A bhfuil le foghlaim ag Éirinn sula dtabharfaidh siad aghaidh ar na mBeilg

Ní bhfuaireamar an toradh a bhí uainn ar chluiche na Sualainne ach bheidh Martin O’Neill in ann ceachtanna ón gcluiche a úsáid ar an Satharn in aghaidh na Beilge

England

Níor cheart cúlú tar éis d’Éirinn cúl a scóráil

Chonaic muid i gcluiche Shasana in aghaidh na Rúise gur chlis ar fhoireann Roy Hodgson. Seachas buille an bháis a bhualadh ar na Rúisigh nuair a bhí ceannas ag na Sasanaigh shocraigh siad cúlú agus an méid a bhí acu a chosaint. Rugadh orthu sa deireadh agus cáineadh Hodgson.

Tharla an rud ceannann céanna i gcluiche Phoblacht na hÉireann in aghaidh na Sualainne. Bhí ceannas iomlán ag na hÉireannaigh ar an gcluiche ach chomh luath agus a scóráil Wes Hoolohan, thit na himreoirí siar. Níl a fhios againn an treoir a bhí ann ó Martin O’Neill nó an ndearna na himreoirí sin as a stuaim féin ach tháinig athrú iomlán ar an imirt dá bharr.

Fágadh na Sualannaigh i seilbh na liathróide den chuid is mó den chluiche a bhí fágtha agus, seachas leathsheans a bhí ag Jeff Hendrick agus 72 nóiméad imeartha, níor chruthaigh Éire tada i ndiaidh an chúil sin.

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níos mó á éileamh ar na fir ionaid

go raibh gearáin ann faoi na himreoirí a bhain Martin O’Neill den pháirc, go háirithe Wes Hoolahan, níor bhreathnaigh sé go raibh mórán rogha ag an mbainisteoir. D’admhaigh Hoolahan go raibh sé tugtha agus b’fhearr sos a thabhairt dhó agus cluichí tábhachtacha amach roimhe.

Faraor, is í an fhadhb is mó nach ndeachaigh na himreoirí a tháinig isteach i bhfeidhm ar an gcluiche ar chor ar bith.

Bhí James McClean ar an bpáirc ar feadh 30 nóiméad ach is ar éigean a chruthaigh sé tada. Arís, níor chabhraigh teaicticí Phoblacht na hÉireann leis ach fós bheadh tú ag súil le níos mó ó imreoir idirnáisiúnta. Is in áit Jon Walters a tháinig McClean isteach agus anois, agus an chuma ar an scéal go mbeidh Walters ag streachailt le gortú don chéad chluiche eile, teastaíonn imirt níos fearr uainn ó McClean.

Pictiúr:  INPHO/Tommy Grealy
Jeff Hendrick. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Caithfear na deiseanna a chruthaítear a chríochnú

Agus é ag labhairt i ndiaidh an chluiche, dúirt Martin O’Neill go raibh díomá air nach raibh Éire 3-0 chun cinn ag leath ama in aghaidh na Sualainne; bhí ceannas iomlán ag a fhoireann ag an bpointe sin.

Chruthaigh siad deiseanna ach theip orthu scóráil. Thug John O’Shea, Robbie Brady agus Jeff Hendrick uile faoi iarrachtaí ar an gcúl agus dá mbeidís beagáinín níos cruinne, gach seans go mbeadh an bua acu ar an Luan ach caithfidh tú do chuid deiseanna scórála a thapú ag an leibhéal seo.

Is beag de sheilbh na liathróide a bhí ag foireann Martin O’Neill sa dara leath, go háirithe tar éis dóibh an cúl a scóráil. In aghaidh na Beilge, is lú fós a bheidh acu. Mar gheall air sin, tá ríthábhachtach go mbainfidh na himreoirí leas as gach deis a chruthaítear.

Seamus Coleman Pictiúr: INPHO/James Crombie
Seamus Coleman
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Caithfidh Coleman agus Brady an imirt a scaipeadh amach

Leis an gcóras imeartha a roghnaigh Martin O’Neill in aghaidh na Sualainne, bhí stíl imeartha ró-chúng ag na hÉireannaigh, go háirithe timpeall lár na páirce. Fágtar faoi chúram na lánchúlaithe, Séamus Coleman agus Robbie Brady an imirt a leathnú amach agus, de ghnáth, ní bhíonn fadhb ann.

Mar a chonaic muid sa chéad leath, bhí Brady feiceálach san imirt agus ag tús an dara leath ba é Coleman a chruthaigh an cúl do Hoolohan. Faraor, is beag a chonaic muid díobh tar éis d’Éirinn an cúl a scóráil. Gan an tacaíocht sin ar na cliatháin, bhain Éire an iomarca úsáide as an liathróid fhada i dtreo Shane Long agus bhí ró-éasca ag na Sualannaigh teacht i dtír air sin.

níos mó cleachtaidh ag lánchúlaithe na Beilge, Thomas Vermaelan agus Laurent Ciman, bheith ag imirt i lár na cosanta agus más féidir le Coleman agus Brady leas a bhaint as an easpa taithí sin, is mór an buntáiste a bheidh ann.

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Muinín a fháil as taispeántas an chéad leatha

gur chríochnaigh siad an cluiche in ísle brí, ba cheart go dtabharfadh a dtaispeántas sa chéad leath muinín d’imreoirí Phoblacht na hÉireann. Bhí siad ar fheabhas sa chéad leath sin agus iad ag cruthú an-chuid deacrachtaí don tSualainn.

Bhí luas agus cruinneas ina gcuid imeartha a bhíonn in easnamh rómhinic agus léirigh sé go bhfuil Éire in ann peil iontach a imirt. Ba iad Jeff Hendrick agus Wes Hoolahan a bhí i lár na himeartha seo agus teastaíonn taispeántais den chineál céanna uainn uathu in aghaidh na Beilge. Is acusan a bheidh tromlach na seilbhe ach más féidir le hÉirinn an liathróid a bhogadh go tapa agus go beacht ar an bhfrithionsaí, beidh seans maith acu.

Fág freagra ar 'A bhfuil le foghlaim ag Éirinn sula dtabharfaidh siad aghaidh ar na mBeilg'