A Irish Daily Mail, cén fáth ar aistrigh sibh m’ainm go Béarla

Bhí alltacht ar ár gcolúnaí nuair a phioc sí suas cóip de nuachtán tablóideach agus a hainm féin agus ainmneacha na ndaoine go léir aistrithe go Béarla ann

A Irish Daily Mail, cén fáth ar aistrigh sibh m’ainm go Béarla

Nach measa mise a bhí sibhialta cabhrach leis an iriseoir óg a raibh tuin Shasanach ar a glór.

Mura mbeadh í bheith chomh ciúin cúthaileach  i measc slua lán de cheol is de ghiodam is de Ghaolainn  os comhair Thithe an Oireachtais amach, ní thabharfainn Natasha Livingstone fé ndeara olc ná maith.

Chonac an créatúir, beanín bheag bhídeach, maidhc ina glaic aici is strus ar a ceannaithe. Tháinig mo bhlianta fhéin i mbun craoltóireachta ar thóir agallaimh chun cuimhne agus mhúscail comhbhá  agam di.

Iriseoir i mbun a cúraim. Cé nach gcabhródh léi? Nach raibh colún le líonadh aici?

Bhí mo dheartháir Breanndán i mbun feachtais faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus slua breá  Duibhneach is Bleá Cliathach ina theanna, gan trácht ar mhuintir Ráth Chairn  agus daoine nach iad.

Sea, bhí muintir na Gaeltachta i lár an aonaigh i Sráid Chill Dara Déardaoin seo imithe tharainn agus aird á díriú againn ar easpa tuisceana na n-údarás pleanála maidir le tithíocht sa Ghaeltacht, gan trácht ar an gcéasadh agus an sciúrsáil a bhain le córas Chomhairle Contae Chiarraí i gcás mo dheartháir, é á chlipeadh is á chrá le 15 bliain agus é ag iarraidh tigh a thógaint ag baile i mBaile na bPoc.

Ní mór ná go mbriseadar é, idir anam is mhaoin. Ach le cabhair an bhrúghrúpa Todhchaí na Gaeltachta mhúscail a mhisneach arís agus thug a ndúshlán gan scáth gan náire.

Nuair a chonaiceadar a raibh de phoiblíocht á fháil aige, chúbadar chucu agus tharraingíodar na hadharca isteach.

Bua mór le ceiliúradh ag an slua agus gan deireadh ráite fós.

Is le croí mór maith a thugas-sa mo chuid airde is mo chuid ama don iriseoir óg seo in ár lár istigh.

D’aimsíos daoine deisbhéalacha dea-labhartha di. Leithéidí Shaun Davey, an cumadóir iomráiteach, a scríobh an ‘Brendan Voyage’ is a thuilleadh nach é. Chaith Shaun na blianta i bParóiste Múrach lena bhean Rita Connolly.

Béal Feirsteach é a chuir suim thar na bearta i gcultúr na Gaeltachta. Chum sé ceol álainn don gcnuasach dánta le Caoimhín Ó Cinnéide, ar a raibh an seod ‘Bláthanna Bealtaine’.

Labhair sé sin go líofa leis an iriseoir faoin gcás atá a dhéanamh ag Breanndán.

Chuireas an ceoltóir Cormac Ó Beaglaoich, mac mo dhearthár, i dtreo na iriseora ón Daily Mail agus ar deireadh labhair sí liom féin.

Litríos amach na hainmneacha di. Ní gan dua ach dheineas go cúirtéiseach é, ar mhaithe le cruinneas is le gairmiúlacht.

Dorn sna putóga agam é mar sin an mhaidean dár gcionn nuair a phriocas suas an nuachtán tablóideach an Irish Daily Mail i siopa i Sráid na Mainistreach.

Cad a bhí romham ach ár n-ainmneacha go léir aistrithe go Béarla ag an iriseoir seo a raibh m’eagaois curtha amach agamsa ag cabhrú léi an lá roimhe san.

Dhá leathanach bhreátha agus pictiúir breá seoigh. Cuntas cruinn go maith scríte aici ar an ‘tionól Gaeltachta’ os comhair Theach Laighean amach.

‘PLANNING LAWS ‘KILLING OUR CULTURE’ mar cheannlíne ar an alt.

Is léir nach saineolaí ar an ‘íoróin’ bean an Daily Mail.

‘I met such lovely people at this protest and grabbed an interview with Sinn Féin leader @MaryLouMcdonald’ a scrígh sí ar a cuntas ar Twitter.

Deirtear air chomh maith gur ‘trainee reporter (on placement in Dublin)’ leis an Mail on Sunday í.  Luann sí gur chaith sí tamall le Reuters agus Times Shasana.

Dheineas iarracht teacht uirthi ar Twitter ach bhí a cuntas fé ghlas. D’achainíos uirthi go hoscailte míniú a thabhairt dom ar cad ina thaobh gur aistríodh ár n-ainmneacha go Béarla.

D’fhiafraíos di an treoir a bhí fachta óna heagarthóir ba chúis leis?.

Thacaigh go leor den Twitterati lem’ achainí.

Scéal ná duan ní bhfuaireas fós.

Deacair a bheith dóchasach uaireanta.

Fág freagra ar 'A Irish Daily Mail, cén fáth ar aistrigh sibh m’ainm go Béarla'

  • damhlaic mag shamhrain

    a dhaoine córa le Gaeilge
    Seans nach ndearna (!) sibh stair na hÉireann ar scoil.
    Téigí ar an idirlín agus breac isteach “Statutes of Kilkenny”
    7 gheofar míniú ar bheartas an “Irish” Daily Mail!!!
    Damhlaic magShamhráin

  • Bairbre

    bíonn píonós ann do gach dea-ghníomh!!