A gcéad seachtain déanta ag leanaí na chéad naíscoile Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste

In ainneoin feachtas fuatha i gcoinne bhunú Naíscoil na Seolta thosaigh na chéad pháistí ag freastal uirthi an tseachtain seo

A gcéad seachtain déanta ag leanaí na chéad naíscoile Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste

Tá a gcéad seachtain caite ag leanaí i Naíscoil na Seolta, an chéad naíscoil imeasctha Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste.

Ceathrar daltaí a thosaigh ar an naíscoil nua Ghaeilge an tseachtain seo agus cuirfear fáilte roimh cheathrar eile ag tús na míosa seo chugainn.

In ainneoin feachtas fuatha i gcoinne bhunú na naíscoile, aistriú suímh agus go leor “constaicí eile” a d’eascair as an eachtra sin, deir Caoimhe Ní Chathail, tuismitheoir agus ball de choiste na naíscoile, gur údar “bróid agus dóchais” é bunú na naíscoile.

‘Éacht stairiúil is rud iontach agus tá muid iontach bródúil go bhfuil muid oscailte. Tá muid in áit shábháilte, i dtimpeallacht dhearfach agus is iontach an rud é,” a dúirt Ní Chathail.

Is in ionad Eaglais an Chomhbhráithreachais Chríostaí ar Bhóthar Belmont i mBéal Feirste atá an naíscoil nua lonnaithe.

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear na cathrach, ach cinneadh láthair nua a aimsiú di de dheasca feachtas fuatha a reáchtáladh ar na meáin shóisialta i gcoinne a bunaithe.

Ag labhairt di le Tuairics.ie, dúirt Ní Chathail, craoltóir aitheanta de chuid an BBC a mbeidh a páiste ag tosú ar Naíscoil na Seolta i mí Eanáir, gur chuir an eachtra “isteach go mór” ar thuismitheoirí agus ar choiste na naíscoile.

“Mar choiste, chuir an eachtra isteach go mór orainn agus mhothaigh muid go raibh sé iontach brónach go raibh orainn láthair nua a lorg don naíscoil. Is léiriú é an scéal go bhfuil daoine ann nach bhfuil sásta bogadh ar aghaidh.

“Scanraigh sé cúpla teaghlach agus tharraing teaghlach eile a gcuid gasúr siar mar nach raibh sé fóirsteanach dóibh dul fhad leis an láthair nua, ar bhonn praiticiúil. Idir eagla agus cheisteanna praiticiúla a chuir isteach orthu agus thuigfinn dóibh.”

Dúirt Ní Chathail, go raibh “go leor dúshlán agus strus mór” ag baint le bunú na naíscoile ach go raibh an coiste “diongbháilte i gcónaí” faoi rogha an Ghaeloideachais a chur ar fáil in Oirthear Bhéal Feirste.

“Bhí tréimhsí ann nuair nach raibh a fhios againn go mbeadh ann don tionscadal seo agus gan na deontais a tháinig ón phobal, seans nach mbeadh.”

“Tá muid anseo go fadtéarmach agus níl muid ag dul áit ar bith. Tá muid diongbháilte de go bhfuil sé de cheart ag tuismitheoirí in oirthear na cathrach rogha an ghaeloideachais a bheith acu. Cad chuige go mbeadh orainn taisteal le buntáistí an dátheangachais a fháil?”

Spreagadh don choiste, a dúirt sí, atá sa “chomhpháirtíocht iontach” atá ar bun idir lucht na naíscoile agus grúpaí pobail sa cheantar.

Dúshlán anois don choiste tuilleadh leanaí a chlárú leis an naíscoil, dar le Ní Chathail.

Cé go raibh gach áit sa chéad bhliain líonta ag Naíscoil na Seolta ag tús an tsamhraidh, bheartaigh roinnt teaghlach a gcuid leanaí a thógáil amach as an naíscoil de bharr na conspóide a bhain le bunú na naíscoile.

Dúirt Ní Chathail go raibh lucht na naíscoile “muiníneach” go bhféadfaidís cur le líon na leanaí atá ag freastal ar an naíscoil i mbliana.

“Tá muid muiníneach go mbeidh muid in ann tuilleadh tuismitheoirí a mhealladh mar gheall go bhfuil muid anois i bpáirt le seirbhís cúram lae áitiúil atá sásta seirbhís réamhchúraim agus iarchúraim a chur ar fáil dúinn go mbeidh muid in ann cur le líon na n-uimhreacha de réir a chéile,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'A gcéad seachtain déanta ag leanaí na chéad naíscoile Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste'