A ionradh ‘uasal’ cosanta ag Putin, imní faoi ‘bhabhta nua sceimhle’ in aghaidh na hÚcráine

Tá an Úcráin agus an Rúis ag cur le líon na saighdiúirí atá acu sa Donbas agus é i gceist ag an Rúis díriú feasta ar ionsaithe ar oirthear na tíre

A ionradh ‘uasal’ cosanta ag Putin, imní faoi ‘bhabhta nua sceimhle’ in aghaidh na hÚcráine

Tá ráite ag Vladimir Putin gur gníomh “uasal” atá in ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Dúirt Uachtarán na Rúise an méid sin tráth a bhfuil níos mó agus níos mó fianaise á nochtadh go ndearna fórsaí Mhoscó coireanna cogaidh san Úcráin.

Tá sé ina imní go bhfuil Putin ar tí géarú go mór ar ionsaí na Rúise ar oirthear na tíre agus go bhfuil sé i gceist airm cheimiceacha a chur ag obair i gcathair scriosta Mariupol.

Deir na húdaráis in Mariupol gur maraíodh breis is 10,000 sibhialtach sa chathair chalafoirt ó cuireadh faoi léigear í.

Ag tagairt don bhaol go mbainfí úsáid as airm cheimiceacha, dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go raibh an Rúis ag ullmhú “do bhabhta nua sceimhle in aghaidh na hÚcráine”.

Níor léir, áfach, aon aithreachas a bheith ar Vladimir Putin faoin ionradh inar maraíodh na mílte, inar fágadh na milliúin gan aon rogha acu ach teitheadh óna mbailte agus inar scriosadh cuid mhór den Úcráin.

“Tá na haidhmeanna a bhaineann leis [an t-ionradh] an-soiléir agus uasal,” arsa Putin.

“Ar lámh amháin, táimid ag cabhrú le daoine agus ag sábháil daoine, agus ar an lámh eile, níl á dhéanamh againn ach bearta chun slándáil na Rúise féin a chinntiú. Ba léir nach raibh aon dul as againn. Ba é an cinneadh ceart é.”

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó UNICEF tá 4.8 milliún den 7.5 milliún páiste san Úcráin ruaigthe as a gcuid bailte ó cuireadh tús leis an ionradh ar an 24 Feabhra.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Náisiún Aontaithe do Mhná, Sima Bahous, go raibh méadú ag teacht ar líon na dtuairiscí faoin bhforéigean gnéasach agus éigniú atá ag tarlú le linn an chogaidh.

Dúirt sí gur fhág an ghéarchéim teifeach, teacht na saighdiúirí tuarastail agus na hainghníomhartha in aghaidh sibhialtach go raibh baol mór ann do mhná.

Tá an Úcráin agus an Rúis ag cur le líon na saighdiúirí atá acu sa Donbas agus é i gceist ag an Rúis díriú feasta ar ionsaithe ar oirthear na tíre.

Meastar gur tréimhse chinniúnach sa chogadh atá romhainn.

Fág freagra ar 'A ionradh ‘uasal’ cosanta ag Putin, imní faoi ‘bhabhta nua sceimhle’ in aghaidh na hÚcráine'