‘A Mhuire Mháthair!’ – físeán d’Adrian Dunbar ag amhránaíocht i nGaeilge á scaipeadh ar líne

D’fhoghlaim Dunbar amhrán i nGaeilge mar chuid den tsraith ‘Faoi Lán Cheoil’ a craoladh ar TG4 in 2008

‘A Mhuire Mháthair!’ – físeán d’Adrian Dunbar ag amhránaíocht i nGaeilge á scaipeadh ar líne

Adrian Dunbar. Pictiúr: TG4

Agus deireadh tagtha leis an tsraith is deireanaí den chlár iomráiteach Line of Duty an deireadh seachtaine seo, tá físeán de dhuine de phríomhaisteoirí na sraithe ag canadh amhrán Gaeilge á scaipeadh ar na meáin shóisialta.

Is é an t-aisteoir Adrian Dunbar a rinne páirt Ted Hastings sa chlár atá á chraoladh ar BBC ó 2012. Tá cáil ar Hastings as nathanna cainte Éireannacha – ‘Mother of God!’, ‘Now we’re sucking diesel’ – a úsáid a cuireann mearbhall uaireanta ar a chomhghleacaithe agus ar an lucht féachana i Sasana.

Agus an clár agus na haisteoirí go mór i mbéal an phobail faoi láthair, tá físeán tagtha chun solais le roinnt laethanta anuas de Dunbar, arb as contae Fhear Manach ó dhúchas dó, ag amhránaíocht i nGaeilge.


Rinneadh taifeadadh ar Dunbar ag amhrán i nGaeilge mar chuid de chlár don tsraith Faoi Lán Cheoil, inar tugadh dúshlán do dhaoine cáiliúla an ceol Gaelach a fhoghlaim.

Ghlac Dunbar le dúshlán amhrán i nGaeilge a chanadh, cé nach bhfuil an teanga aige. Ag deireadh an chláir, chan sé ‘Tá Mé ’Mo Shuí’ in éineacht le Maighréad agus Tríona Ní Domhnaill, Daithí Sproule agus Róise Goan.

Craoladh an tsraith Faoi Lán Cheoil ar TG4 den chéad uair in 2008 agus bhí an t-aisteoir Jeremy Irons agus an t-imreoir sacair Andy Reid i measc na n-aíonna eile a ghlac páirt inti.

12.8 milliún duine a d’fhéach ar an eagrán deireanach sa tsraith is déanaí de Line of Duty Dé Domhnaigh. Thug an BBC le fios gurb é sin an t-eagrán is mó ar bhreathnaigh daoine air d’aon dráma le 20 bliain anuas.

Fág freagra ar '‘A Mhuire Mháthair!’ – físeán d’Adrian Dunbar ag amhránaíocht i nGaeilge á scaipeadh ar líne'

  • Seosaimhin Ni Bheaglaoich

    Mo ghrá go daingean é. Níl aon teora leis, bail air.