A dtacaíocht don Ghaeilge sa chóras oideachais athdhearbhaithe ag FF agus iad ag cur lena ngealltanais

Tráth a bhfuil amhras mór á chaitheamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach, tá ráite ag Fianna Fáil gur polasaí docht dá chuid nach ndéanfaí aon athrú ar an stádas sin

A dtacaíocht don Ghaeilge sa chóras oideachais athdhearbhaithe ag FF agus iad ag cur lena ngealltanais

Thomas Byrne TD. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá sé ráite ag Fianna Fáil go dtabharfaidh siad gach cosaint do stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa chóras oideachais.

Dúirt urlabhraí oideachais Fhianna Fáil Thomas Byrne an méid sin inné agus polasaí nua oideachais a pháirtí á fhógairt aige.

Thug Byrne le fios go gcosnódh Fianna Fáil stádas na staire agus na tíreolaíochta sa Teastas Sóisearach agus gur polasaí daingean de chuid an pháirtí é nár cheart aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Mar a tuairiscíodh cheana, caitear amhras mór ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa chéad tuarascáil atá foilsithe ag an NCCA mar chuid dá n-athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste.

Mar chuid den tuarascáil sin rinneadh suirbhé i measc daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí chun a dtuairimí a fháil faoi scrúdú na hArdteiste agus údar imní atá i gcuid dá bhfuil sa tuarascáil chéanna do dhaoine atá buartha faoi impleachtaí an athbhreithnithe do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Meastar go gcuirfidh an t-athbhreithniú de chuid na Roinne Oideachais agus na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair agus is beag a bhí sa chéad tuarascáil a bhréagnódh an tuairim sin.

Chomh maith leis sin, fuair an Roinn Oideachais os cionn 10,000 freagra ón bpobal faoi cheist dhíolúine na Gaeilge mar chuid d’athbhreithniú eile atá ar siúl faoi láthair, an líon is mó freagraí a fuair an Roinn riamh i bpróiseas comhairliúcháin poiblí.

Tá sé ina imní chomh maith ar eagraíochtaí teanga le tamall go gcuirfidh an próiseas comhairliúcháin sin tús athuair leis an díospóireacht faoin nGaeilge ‘éigeantach’.

Cé go ndúirt an tAire Oideachais Joe McHugh ag tús na bliana nach mbeadh aon athrú ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, d’fhéadfadh mar sin féin go bhfuil an tuar tagtha faoin tairngreacht anois i bhfianaise líon ollmhór na bhfreagraí ar shuirbhé na Roinne.

Meastar gur ar éigean go mbeadh an oiread sin daoine agus tuairimí láidre acu faoi chóras díolúine na Gaeilge amháin agus gur dócha go bhfuil ceist níos leithne na Gaeilge éigeantaí ag déanamh tinnis dóibh bealach amháin nó bealach eile chomh maith.

Tá neart geallúintí i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta déanta ag príomhpháirtí an fhreasúra le tamall, ina measc go dtabharfaí ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta, deontas tithíochta na Gaeltachta agus an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Rinne Aire Stáit na Gaeltachta cosaint láidir ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeltachta nuair a rinne Fianna Fáil ionsaí ar an bpolasaí sin le déanaí.

I ráiteas a thug sé do Tuairisc.ie, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne go raibh acmhainní á gcaitheamh “go ciallmhar” ag Fine Gael agus feabhas tagtha ar gheilleagar na Gaeltachta dá bharr.

Cé gur shéan urlabhraí oideachais Fhianna Fáil Thomas Byrne inné go raibh an polasaí nua oideachais á fhógairt aige mar chuid d’fheachtas olltoghcháin agus cé gur annamh go dtugtar mórán airde ar cheist na Gaeilge agus na Gaeltachta i bhfeachtais dá leithéid, meastar go bhfuil Fianna Fáil ag súil gur cheist í a léireodh nach ionann iad agus Fine Gael, a bhfuil socrú muiníne agus soláthair acu leo ón olltoghchán deireanach.

Fág freagra ar 'A dtacaíocht don Ghaeilge sa chóras oideachais athdhearbhaithe ag FF agus iad ag cur lena ngealltanais'

  • Tuismitheoir den 23%

    Céard faoin 23% des tuistí atá ag iarraidh oideachas LánGaeilge dá bpáistí agus gan ach 6% de dhaltaí na tíre ag freastal ar Ghaelscoil?

  • Emer

    Mar adeir an tamhrán….promises, promises.