A bheannacht tugtha ag an bPápa d’athrú san ‘Our Father’ ach an leagan Gaeilge ‘slán’ mar atá

Tá a bheannacht tugtha ag an bPápa d’fhoclaíocht nua do ‘Phaidir an Tiarna’, ach deir saineolaithe go bhfuil Gaeilge an ‘Ár nAthair’ ag teacht cheana féin le dearcadh an phontaif

A bheannacht tugtha ag an bPápa d’athrú san ‘Our Father’ ach an leagan Gaeilge ‘slán’ mar atá

Tá a bheannacht tugtha ag an bPápa d’fhoclaíocht nua don ‘Our Father’, ach is cosúil go bhfuil an ‘Ár nAthair’ slán mar atá.

Dhá bhliain ó shin dúirt an Pápa Proinsias nár thaitin an leagan ‘Lead us not into temptation’ san aistriúchán Béarla ón nGréigis ar an Ár nAthair leis agus gur dhóigh leis gur “aistriúchán lochtach” a bhí ann.

Tá a bheannacht tugtha anois ag an bPápa don fhoclaíocht nua “do not let us fall into temptation”.

An locht is mó a bhí ag an bPápa ar an seanleagan gur chuir sé in iúl gurb é Dia seachas Sátan a bhí ag cur cathú orainn.

“Ní aistriúchán maith é,” a dúirt an Pápa Proinsias in 2017, “mar is mise a thiteann i gcathú. Ní hé Dia a bhrúnn i gcathú mé le go bhfeicfeadh sé ag titim mé. Ní dhéanfadh athair é sin, is amhlaidh a chuidíonn athair leat seasamh ar do chosa arís. Sátan a chuireann cathú orainn, sin é a chúram siúd.”

Ghlac Comhdháil Easpagóideach na hIodáile leis an bhfoclaíocht nua le déanaí agus is é an leagan nua a bheidh sa chéad leabhar aifrinn eile, an Messale Romano.

Deirtear i Maitiú 6:9-13, gur mhúin Íosa an ‘Paternoster’ nó an ‘Ár nAthair’ dá chuid deisceabal nuair a d’fhiafraigh siad de conas a d’fhéadfaidís guí a dhéanamh.

Aramais a bhí á labhairt ag Íosa ach aistríodh go Gréigis, Laidin agus teangacha eile an phaidir ina dhiaidh sin agus is cuid lárnach den Chríostaíocht í ó shin.

D’athraigh easpaig na Fraince an fhoclaíocht de ‘Notre Père’ in 2017 agus is é an leagan nua de Paternóster atá sa Spáinnis, teanga dhúchais an Phápa, arb as an Airgintín dó.

Ní leis an bPápa aon aistriúchán faoi leith a chur i bhfeidhm mar is faoi na heaspaig sna tíortha éagsúla a bhíonn an cinneadh sin.

Dar leis an tráchtaire agus aistritheoir Máire Ní Fhinneadha nach baol don leagan Gaeilge den phaidir.

“Is cosúil nach gcuirfidh an t-athrú seo aon mhairg ar aon Ghaeilgeoir deabhóideach mar gur ‘ná lig sinn i gcathú’ atá againn sa leagan Gaeilge cheana féin agus gan aon mhilleán á chur againn ar Dhia faoinár gcathú,” arsa Máire Ní Fhinneadha.

Dúirt an t-aistritheoir agus saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn gur dóigh go bhfuil an leagan Gaeilge den phaidir ag teacht le meon an Phápa cheana féin mar nach bhfuil ‘lig’ na Gaeilge “chomh gníomhach céanna le ‘lead’ an Bhéarla”.

Ní ghéillim féin do dhia ná do dhéithe, agus seans gur dána an mhaise dom tuairim ar bith a nochtadh faoin scéal. Mar sin féin, measaim go bhfuil an ceart ag an Phápa faoin cheist aistriúcháin. Tugann ‘do not lead us into temptation’ le fios gurb é Dia féin a bhíonn ag cur gaistí do lucht an chreidimh.

“Má ghlactar leis an leasú atá molta – ‘do not let us fall into temptation’ – ní bheidh mealladh ná mioscais á chur i leith Dia féin ar an tslí dhíreach sin. Is ionann meon don fhriotal sin agus do fhriotal na Gaeilge: ‘ná lig sinn i gcathú’.”

Is ait le Mac Lochlainn, údar saothar amhail In Ord agus in Eagar agus Ó Bhéarla go Gaeilge, gné amháin den aitstriúchán nua.

“Ceist a spreagtar i m’intinn féin: is é guí an téacs leasaithe nach ligfidh Dia do lucht an chreidimh titim i ngaistí a chuireann neacha eile – an Diabhal, cuir i gcás. Ach nach dtugann ‘lig’ agus ‘let’ le fios go dtiocfadh le Dia lucht an chreidimh a chosaint ar gach cathú, dá mba mhian leis?

“Thuigfeá ón aistriúchán leasaithe nach mbíonn Dia ag seoladh daoine chun peaca ach nach bhfuil rún aige claí cosanta a chur timpeall an pheaca ach an oiread. Is ait liomsa sin, ach ní diagaire mé. Dá mbeadh cead mo chinn agamsa an téacs a leasú, is dócha go scríobhfainn ‘Ná lig sinn i dteimtéisean’ – díreach le holc a chur ar Ridirí na Glan-Ghaeilge!”

Tá an diagaire ar aon intinn leis na haistritheoirí sa chás seo.

Dúirt John Robinson, diagaire agus Gaeilgeoir in Institiúid Prióireachta na nDoiminiceánach i mBaile Átha Cliath, nach raibh “fadhb ar bith” leis an leagan Gaeilge den phaidir, murab ionann agus leaganacha eile.

“Is í bunchloch na ceiste ná brí an fhocail Peirasmos sa bhunleagan Gréigise. Tá dhá rud i gceist leis an bhfocal. Cíallaíonn sé ‘tástáil’, an cineál tástáil a chuirfeá ar dhuine ina ghnáthshaol laethúil ach tá brí eile leis a thuigfeadh na luathchríostaithe go maith – brí gné apaicilipteach ag baint léi. Tacaíonn go leor scoláirí leis an teoiric seo go bhfuil cineál eile tástála i gceist chomh maith, an tástáil a bhainfeadh leis na laethanta deireanacha agus an cath mór idir an mhaith agus an t-olc. Caithfidh tú smaoineamh go mbeadh na macallaí san urnaí iontach difriúil do na luathchríostaithe, tráth go raibh daoine ag súil go dtiocfadh Íosa Críost ar ais go luath.”

Dar le John Robinson go bhfuil  leagan nua an Phápa “cliste” sa tslí go dtugann sé “an dá bhrí sin” sa bhunleagan leis.

“Tá níos mó i gceist sa Ghréigis ná mar a thugtar le fios sa leagan tradisiúnta i mBéarla. Níl Dia ag stiúradh an duine i dtreo an chathaithe, ní hé toil Dé atá ann,” a dúirt sé.

Dúirt an diagaire chomh maith go bhfuil an leagan Gaeilge mar atá slán mar go bhfuil sé dílis don “ollchomhthéacs” a bhaineann leis an bpaidir agus le moladh an Phápa.

Dúirt sé gur slán chomh maith sa leagan Gaeilge – ‘Ná lig sinn i gcathú’ –“an coincheap” go bhfuiltear ag achainí ar Dhia gan “ligean dúinne praiseach a dhéanamh de rudaí”.

“Sa traidisiún Caitliceach caithfear achan mhír a léamh i gcomhthéacs na míreanna eile,” arsa John Robinson, feidhmneannach acadúil in Institiúid Prióireachta na nDoiminiceánach.

Tharraing athrú eile ar fhocail an aifrinn a lán cainte in 2011 nuair a socraíodh athruithe a dhéanamh ar chuid d’fhocail an aifrinn, san áireamh ‘agus le do spiorad’ a chur in áit ‘agus leat féin’ mar aistriúchán ar ‘et cum spiritu tuo’.

Sa chás sin chomh maith ba bheag athrú a bhí le déanamh ar an leagan Gaeilge.

Fág freagra ar 'A bheannacht tugtha ag an bPápa d’athrú san ‘Our Father’ ach an leagan Gaeilge ‘slán’ mar atá'

  • An Déaghnach

    Cén chaoi ar féidir leat ‘ná lig sinn i gcathú’ a aistriú go Béarla go díreach?