A leithéid de choicís ag ealaíontóirí na fuinseoige i Luimneach!

Dhá chluiche fíorspéisiúil buaite ag iománaithe Luimnigh agus a n-ionadaithe i gcomórtas na club sáite i i gcoimhlint fhíordhian a bhí siamsúil agus drámatúil agus nach bhfuil deireadh fós léi. 

A leithéid de choicís ag ealaíontóirí na fuinseoige i Luimneach!

Imreoirí Na bPiarsach i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann Dé Sathairn seo caite. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Cad é mar choicís iomána a bhí ag ealaíontóirí na fuinseoige i Luimneach. Dhá chluiche fíorspéisiúil buaite acu agus a n-ionadaithe i gcomórtas na club sáite i i gcoimhlint fhíordhian a bhí siamsúil  agus drámatúil agus nach bhfuil deireadh fós léi. 

Fuaireamar an cluiche ceannais i gcraobh na gclub a bhí ag teastáil uainn agus á thuar againn seachtain ó shin. Bhí sé an-deacair a dhéanamh amach roimh ré cé a bhuafadh an choimhlint seo agus i ndiaidh cluiche iontach, bríomhar, fearúil spreagúil  Lá ’le Pádraig tá sé níos deacra fós a thuar cé a thabharfaidh an lá leo. 

Bhí na foirne cothrom naoi n-uaire le linn an chluiche agus ar deireadh thiar pocanna saora a d’fhág go bhfuil fir Chuala fós san iomaíocht. Bhí gach cuma ar an scéal go mbeadh corn Tommy Moore ar a shlí go dtí Luimneach nuair a tugadh poc saor do na Piarsaigh agus iad cúl chun tosaigh. Ach an rud is annamh is iontach, chuir Shane Dowling an sliotar ar fóraoil. Nóiméad ina dhiaidh sin thug leathchúlaí láir Chuala, Seán Moran an dara seans dá fhoireann nuair a bháigh sé an sliotar san eangach ó phoc saor fiche méadar amach. Ag deireadh am breise ba phoc saor eile ó David Treacy a thug fir Chuala slán agus a d’fhág go mbeadh lá eile ag an bPaorach. 

Bhí laochra ar chaon taobh ach níorbh iadsan na laochra a mbeadh duine ag súil leo. Cheapas féin go mbeadh an-tionchar ag Con O’Callaghan ar an imirt agus ní raibh, ach bhí an-tionchar ag cúlaí dian teann na bPiarsach, Mike Casey ar chúrsaí agus O’Callaghan coinnithe faoi smacht aige. Bhíos féin ag ceapadh go mbuafadh na Piarsaigh dá mbeidís ábalta O’Callaghan a choimeád faoi chois. D’éirigh leo sin a dhéanamh ach fós, ní raibh na Piarsaigh ábalta foireann na hardchathrach a chur de dhroim seoil. Ag féachaint ar an gcoimhlint go léir, am breise san áireamh, cheapas go raibh na Piarsaigh ábhairín beag níos fearr ná Cuala. É sin ráite ní raibh mórán eatarthu agus ní bheidh ach poc nó dhó eatarthu inniu ach oiread.

Caithfidh go raibh lucht Chuala míshásta go leor le cuid maith dá n-imreoirí.

Chuireadar tús bríomhar leis an gcluiche agus sa chéad cheathrú bhíodar trí chúilín chun tosaigh agus iad ag imirt i gcoinne na gaoithe. Theip orthu smacht a choimeád ar an imirt ina dhiaidh sin, áfach, agus níor éirigh leo mórán a athrú ar chlár na scór. Smaoinigh go bhfuaireadar 12 cúilín ó phocanna saora agus nach bhfuair O’Callaghan ach cúilín amháin. Is cinnte go mbeidh an bainisteoir Mattie Kenny ag rá leo nár imríodar i gceart ach fós, nár chailleadar ach an oiread.

Sa seomra feistis eile beidh Shane O’Neill ag rá nach bhfuil an obair críochnaithe agus gur thaispeáin siad seachtain ó shin go bhfuil siad níos fearr ná Cuala.

Tá an fhírinne áit éigin sna teachtaireachtaí sin a bheidh ag an mbeirt bhainisteoirí, is dócha. Beidh réalta eile ag teastáil inniu. Ní raibh Ronan Lynch chomh maith seachtain ó shin is a bhíonn de ghnáth. Ceapaim go mbeadh sé níos fearr sa líne leathchúil. Tá beirt imreoirí eile, Thomas Grimes agus Boylan, ag filleadh tar éis tréimhsí fionraíochta agus cuirfidh siad sin le neart phainéal na bPiarsach.

Tuigeann Cuala go bhfuil an t-ádh leo an dara seans a fháil. Tuigeann na Piarsaigh nár bhuaileadar buille an bháis orthu nuair a bhí an seans acu.

Is cluiche eile ar fad a bheidh anseo, agus, agus mar a dúirt mé seachtain ó shin, níl faic eatarthu. B’fhéidir go n-ardódh an lán taoide cois Sionainne na báid go léir. 

Fág freagra ar 'A leithéid de choicís ag ealaíontóirí na fuinseoige i Luimneach!'