100 bliain ó rinneadh aire de chuntaois, cá bhfuil cumhacht na mban?

100 Bliain ó fuair roinnt ban cearta vótála tá sé tráthúil go bhfuil beirt bhan i gceannas ar Shinn Féin, ach cén seasamh dáiríre atá ag mná sa pholaitíocht?

100 bliain ó rinneadh aire de chuntaois, cá bhfuil cumhacht na mban?

Beirt bhan ag glacadh ceannais ar Shinn Féin sa tseachtain a rabhthas ag ceiliúradh na sufraigéidí agus cearta vótála do mhná. Nach aisteach gur díol suntais é inscne Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill, comharbaí Gerry Adams agus Martin McGuinness?

Céim mhór i stair Shinn Féin é gan dabht. Athrú ré. Na daoine a bhí luaite le feachtas foréigin an IRA imithe agus súil ag an bpáirtí go mbeidh sé níos furasta cumhacht a bhaint amach ar dhá thaobh na teorann gan síorthromaíocht faoi oidhreacht na dtrioblóidí.

Ní ribín réidh é sin.

Tá dúshláin mhóra le sárú ag na ceannairí nua – neart a bhailiú sa deisceart agus an tacaíocht ollmhór atá ag Sinn Féin ó thuaidh a chaomhnú, agus é sin a dhéanamh chun fóint ar an bpobal. Tá promhadh déanta ar Mary Lou McDonald sa Dáil; tá a fhios gur parlaiminteoir cumasach í, cainteoir géarchúiseach. Ní hionann sin agus a bheith straitéiseach faoi chúrsa an pháirtí, áfach.

Beidh suim ag gach éinne ina plean agus a cur chuige ina leith sin. “Tá mo chuid bróg féin agamsa,” a dúirt Mary Lou McDonald le slógadh de chuid Shinn Féin i mBéal Feirste le gairid. Bhí sí ag trácht ar an gcaint faoi chomh deacair is a bheadh sé bróga Gerry Adams a líonadh. Dia beag is ea Adams i súile a lucht leanúna agus is léir gur cheannaire ardchumais ab ea é ar Shinn Féin – admhaíonn gach éinne an fhorbairt ollmhór a rinne sé ar an bpáirtí fiú na daoine a cháineann as éadan a ról sa bhfeachtas foréigin.

I gcás Michelle O’Neill tá sí ainmnithe mar cheannaire i Stormont le bliain, bhí imprimatur Martin McGuinness aici agus dea-thoil an lucht leanúna dá réir. Ach i bhfianaise an fholúis, níl tuairim ag an bpobal cén mianach atá inti. Chaith sí míonna ag seasamh le hais Gerry Adams agus eisean ag freagairt ceisteanna. Nuair a tugadh deis chainte di, maíodh nach ndearna sí ach manaí a spalpadh.

Má dhéantar margadh inmharthana i Stormont conas a ghabhfaidh sí i ngleic leis na cruacheisteanna a bhaineann leis an mBreatimeacht, cuir i gcás? Bíonn foireann mhór idirbheartaithe ag Sinn Féin i gcónaí agus gan dabht leanfar leis an gcleachtas sin ach déanfar tástáil ar Michelle O’Neill ar bhealaí nach bhfacthas go dtí seo.

Bheadh na dúshláin sin le sárú ag ceannaireacht nua ar bith. Ach an mbeidh deacrachtaí sa bhreis le sárú ag mná? Nó an é nach ndéanann inscne difear ar bith? As na cúig phríomhpháirtí i Stormont tá mná ina gceannairí ar thrí cinn. Arlene Foster, ceannaire an DUP, Naomi Long ceannaire an Alliance agus Michelle O’Neill. (Is iad Colum Eastwood, SDLP agus Robin Swann, UUP an bheirt cheannairí eile.) Tá siad ag déileáil le mná i rialtas na Breataine, an Státrúnaí Caomhach, Karen Bradley. agus an Príomh-Aire Theresa May.

Fir iad tromlach na n-ionadaithe sna páirtithe a bhfuil na mná sin i gceannas orthu díreach mar a bhí i bpáirtithe a raibh mná i gceannas orthu cheana. Cultúr fireann a bhíonn i bpáirtithe polaitíochta. Ar an oileán seo ba iad na huachtaráin Mary Robinson agus Mary McAleese an bheirt bhan ab éifeachtaí sa saol polaitiúil. Ní de sheans a tharla sé sin, post neamhpholaitiúil atá san uachtaránacht. Ní raibh siad ag freagairt do bhaill aon pháirtí.

Ar ndóigh tá sé ionann is dochreidte gur thóg sé caoga bliain i ndiaidh na Cuntaoise, Constance Markievicz, sular cheap an rialtas ó dheas an dara bean – Máire Geoghegan Quinn – mar Aire. Tá feabhas ar chomhdhéanamh na gcomh-aireachtaí ó shin ach ní raibh Taoiseach ban againn go fóill. Ganntanas na mban i measc na n-ionadaithe nó na dTeachtaí an fhadhb is mó, áfach. Tá líon na n-ionadaithe tofa méadaithe thuaidh agus theas le tamall anuas ach nílimid i ngar ná i ngaobhar d’aon chomhréir idir an daonra agus na huimhreacha sa Dáil agus i Stormont. Dá huireasa sin is deacair a shamhlú conas a dhéanfaidh mná mar cheannairí aon chlaochlú ar a bpáirtithe.

Beimid ag faire.

Fág freagra ar '100 bliain ó rinneadh aire de chuntaois, cá bhfuil cumhacht na mban?'