A fheara na hÉireann, cuirigí na slipéir sa bhruscar…

ACHADH UÍ MHUIRÍ (DIALANN RUA): Na trí rogha a atá ag an fhear mheánosta; agus athbhrandáil na Gaeilge

A fheara na hÉireann, cuirigí na slipéir sa bhruscar…

Bhí roghanna teoranta go leor ag an fhear mheánaosta go dtí seo de réir mar a charn na roicneacha ar chraiceann agus de réir mar a reoigh na cnámha ina n-ailt. Ní deas an radharc é, an radharc sin den fhear agus é ag sleamhnú óna óige isteach sa mheánaois, ag caitheamh éadaí nach bhfóireann dó; ag caint ar phraghas Twix nuair a bhí sé óg.

Sea, tig leo cuid den díobháil a chur ón doras. Thiocfadh leo an cloigeann maol a ruaigeadh le hathfhás gruaige  – ach an t-airgead a fháil. Thiocfadh leo culaith nua a cheannach ach, bhuel, cuir síoda ar ghabhar agus… Nó thiocfadh leo neart ama a chaitheamh sa ghiom i ndúil is go ruaigfí an mharóg mheánaosta. Is é an donas leis an ghiom go gcuireann sé i gcuimhne dóibh cé chomh pianmhar agus a bhíonn na cnámha agus na hailt i ndiaidh séisiúin.

Trí rogha a bhíonn ag an fhear mheánosta, de ghnáth. 

An  Rogha Chiallmhar – glacadh leis an aois agus bogadh ar aghaidh go ciúin ar bhóthar na beatha; tú sásta gur chuir tú arán ar an tábla do do mhuintir agus gur thug tú aire mhaith dóibh oiread agus a thiocfadh leat. Glacann tú le buanna agus díomuanna an tsaoil agus bíonn tú sásta nuair a aimsíonn tú do spléacaí. Is ansin a bhí siad an t-am ar fad! Nach mór an t-amadán mé. Anois, tig liom tabhairt faoin mhionsamhail sin Airfix.

Rogha an Leannáin Úir – déanann tú neamhiontas ar fad a dhéanamh den rogha chiallmhar. Caitheann tú do chéile i leataobh agus aimsíonn tú trófaíchéile nua. Caitheann tú a bhfuil bainte amach agat i dtraipisí mar mhaithe le bualadh craicinn. Is rogha chostasach í seo ar bhonn airgid agus pearsanta de ach rogha a roghnaítear ina ainneoin sin uilig. Thairis sin, bíonn contúirt leis an rogha seo nach mbeidh an croí in ann ag an trófaíchéile nua. Bí ag caint ar strus.

Rogha an Ferrari – leannán úr de chineál inteacht eile ach ceann nach dtabharfaidh ar do chéile tú a chaitheamh as an teach. Costasach ó thaobh airgid de ach gan an costas céanna pearsanta ag baint leis. Rud beag truacánta b’fhéidir. Síleann fear an Ferrari gur Magnum P.I. in Haváí atá ann. Faraor, is cosúla le Jay Hernandez sa tsraith nua é ná Tom Selleck sa tsraith bhunaidh. Carr gan chroiméal atá agat; tá an ‘tache tábhachtach.

Só, sin na trí rogha thraidisiúnta a bhíodh ann. Go dtí an Domhnach seo caite. Is ansin a cheap Tom Brady, ceathrúchúlaí, an ceathrú rogha, rogha nár shamhlaigh duine ar bith meánaosta eile go dtí seo: Rogha Mhic Bhrádaigh.

In aois a thrí bliana agus dhá scór, baineann sé an Sárbhabhla amach don 10ú huair. Éacht ann féin. Chan amháin sin ach baineann sé an diabhal rud don tseachtú huair agus cuireann sé múineadh ar cheathrúchúlaí cumasach atá fiche bliain níos óige ná é. (Bónas sa bhreis é ag fear meánaosta ar bith múineadh a chur ar chéile comhraic óg.) 

Tá Brady i ndiaidh dúshlán gach aon fhir eile sna 40idí agus luath-50idí a thabhairt: níl leithscéal ar bith ann anois gan Everest a dhreapadh nó an camán a bhaint as an chófra agus dul sa tóir ar an bhonn uile-Éireann sin arís nó lochanna uile Éireann a shnámh. 

A fheara na hÉireann, cuirigí na slipéir sa bhruscar. Tá an t-am ann éachtaí a dhéanamh. Níl sé rómhall!

Ceacht Coirnise

Ceacht ónár mbráithre Ceilteacha i gCorn na Breataine. Agus cur agus cúiteamh ar siúl go fóill faoi chúrsaí iascaireachta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, tá deacrachtaí ag iascairí Chorn na Breataine cuid dá lastas traidisiúnta éisc a easpórtáil faoi na rialacha nua. 

Dá réir sin, tá rún acu athbhrandáil a dhéanamh ar an iasc le go mbeadh blas ní b’fhearr ag pobal na Breataine air. Tá siad le ‘Ríphortán Cornach’  a thabhairt ar an phortán chrúbach agus ‘Sól Cornach’ ar an tsól scoilteáin. Creideann siad, à la Pastae Cornach, go meallfaidh na hainmneacha nua pobal na Breataine le triail a bhaint as iasc a chuirtí anonn chun na mór-roinne go dtí seo. 

An bhfuil ceacht le foghlaim againn abhus faoin athbhrandáil? Cad é faoin Ghaeilge féin, mar shampla? Is tuirsiúil í an chaint seo ar fad faoin Ghaeilge a bhrú siar i sceadamán doicheallach Éireannach. Tá sé in am athbhrandáil dár gcuid féin a dhéanamh ar an teanga ársa seo le glúin Chluiche na Corónach a mhealladh.

Molaim deireadh a chur le ‘Gaeilge’ agus ‘Draoitheanga’ a úsáid ina háit, cur síos nua atá saor ó thuigsí traidisiúnta polaitiúla agus cultúrtha. Is focal é fosta a spreagann an tsamhlaíocht. Feiceann tú an dragún os do chomhair, nach bhfeiceann? 

Tá mé ar fáil le plécháipéis a ullmhú d’Fhoras na Gaeilge ar an cheist – ach an deontas a fháil.

Fág freagra ar 'A fheara na hÉireann, cuirigí na slipéir sa bhruscar…'