaig ach teannaire rothair.

Níl barúil faoin spéir aige céard is cúis leis, ach nach bhfuil sé tarlaithe cúpla geábh go n-imíonn an t-aer as an liathróid agus é féin agus na Patriots ag imirt sa mbaile – fuacht an aeir i mBostún seans, ach ní móide go bhfuil tusa, dá fheabhas tú, in ann aon bhlas a dhéanamh ina thaobh sin.

Níos measa ná sin fós, nach bhfuil an milleán buailte ag na húdaráis ar Tom bocht agus fionraíocht ceithre chluiche curtha isteach aige. Bhí sé tamall ag cuimhneamh ar dhul chun cúirte, ach tá sin caite as a chloigeann anois aige agus é den bharúil dá dtabharfá ceann de na teannairí dubha sin a bhíodh ag an seandream fadó chuige go réiteodh sin a chás.

Ní ceal cúnaimh a bheidh sé ar an taobhlíne le dhul ag pumpáil, de réir mar a fheicimse sa gcorrchluiche a mbreathnaím ar an teilifís air!

An bhfuil a fhios agat céard é fhéin ach go ndearna tú dearmad anuraidh nuair a d’iarr mé ort siosúr a thabhairt chuig Marouane Fellaini. Raca, nó cíor mar a deir an Muimhneach, a thug tú dó agus bheadh sé níos éasca caisleán a dhéanamh san aer ná an raca céanna a tharraingt tríd an gcoca féir atá ar bharr a chinn siúd. Ní hamháin sin ach tá lucht leanta Manchester United ag tosú ag tabhairt íde béil anois dó agus tá a bhainisteoir ag ceapadh gur amhlaidh nach bhfuil feiceáil cheart ag an imreoir ar an liathróid. Nuair a bheas a chion déanta ag Fellaini, tabharfaidh sé an siosúr do Zlatan Ibrahimovic, ar geall le heireaball capaill an pónaí atá siar as féin. Níor mhiste liom, ach tá sé chomh gar don dá scór agus atá sé don tríocha.

marouane-fellaini

Luaigh mé Jose Mourinho ansin agus m’anam ach go bhfuil seisean é féin ag fáil a dhóthain spídiúlachta in Old Trafford faoi láthair (agus ní toisc a chuid gruaige a bheith ag dul ina chuid súl is cúis leis ach an oiread). Tá faitíos air fiú go mb’fhéidir go bhfaigheadh sé bóthar ag deireadh an tséasúir agus ós rud é gur fearr leis an diabhal ná an díomhaointeas (agus gan aon duine a bheith ag caint air), tá sé ag iarradh go mbeadh dúshlán nua réitithe faoina chomhair.

Tá beagán staidéir déanta aige ar stíl bhainistíochta Davy Fitzgerald agus é go láidir den tuairim go réiteodh siad beirt go maith lena chéile – go háirithe anois ós rud é nach bhfuil Dónal Óg thart le foighid a chur sa nGearaltach. Cuir cogar ina chluas siúd, má fhéadann tú.

Bhí Jose ag cuartú leabhair freisin. ‘A Guide to Taxation’ an teideal atá air. Bhí ceann ag Sam Allardyce, ach tá mé ag ceapadh gur chaill sé é. Bhí leagan Spáinnise ag Lionel Messi ach tá sé sin é féin gafa amú agus má tá sé foilsithe sa bPortaingéilis, níor dhochar é a chaitheamh faoin bpiliúr ag Cristiano Ronaldo.

Tá Pat Hickey é féin ag iarraidh, ach tá an fear bocht i sáinn, más ceadmhach dom é a chur ar an gcaoi sin. Ní raibh a fhios aige agus é ag scríobh chugat arbh é seoladh na Brasaíle nó na hÉireann ba chóra dó a chur ar an litir, ach ná déan dearmad air.

Ós ag caint ar an mBrasaíl é, an cuimhneach leat iad siúd uilig a bhí i mbun na moltóireachta ag na babhtaí dornálaíochta ansiúd ag na Cluichí Oilimpeacha – dearbhán do Specsavers do chuile mhac máthar agus iníon athar acu. Agus dá ndéarfainn é, maide bán dóibh siúd a bhí i bhfeighil na dtroideanna a rinne Katie Taylor agus Michael Conlon.

Sula bhfágfaidh mé na Cluichí Oilimpeacha i mo dhiaidh, tá seans ann go bhfuil tú eolach ar an raic ar fad atá tite amach faoi na Rúisigh. Tá mé ag dul amú nó beidh gach a bhfuil de bhoinn atá buaite acu le ceithre scór bliain ar a laghad le baint díobh siúd, ach fágfaidh mé faoin IOC é labhairt leat faoina mbailiú.

Ní chaithfidh tú i bhfad i bPáirc an Chrócaigh an Oíche Nollag seo, ach mar sin féin déanfaidh tú fíor-ghar do theanga na nGael ach an ‘Tá’ agus an ‘Níl’ sin atá ag Hawkeye a chrochadh leat agus ‘Scór’ agus ‘Amú’, nó a leithéid, a fhágáil i do dhiaidh.

Seachain ar chraiceann do chluaise an dtabharfá aon chuireadh bainise chuig Wayne Rooney. Tá sé ráite aige dá bpósfadh sé féin arís nach dtiocfadh sé ar an mbainis, leis an réabadh a tharla nuair a d’ól sé cúpla deoch ag an gceann deiridh ar fhreastail sé uirthi.

Tá mé ag ceapadh nach ndearna tú aon iontas nuair a chuala tú faoin ngráin atá ar Chromail i gCúige Chonnacht. Bhuel, nuair a bheas tú ag dul timpeall chucu siúd atá ina n-ionadaithe ar Choiste Laighean de chuid Chumann Lúthchleas Gael, meabhraigh dóibh go bhfuil an baol ann gurbh é an meas céanna a bheas orthusan, mura dtabharfaidh siad a gcearta d’iománaithe na Gaillimhe, atá ag iarraidh deis fanacht gar don bhaile corrDhomhnach i rith an tsamhraidh.

Agus maith an fear, tabhair veist nó t-léine chuig an Conor McGregor sin – ceann a bhfuil muinchillí fada uirthi, má fhéadann tú ar chor ar bith é. Tá amharc na súl bainte díom agus de go leor eile, lena bhfuil de thatúnna ar a cholainn. Ní fhaca tú a shamhail ariamh ach cat siopa nuair a bhíonn sé feistithe ina chulaith éadaigh agus ina charbhat. Is geall le fuinneog an Teampaill Mhóir i nGaillimh é nuair nach mbíonn air ach an dráirín.

Mo chuid den Nollaig ort agus oraibh ar fad.

Mártan

PS. Níl a fhios agam an bhfágann an cúpla cúrsa gailf atá aige go bhfuil fear nua Mheiriceá, Domhnall Mac an Trumpa i dteideal a bheith ar liosta an lucht spóirt ó thaobh bronntanais. Bíodh nó ná bíodh, dhéanfá grá Dia ach lián, cúpla tonna stroighne agus cúpla céad bríce a chaitheamh taobh amuigh den Túr. Dá dtosódh sé ar an mballa, cá bhfios nach bhfanfadh sé leis go mbeadh sé déanta aige agus b’fhéidir, ach an t-ádh a bheith orainn, nach gcloisfeadh muid aon trácht arís air go mbeadh a théarma istigh.

Fág freagra ar 'A Shantaí a chara, tá sé in am in am déirce agus súdaireachta arís…'