Is deas iad léaspairtí beaga dóchais an earraigh, ach iontas ann féin anois é botún ag imreoir ó Áth Cliath

Níl aon mhaolú ag teacht ar ghoile Bhaile Átha Cliath ach níl na babhtaí luaithe sraithe gan a maitheasaí féin mar is eol cheana do lucht na caide i gCiarraí agus sa Ghaillimh

Is deas iad léaspairtí beaga dóchais an earraigh, ach iontas ann féin anois é botún ag imreoir ó Áth Cliath

Eoghan O'Gara agus cúl á fháil aige do Bhaile Átha Cliath i gcoinne Thír Eoghain. ©INPHO

Mairg don té a bheadh ag cur airgid a chluichí sa tsraith náisiúnta caide an deireadh seachtaine seo caite. Go deimhin féin, mairg don té a bheadh ag cur airgid ar chluichí caide in aon chor an t-am seo den mbliain nó aon tráth eile.

Taibhsíodh dom agus mé ag faire ar Dhún na nGall i gCill Airne sa chéad bhabhta sraithe go raibh dóthain ina dtaispeántas chun an Ghaillimh a chur de dhroim seoil agus iad ag imirt ag baile i Leitir Ceanainn sa dara babhta Dé Domhnaigh seo caite.

Glacaim leis ná fuil ag éirí leis na Conallaigh le tamall anuas aon ní cóir a dhéanamh i bPáirc Uí Dhónaill ach mar sin féin, le Patrick McBrearty agus Ódhrán Mac Niallais ag imirt mar a bhíodar i gCill Airne, cheapas go mbeadh sé i ndán do Dhún na nGall dhá phointe sraithe a bhuachtaint roimis a dturas go Páirc a’ Chrócaigh chun aghaidh a thabhairt ar Áth Cliath Dé Sathairn seo chugainn.

Tá na haon seans gur dealbh a bheidh siad ag fágaint cheanncheathrú CLG an deireadh seachtaine seo chugainn toisc go bhfuil an chuma ar an scéal anois ná fuil aon fhonn ar mháistrí na caide a ngreim a scaoileadh ar an bhfáisc atá acu ar an uile fhoireann anois.

Ba iad lucht na ngeansaithe gléineacha, Cill Dara agus Tír Eoghain, an dá fhoireann is déanaí a d’fhoghlaim gur taithí a dheineann máistreacht. Ach tá cás le déanamh chomh maith don mháistreacht ag cruthú nós agus taithí an bhua i gcás Átha Cliath. Tá taithí fachta anois acu ar a máistreacht féin agus is geall le hiontas ann féin anois é nuair a dheineann imreoir ó Áth Cliath botún i seilbh na caide.

Nuair is mó a bhíonn cluichí ina dteas, is minic a chloistear tráchtairí ag rá fé imreoirí ar leith go dtaibhsítear dóibh go bhfuil ‘breis ama ar an gcaid aige’. Dar ndóigh, níl san éachtaint seo ach cuid den scéal. Bíonn na soicindí céanna i seilbh na caide ag na himreoirí ar fad atá ag imirt chaide ag an leibhéal seo.

Níl ann ach go mbaineann na himreoirí maithe leas níos fearr as an am atá acu. Deir lucht taighde go bhfuil seo fíor fé phlúr na n-imreoirí ins na haon ghné dá saol. Fiú ins an 168 uair an chloig atá sa tseachtain acu agus againn go léir. Táid siúd atá ag bláthú ag an leibhéal is airde ábalta a gcuid ama a dháileadh, a riaradh agus a ionramháil lasmuigh de pháirc na himeartha chomh maith. Is é an dála céanna ar pháirc na himeartha é. Tá seilbh na caide agat, aon fhéachaint thomhaiste amháin, pas láimhe nó pas coise agus ar aghaidh leat.

Tá ainm in airde le tamall ag All Blacks na Nua-Shéalainne de bharr a dtuisceana agus a máistreachta ar chúrsaí ama ar pháirc na himeartha. B’fhéidir go mbeadh na hAll Blacks scór amháin chun deiridh, úd agus slánú de dhíth agus dhá nóiméad ar an gclog. Is é an dearcadh atá acu ná go bhfuil ‘dhá nóimeat iomlán againn chun an cúram a dhéanamh’. Tá buaite cheana acu.

Sean O’Shea i gcoinne Mhaigh Eo ©INPHO/John McVitty

Tá tuiscint ghléineach ag Áth Cliath ar conas feidhmiú sna nóimeataí cinniúnacha chomh maith toisc go bhfuil máistreacht acu ar an gclog agus ar na riachtanais a ghabhann leis.

Pé scéal ag máistrí é, tá na haon snap ag daltaí óga ar nós Colm Basquel agus Brian Howard ar an gcaid a tháinig ina dtreo ó thús na bliana.

Níl aon mhaolú ag teacht ar a ngoile agus má táthar chun buachtaint sa bhfeachtas sraithe seo orthu, b’fhéidir gur thar Sionainn siar i gCaisleán an Bharraigh i ndeireadh na míosa nó i mBóthar na Trá i rith dheireadh seachtaine na Féile Pádraig a thiocfaidh an t-iontas. Ach ná bí ag brath air.

Nó b’fhéidir gur cheart dúinn éirí as ar fad a bheith ag déanamh iontais de thorthaí an luath-earraigh agus fanacht go deireadh na sraithe mar a mbeidh pictiúr níos soiléire againn ar a bhfuil i ndán d’fhoirne éagsúla amach sa bhliain.

Dála iománaithe Chill Chainnigh sna deich mbliana atá caite, ba dhóigh leat ná fuil sa bhfeachtas sraithe anois ach comórtas ar leith féachaint cé acu de na hiomaitheoirí a léireoidh mianach éigin a thabharfadh le tuiscint duit go bhféadfaí barrthuisle a bhaint as peileadóirí Átha Cliath. Feitheamh fada ar chosa laga.

Níl na babhtaí luaithe sraithe gan a maitheasaí féin, áfach.

Bhain an uile dhuine a bhí i láthair i Staid an Ghearaltaigh seachtain ón Domhnach seo caite lán na súl agus lán na pípe as an imirt. Ba mhór an seó ag scata sa Ríocht, chomh maith, na léaspairtí beaga dóchais a thug ógánaigh ar nós David Clifford agus Seán O’Shea dóibh.

Bua gan choinne a bhí Dé Sathairn seo caite i gCaisleán an Bharraigh acu agus fiú má tá botúin á ndéanamh sa chosaint i gcónaí, tá ceisteanna á gcur, tá stailceanna righne á nochtadh féin agus tá tréith a bhí ar lár le tamall, dánaíocht na hóige, sa treis arís.

N’fheadar an bhfuil aon bhaint ag na geansaithe nua atá deartha ag Paul Galvin leis an gcúram? Fágfaimid siúd mar atá sé.

Fág freagra ar 'Is deas iad léaspairtí beaga dóchais an earraigh, ach iontas ann féin anois é botún ag imreoir ó Áth Cliath'