‘A Ghaeilgeoirí, cuirigí isteach ar na poist nua thall agus abhus’ – achainí Aire Stáit na Gaeltachta

Tá Aire Stáit na Gaeltachta ag impí ar dhaoine cur isteach ar fholúntais d’aistritheoirí san AE, d’oifigigh chléireachais sa státseirbhís agus d’oifigigh pleanála teanga sa Ghaeltacht

‘A Ghaeilgeoirí, cuirigí isteach ar na poist nua thall agus abhus’ – achainí Aire Stáit na Gaeltachta

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ag impí ar Ghaeilgeoirí cur isteach ar phoist san Aontas Eorpach, sa státseirbhís agus sa Ghaeltacht.

Tá borradh i láthair na huaire faoi líon na bhfolúntas i saol na Gaeilge agus imní ar fhostóirí thall agus abhus faoina laghad daoine le hardscileanna teanga atá ar fáil do na poist sin.

Thagair Aire Stáit na Gaeltachta go háirithe don 72 post mar aistritheoir atá fógartha san AE, don chomórtas a fógraíodh d’oifigigh chléireachais le Gaeilge sa státseirbhís le déanaí agus don 30 oifigeach pleanála teanga atá le ceapadh faoin gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht “sna blianta amach romhainn”.

“Impím ar dhaoine…iad féin a chur ar an eolas maidir leis na deiseanna atá ar fáil agus iarratais a dhéanamh ar na poist seo,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Tá ceist na bhfolúntas in earnáil na Gaeilge go mór i mbéal an phobail ó cuireadh tús ar an suíomh seo le díospóireacht faoin soláthar daoine le hardscileanna Gaeilge d’fholúntais i saol na Gaeilge.

Thug fostóirí éagsúla le fios do Tuairisc.ie go mbíonn deacrachtaí acu teacht ar dhaoine cáilithe chun folúntais a líonadh agus luadh easpa deiseanna oiliúna,  tuarastail ísle agus a tharraingtí is atá poist san AE i measc na bhfadhbanna

Chuir an tAire Stáit fáilte roimh “an méadú atá tagtha le déanaí” ar líon na bhfolúntas do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu.  

Mhol sé do dhaoine a Gaeilge “ó cheann ceann na tíre” cur isteach ar chomórtas oscailte na státseirbhíse.

Dúirt sé gur chun leas na teanga a bhí na deiseanna fostaíochta seo agus go gcuirfeadh an “an borradh seo i ndeiseanna fostaíochta do chainteoirí Ghaeilge go mór le stádas na teanga, go háirithe i measc an aosa óig a thuigfidh go bhfuil agus go mbeidh deiseanna ann dóibh a dteanga a úsáid ina saol oibre”. 

Mhaígh an tAire Stáit gur “léir go bhfuil éileamh ann go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge a bheadh ar comhchéim le seirbhísí atá ar fáil i mBéarla”.

Tá sé mar chuspóir i gceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atá á dhréachtú faoi láthair go mbeadh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí amach anseo ina gcainteoirí líofa Gaeilge agus gurb í an Ghaeilge a a bheidh mar theanga oibre i ngach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht.  

Dúirt McHugh go rabhthas ag súil go mbeidh comórtais eile a reáchtáil amach anseo le daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú ag gráid éagsúla sa státseirbhís.

Tugadh le fios i ráiteas ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go raibh feachtas feasachta bunaithe acu chun daoine óga a chur ar an eolas faoi na poist in Éirinn agus in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Dúradh go raibh €1 milliún in aghaidh na bliana á infheistiú ag an Roinn i gcúrsaí Gaeilge faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge.  

Dúirt an tAire Stáit McHugh go mbainfeadh “dúshlán” le teacht ar dhaoine chun cur isteach ar na poist éagsúla, ach bhí “muinín” aige, a dúirt sé, go gcuirfeadh “líon dóthanach cainteoirí Gaeilge isteach orthu”. 

Mar a tuairiscíodh ar dtús ar an suíomh seo, níor éirigh ach le deichniúr den 210 duine a chuir isteach ar an gcomórtas do 63 post d’aistritheoirí san Aontas Eorpach a fógraíodh in 2016.

Bhí deacrachtaí ag EPSO, an tseirbhís earcaíochta a reáchtáil an comórtas, teacht ar dhaoine a raibh caighdeán Gaeilge agus scileanna aistriúcháin sách ard acu agus iad a mhealladh le cur isteach ar na poist. 

Táthar ag súil go gcuirfear níos mó ná 180 post ar fáil d’aistritheoirí Gaeilge sna hInstitiúidí sa Bhruiséil agus i Lucsamburg roimh 2021. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le rialachán nua i Nollaig na bliana 2015 chun deireadh a chur leis an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas le blianta anuas. 

Tá na haistritheoirí á n-earcú mar chuid den ullmhúchán atá ar bun ag Institiúidí na hEorpa seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil a bheidh ar comhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i dteangacha eile an Aontais Eorpaigh.

Fág freagra ar '‘A Ghaeilgeoirí, cuirigí isteach ar na poist nua thall agus abhus’ – achainí Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Feardorcha

    Tá rud amháin i gcoitinne ag na jabanna sin ar fad: ní maith le daoine iad a dhéanamh.

  • Mairéad

    Nár deineadh mugadh magadh den phróiséis pleanála teanga ón tús agus é gaibhte i bhfuaire ó shin. Cé a bheadh ag iarraidh job comh crua le pleanálaí teanga Gaeltachta ag an staid chinniúnach achrannach seo? Léiríonn an buiséad suarach scigmhagúil a ghabhann leis neamhshuim an Stáit.