A chuid ráite ag Tubridy ach níor ardaigh an ‘ceo mearbhaill’ fós

Bhí Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly cosantach, leithscéalach agus mothúchánach ar a seal

A chuid ráite ag Tubridy ach níor ardaigh an ‘ceo mearbhaill’ fós

“Thug Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly fianaise os comhair coistí Dála inniu…”

Sin an chéad líne don phríomhscéal ar an Six One News ar an Máirt. Tá fáinne fí na gcoistí Dála fós sa tsiúl agus táimid fós gafa leis. Is geall le seó bóthair anois é.

A chomharthaí sin go raibh comhrac béil na Máirt á chraoladh beo i dtithe ósta i mBaile Átha Cliath, agus in áiteanna eile is dócha. Samhlaigh féachaint ar Lawrence of Arabia dhá bhabhta i ndiaidh a chéile nó Ben HurGodfather 2? Sin agat an líon ama a chaith Tubridy agus a ghníomhaire Kelly os comhair coistí Dála ar an Máirt.

Cuntais bhabhtála, Barter, cistí dubha, €75,000 anseo is sonraisc ansiúd, cé a dúirt cén rud cén uair agus cé leis nó léi a dúradh é. Diail an castróvaics é. Is fada ó fuair Renault, nó aon chomhlacht, an oiread sin poiblíochta saor in aisce.

Táimid ag dul timpeall i gciorcal. Samhlaítear dom go bhfuil dua gan dul chun cinn á gcur againn orainn féin. Pé scéal eile chruaigh an bheirt in aghaidh na hainnise. Ina ráiteas tosaigh chuir Tubridy i leith RTÉ go raibh seacht gcinn de bhréaga inste faoi féin. Thosaigh an ceistiúchán ansan. Bhíodar cosantach, leithscéalach agus mothúchánach ar a seal.

Níl a fhios agam an seift a bhí ann don ócáid, ach dhein an bheirt iarrachtaí leanúnacha freagraí fada, fadálacha a thabhairt amhail is gur agallamh tathagach ar chlár raidió Tubs a bhí ann. Ag iarraidh an t-am a mheilt nó ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an gcoiste, agus níos tábhachtaí, an lucht féachana? Níor ghéill na Teachtaí ná Seanadóirí orlach. Thugadar foghanna faoin mbeirt ach ní dóigh liom gur éirigh leo an tsúil ribe a chur orthu.

Alltacht ar Tubridy go minic go raibh an rud ar fad chomh trodach. Dar leis go raibh “humanity bypass” ag baint leis an gcúram ar fad. É ag impí ar an Teachta Dála Imelda Munster gan a cheapadh nach raibh coinsias aige mar go raibh pá maith aige. Níor thuig sé go raibh sé i nead na n-easóg agus gan uathu ach an giotán cainte don nuacht.

Thugas suntas do chaint Kelly nuair a bhí sé ag cosaint an phá ard atá ag “tallann” an stáisiúin. Dar leis go raibh sé bainteach le cúrsaí tráchtála is fógraíochta. D’admhaigh sé go neafaiseach go mb’fhéidir go bhféadfadh duine eile an gaisce céanna a dhéanamh. An rud faoi ná níl a fhios againn mar, gurb eol dom, níl aon taighde substaintiúil againn ar an ábhar sin.

Tugadh aitheantas do na hoibrithe eile ar chláir Tubs, an “jigsaw of talent” chomh maith. Mar fhocal scoir uaidh d’iarr sé ar RTÉ fáil réidh leis an bhfocal “tallann”.

Luaigh Tubridy féin go raibh sé cortha faoin “fog of confusion” a bhain leis an scéal go léir.

Tar éis uaireanta a chloig de phlé táimse chomh dall ar cad a tharla dáiríre is a bhíos riamh.

Mar léiriú ar an ndráma fada osréalach, fágfaidh mé an focal scoir ag Brian Stanley, Cathaoirleach an Choiste um Chuntas Poiblí, agus Noel Kelly.

Brian Stanley: ‘Cad a bhí tú a dhíol do Cadbury’s?’

Noel Kelly: ‘Cadbury’s..? Seacláid.’

Fág freagra ar 'A chuid ráite ag Tubridy ach níor ardaigh an ‘ceo mearbhaill’ fós'

  • jpmorley0@gmail.com

    Cibé ar bith rud a rinne sé as an mbealach, má rinne, gheofar amach é sin ar ball siúrálta deimhnitheach glan agus díolfaidh sé as go daor. Sin é an ceart. Ach is suarach agus is náireach an mhaise don daoscarshlua a bheith á chealú, a bheith á aithisiú agus ag díriú na méire air le linn dó bheith amuigh i mbun a chúraimí príobháideacha féin. Nach tapa mar a chasann siad ina choinne, an luifearnach sin a bhí ag lútáil na gcos aige tamall ó shin? Ach nuair a chasann siad, casann siad. Fainic ort a dhuine…. ‘An té a bhíonn thuas óltar deoch air agus an té a bhíonn thíos buailtear cois air.’

  • Pádraig O'hEipicín

    Fear mhaith Ryan, Mura féidir leat a chur ina luí orthu , Mearbhall a chur orthu.

  • Pól Réamonn

    Is dóigh liom go bhfuil mé ag streachailt le ‘ceo mearbhaill’ freisin tar éis an scéal seo a léamh.