Ionsaí fíochmhar ag Fianna Fáil ar pholasaí Gaeltachta an Rialtais i bhfíseán nua

Tá cosaint láidir déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeltachta

Ionsaí fíochmhar ag Fianna Fáil ar pholasaí Gaeltachta an Rialtais i bhfíseán nua

Tá físeán nua á scaipeadh ar líne ag Fianna Fáil ina ndéantar ionsaí fíochmhar ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeltachta.

Is annamh le haon pháirtí díriú ina bhfeachtais bholscaireachta ar líne ar chás na Gaeltachta ach eisceacht shuntasach is ea an físeán nua ina maítear go bhfuil scrios déanta ag Fine Gael ar phobal na Gaeltachta.

Tá neart geallúintí i leith na Gaeilge agus na Gaeltacha déanta ag príomhpháirtí an fhreasúra san fhíseán chomh maith, ina measc go dtabharfaí ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta, deontas tithíochta na Gaeltachta agus an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Rinne Aire Stáit na Gaeltachta cosaint láidir ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeltachta. I ráiteas a thug sé do Tuairisc.ie, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne go raibh acmhainní á gcaitheamh “go ciallmhar” ag Fine Gael agus feabhas tagtha ar gheilleagar na Gaeltachta dá bharr.

Shocraigh an Rialtas gan infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí riachtanacha sna ceantair Ghaeltachta le deich mbliana anuas. Caithfidh sin stopadh. Gan infheistíocht, tá todhchaí na Gaeltachta neamhchinnte. Ní as féin a tharla sin. Cinneadh polaitiúil a bhí ann a rinne an RialtasTá Fianna Fáil dílis do mhuintir na tuaithe, do phobal na Gaeltachta, agus don Ghaeilge. Comhroinn an físeán seo chun do thacaíocht a thaispeáint #snag19

Gepostet von Fianna Fáil am Freitag, 8. März 2019

Dúirt sé go raibh an ráta fostaíochta i gcomhlachtaí a dtacaíonn Údarás na Gaeltachta leo níos airde ná mar a bhí aon uair le deich mbliana anuas.

Luaigh sé chomh maith mar shamplaí de thacaíocht an Rialtais don Ghaeltacht an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht agus Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge, ina bhfuil 180 beart ar son na teanga geallta. Dúirt Seán Kyne go raibh ardú ag teacht ar an méad airgid atáthar a chaitheamh sa Ghaeltacht.

“Mar shampla, in 2019 is €15.56 milliún an buiséad caipitil d’Údarás na Gaeltachta i gcomparáid le € 5.687 milliún in 2016. In 2019, tá muid ag infheistiú € 9.6 milliún i scéimeanna tacaíochta pobail agus teanga chomh maith le breis is €3.2 milliún do phleananna teanga, go príomha i gceantair Ghaeltachta,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

Fág freagra ar 'Ionsaí fíochmhar ag Fianna Fáil ar pholasaí Gaeltachta an Rialtais i bhfíseán nua'

  • Mairéad

    Ní hionann físeán agus seasamh a thógaint ar son na Gaeltachta i nDáil Éireann agus is maith atá fhios ag Cuív Éamonn Ó é sin.

  • Concubhar Ó Liatháin

    San eagrán is déanaí de iGaeilge, tugaim faoi fhíseán atá éisithe ag Fianna Fáil ag déanamh ionsaí ar an Rialtas faoin slad atá á dhéanamh ag an nGaeltacht. Cé go bhfuil go leor den fhírinne sa bhfíseán, tá slad déanta ar an nGaeltacht le tamall de bhlianta anuas, deich mbliana a luaitear san fhíseán, bhí FF i gcumhacht nuair a thosnaigh an slad seo. Go deimhin i 2002/3, bhí Éamon Ó Cuív ina Aire nuair a gearradh go substaintiúil buiséad an Údaráis (agus buiséad an Fhorais). Agus FF i gcumhacht i 2010/11, dúnadh OIfig an Phoist Bhéal Átha’n Ghaorthaidh. Tuigtear dom freisin go raibh Siopa Uí Chorcora atá príomh ról aige sa bhfíseán dúnta roimh don OIfig a Phoist bheith dúnta, is é sin le rá le linn FF bheith i gcumhacht.

    Ag tús an podchraoladh, déirim dán a chum m’athair, Dónal Ó Liatháin, in omós do Naomh Phádraig. Éist le “iGaeilge – Físeán Fáil, Lá le Pádraig” #gaeilge ⚓ https://lnkd.in/empeShq #LálePádraig #FiannaFáil #Polataíocht #BánúnaGaeltachta

  • Aine Ni Fhiannusa

    Tá tú dubh arsa an citeal leis an corcán! Is beag atá déanta ag aon Rialtas le fiche bliain anuas chun an Ghaeilge a chur chun cinn seachas iarrachtí Eamonn Uí Chuív agus é istigh agus lasmuigh. Deanfar Galltachtaí as na Gaeltachtaí go luath – muna bhfuil taca airgid, postanna agus bóithre stuama ins na háiteanna seo. Cad é dearcadh an Rialtas ar stádas na teanga, nó an chuma leo ?

  • Mairéad

    Céard faoi Catherine Connolly, Peadar Tóibín, Trevor Ó Clochartaigh srl? Caitheann an teachta Cuív Ó a chuid ama ag tacú lena Straitéis 20 Bhliain agus ní ann don Ghaeltacht sa straitéis chéanna. Fiú dá mbeadh an Striatéis 20 bhliain á cur i bhfeidhm ní slánú na Gaeltachta inti toisc gur straitéis atá dírithe go hiomlán ar an nGalltacht is ea í.