Shíl mé go dtaitneodh sé le mo mháthair breathnú ar an gComórtas Eoraifíse.
Múinteoir ceoil a bhí inti tar éis an tsaoil agus cé go bhfuil galar Alzheimer uirthi le tamall maith de bhlianta anois is ar an gcuid dá hinchinn a bhaineann le cúrsaí ceoil is lú atá tionchar ag an ngalar gránna sin. Ní hé go dtaitníonn an saghas amhrán a chastar le linn na hEoraifíse léi, ná baol air, ach – fearacht chuile dhuine eile san Eoraip, seans – b’aoibhinn léi breathnú ar an gcomórtas d’fhonn a bheith ag magadh faoi. Thugadh sí ‘pointí lúide’: ‘Lúide a seacht don Ostair! Lúide a dó dhéag don Laitvia!’ agus mar sin de.
Traidisiún a bhí ann, i bhfocail eile.
Chuir mé físghlao uirthi faoi thrí Dé Sathairn seo a chuaigh thart, lá an bhabhta cheannais. Luaigh mé an Eoraifís léi sa chéad dá ghlaoch féachaint an gcuimhneodh sí ar an bhfeiniméan, rud a rinne. Ach toisc go bhfuil cuimhne ghearrthréimhseach mo mháthar ag dul i ndonas lá i ndiaidh lae chuir mé físghlao uirthi arís cúig nóiméad roimh thús an chomórtais lena chinntiú go gcuirfeadh sí an teilifíseán ar siúl.
Níor cheart dom é sin a dhéanamh.
An chéad rud a chuaigh mícheart ná go raibh sí tar éis dul a luí cheana féin, cé nach raibh sé ach a naoi a’ chlog san oíche san Ísiltír, mar a bhfuil cónaí uirthi. Bhí sé fós geal taobh amuigh.
D’fhreagair mo mháthair bhocht an físghlao gan uirthi ach a gúna oíche, agus bhí mearbhall uirthi go raibh mé ag glaoch uirthi ag an am sin den lá.
‘Ach a mham,’ a dúirt mé, ‘nach cuimhin leat gur labhair muid faoin gComórtas Eoraifíse níos luaithe? San Ísiltír atá sé ar siúl i mbliana, cá bhfios nach mbeidh 45 bliain eile ann sula mbeidh sé ar siúl i do thír dhúchais arís.’
An dara rud a chuaigh mícheart ná go ndearna mé iarracht treoracha a thabhairt di san fhísghlaoch. Tráth dá raibh, bliain nó dhó ó shin, b’fhéidir, d’oibríodh sé sin go seoigh. Ach tá agnóise uirthi anois, siomptóm de chuid an ghalair Alzheimer a chuireann isteach ar chumas an duine brí a bhaint as focail, anuas ar an afáise, a chuireann isteach ar chumas an duine é féin a chur in iúl trí mheán focal.
‘Beidh sé ag tosú faoi cheann cúig nóiméad, a mham,’ a dúirt mé. ‘Ar bhealach a hAon.’
Sular thuig mé féin céard a bhí ag tarlú bhí an teilifís agus an raidió curtha ar siúl ag mo mháthair ag an am céanna, agus thuig mé ón méid a bhí le cloisteáil ar an teilifís nach bealach a hAon a bhí ann. Mar bharr ar an donas, ní raibh radharc ar bith ar mo mháthair féin, a bhí tar éis dul chuig áit éigin sa seomra nach raibh mé in ann í a fheiceáil ar scáileán mo ghutháin phóca a thuilleadh.
‘A mham, an dtiocfaidh tú ar ais chuig an scáileán le do thoil?’
Níor chuala sí mé de bharr an ghleo ar fad sa seomra suite agus b’éigean dom béiceach uirthi.
‘A mham! A mham! An dtiocfaidh tú ar ais chuig an scáileán, LE DO THOIL?’
D’fhill sí chuig an scáileán ar deireadh agus guthán na líne talún ina lámh aici (seachas cianrialtán na teilifíse.) Agus mé ar mo mhíle dícheall guaim a choinneáil orm féin mhínigh mé di gur cheart di an guthán a fhágáil ar ais, an raidió a chasadh as agus an teilifíseán a chur ar bhealach a hAon. Ach nuair ba léir dom nár thuig sí an focal ‘a haon’ ná an mhéar a bhí á coinneáil in airde agam os comhair an scáileáin, thuig mé go raibh an cath caillte.
‘Cas chuile shórt as!’ a bhéic mé léi, de m’ainneoin féin. ‘Agus téigh ar ais a luí!’
Faoin am sin bhí an Comórtas Eoraifíse tar éis tosú, ach bhí sé ó mhaith ormsa. Bhreathnaigh mé ar an rud ar fad agus fearg orm liom féin; ba cheart go dtuigfinn, faoin am seo, go bhfuil galar Alzheimer níos láidre ná intinn mo mháthar, ná traidisiúin teaghlaigh, ná mo chuid foighde féin.
Fág freagra ar '‘A mham! An dtiocfaidh tú ar ais chuig an scáileán, LE DO THOIL?’'