A rún maidir le costas a lógó nua scaoilte ag Údarás na Gaeltachta

Dhiúltaigh Údarás na Gaeltachta a rá le Tuairisc.ie roimhe seo cén costas a bhí ar a lógó nua nó cén comhlacht a fostaíodh chun é a dhearadh

A rún maidir le costas a lógó nua scaoilte ag Údarás na Gaeltachta

Tá a rún maidir lena lógó nua scaoilte ag Údarás na Gaeltachta.

Dhiúltaigh Údarás na Gaeltachta a rá le Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo cén costas a bhí ar a lógó nua nó cén comhlacht a fostaíodh chun é a dhearadh.

Ach tá an t-eolas sin curtha ar fáil anois acu i bhfreagra ar cheist Dála a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh ar Aire na Gaeltachta.

€3,800 móide cáin bhreisluacha a d’íoc an tÚdarás leis an gcomhlacht New Graphic, atá lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath, chun an lógó nua a chur ar fáil dóibh.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le fios gur roghnaigh an tÚdarás New Graphic chun an lógó a dhearadh toisc gurb iad a rinne an suíomh idirlín nua a fuair an eagraíocht Ghaeltachta i mbliana. Bhí an-chur amach ag New Graphic ar obair an Údaráis dá bharr.

Bhuaigh New Graphic an conradh chun suíomh idirlín nua a chur ar fáil don Údarás i gcomórtas oscailte ar etenders.ie.

€47,000 an costas a bhí ar an suíomh nua.

Níor reáchtáladh comórtas oscailte i gcás an lógó “de bharr an costas a bheith faoin tairseach chostais mar a bhaineann sé le rialacháin soláthair poiblí”.

Dhiúltaigh an tÚdarás an t-eolas sin a chur ar fáil do Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo.

“Níl sé cuí ag an staid seo ainm an chomhlachta ná an costas a caitheadh leis a shonrú de bharr leochaileacht tráchtála. É sin ráite is féidir a dhearbhú gur déanadh an obair dheartha ar chostas íseal agus fíor-réasúnach,” a dúradh.

Dhá lógó a bhí ag Údarás na Gaeltachta go dtí seo, ceann a d’eascair ó bhrandáil Ghaeltarra Éireann a bhí ann nuair a bunaíodh an eagraíocht i 1980. Forbraíodh branda nua don eagraíocht i 1996.

Mar chuid de chomóradh 40 bliain na heagraíochta a beartaíodh lógó a fháil “a thabharfadh aitheantas d’fhéiniúlacht na Gaeltachta agus do ról an Údaráis inti” le dhá scór bliain anuas.

Suaitheantas a bhí uathu a leagfadh béim “ar nuálaíocht, ar cheannródaíocht agus ról lárnach an Údaráis i ngach a tharlaíonn sa Ghaeltacht”.

Dúirt urlabhraí ón Údarás go raibh dearadh an lógó nua “bunaithe ar an gcoincheap gur áit shainiúil í an Ghaeltacht agus go bhfuil Údarás na Gaeltachta fite fuaite i chuile ghné de shaol sin na Gaeltachta”.

Dúirt sé go raibh “cruth láidir, glan agus soiléir” ar an lógó ar chosúil é le “marcóir digiteach ar mhapa” rud a “cheanglaíonn” an tÚdarás “go dlúth leis an gceantar ar a bhfuil sé ag freastal”.

Mhaígh sé go dtugann an fíochán nó an sníomh atá ar na línte ag bun an mharcóra le fios “go bhfuil an eagraíocht fite fuaite i ngach a bhaineann leis an nGaeltacht” agus go dtugann an lógó “nod” freisin faoi chuid d’earnálacha traidisiúnta na Gaeltachta ar nós na fíodóireachta.

Fág freagra ar 'A rún maidir le costas a lógó nua scaoilte ag Údarás na Gaeltachta'

  • Cormac Ó hAodha

    Go raibh maith agaibh i Tuairisc.ie as an gceist a thógaint agus grma le Aengus Ó Snodaigh chomh maith.

    Tá an lógó go deas. Ach an fiú €3,800 móide cáin bhreisluacha a chaitheamh air?

    Cá bhfuil an Ghaeilge sa lógó?

    “Níor reáchtáladh comórtas oscailte i gcás an lógó “de bharr an costas a bheith faoin tairseach chostais mar a bhaineann sé le rialacháin soláthair poiblí”. – an-lag mar ráiteas/chosaint.

    Dá mbeadh an deis faighte ag duine aonair ar dearthóir graifice/saineolaí margaíochta é/í nó fiú comhlacht sa Ghaeltacht ba mhó an seans go mbeadh Gailge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht le brath sa lógó anois ag Údarás na Gaeltachta….. agus bheadh deis ag duine/comhlacht éigin sa Ghaeltacht bheith in iomáíocht ar a laghad do €3,800 móide cáin bhreisluacha.

    Cad chuige an rúndacht ar fad?

  • Donncha Eile

    Cén fáth nach bhféadfaí an méid sin a rá ón tús murach go bhfuil siad ag ceilt rudaí? Cosaint lag. Lógó gan brí, gan Gaelachas, gan “dluth cheangal”.