Geallúint ar fiú i a lorg ó gach polaiteoir aimsir an toghcháin…

Tá sibh ag seasamh san olltoghchán. Go n-éirí libh! Ach cogar, aon seans go staonfadh sibh go léir ó gheallúintí áiféiseacha?

voting

De réir gach fianaise, ní bheidh móramh Dála ag páirtí ar bith tar éis an olltoghcháin. Beidh comhráití fada ag teastáil sara dtiocfar ar réiteach comhrialtais, is é sin más féidir teacht ar chomhréiteach.

Cibé polasaí nó tairiscint a chuirfear os comhair an phobail roimh an olltoghchán, mar sin, beidh a fhios againn nach bhfuil barántas ar bith ann go gcuirfear i bhfeidhm é. Nó ba chóir go mbeadh a fhios againn.

Is fiú na seifteanna agus na smaointe a fhoilsíonn páirtithe roimh gach olltoghchán a phlé, má chuimhnítear nach bhfuil iontu ach moltaí a chuirfí i bhfeidhm dá mbeidís i gcumhacht. Cuimhnigh freisin go raibh cainteanna iarthoghcháin riachtanach sular bunaíodh gach rialtas ó 1989. 

Is iomaí uair a chuir údar an cholúin seo agus iriseoirí eile ceist mar seo ar pholaiteoirí:

‘Féach, an beartas seo a dúirt tú a bhí fíor-riachtanach, agus go dtabharfaí tosaíocht dó má bhíonn sibh páirteach i gcomhrialtas, an ionann sin agus a rá gur bunphrionsabal atá ann, go bhfuil ‘líne dhearg’ i gceist? An ionann sin agus a rá nach rachaidh sibh i gcomhrialtas le páirtí/páirtithe eile mura mbeidh said toilteanach an beartas seo a chur i bhfeidhm?’

Níor éirigh linn freagra soiléir a fháil riamh ar cheisteanna dá leithéid. Oireann doiléire, débhrí agus solúbthacht do gach páirtí roimh olltoghchán, ionas gur féidir margadh comhrialtais a dhéanamh ina dhiaidh. Ní oireann sé, áfach, don phobal. Cothaíonn an cur i gcéill drochmheas ar pholaiteoirí agus, scaití, filleann an feall ar an bhfeallaire i ndeireadh báire.

Dhéanfadh páirtithe a leas féin agus leas na tire, sílim, dá ndéarfaidís go soiléir 

(a) Céard a ba mhaith leo a dhéanamh; agus 

(b) Céard a dhéanfaidís gan teip dá mbeidís i mbun rialtais. 

Dá mbeadh cur chuige mar seo ag an Lucht Oibre i 2011 mar shampla, ní bheadh pionós chomh géar as a dtréimhse sa rialtas ag bagairt orthu san olltoghchán.

Idir an dá linn, má theastaíonn cinneadh áirithe rialtais uait, nó athrú ar chinneadh rialtais, is fiú ceist mar atá thuas a chur ar gach iarrthóir, agus freagra oifigiúil i scríbhinn a lorg ar an gceist sin:

“Geallaim duit nach mbeidh baint ná páirt agam le Rialtas, agus nach vótálfaidh mé ar a shon, mura gcuirfidh sé ______________________ * i bhfeidhm.”

Scríobh cur síos soiléir os cionn na líne ar an bpolasaí/cinneadh a theastaíonn uait. Cuir cibé cinneadh nó polasaí a theastaíonn uait os cionn na líne.

Mórcheist agus mioncheist

Ag an gcruinniú mullaigh domhanda a gcuirfear tús leis i bPáras Dé Luain, beidh ceannairí as gach áit ar domhan ag labhairt faoin iarracht truailliú an phláinéid a shrianadh.

Is léir an chontúirt dá bhformhór. Ach ní féidir an phríomhcheist a fhreagairt fós. I bhfianaise na gcomhaontaithe gan éifeacht a síníodh roimhe seo, an mbeidh sé ar a gcumas teacht ar chomhaontú éifeachtach an uair seo?

Is dlúthchuid de chruinnithe mar seo comhréiteach. Ach níor ghlac aeráid ná aimsir

le comhréiteach.

Ach cogar, ar mhaith leat ceist a chur faoin óráid a thabharfaidh an Prionsa Charles na Breataine ag an gcéad seisiún den chomhdháil Dé Luain?

‘Ba mhaith cinnte; cén fáth a bhfuil sé ann?’

Toisc gur thug an t-uachtarán Hollande cuireadh dó óráid a thabhairt. 

‘Cén fáth?’ 

Toisc go bhfuil spéis ag an bPrionsa i gcúrsaí comhshaoil agus toisc gur áitigh sé go minic ar pholaiteoirí gníomhú lena chosaint.

‘Tá spéis ag m’uncail i gcúrsaí comhshaoil freisin. Ní bhfuair sé cuireadh go Páras fós.’

Touché.

– Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTÉ Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Geallúint ar fiú i a lorg ó gach polaiteoir aimsir an toghcháin…'