Tá Leo Varadkar nach mór ina Bertie Ahern mar Thaoiseach, cad a dhéanfaidh FF agus SF?

Bhí seans ag Fianna Fáil bliain ó shin dúshlán Fhine Gael a thabhairt nuair a bhí siad chun tosaigh sna pobalbhreitheanna, ach ní hamhlaidh an scéal le beagnach bliain anois

Tá Leo Varadkar nach mór ina Bertie Ahern mar Thaoiseach, cad a dhéanfaidh FF agus SF?

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Drochscéal eile d’Fhianna Fáil ab ea an phobalbhreith a foilsíodh ar na mallaibh san Irish Times.

Léiríodh go bhfuil an páirtí i gcónaí taobh thiar d’Fhine Gael, naoi bpointe sa chás seo, agus go bhfuil glacadh ag an bpobal le Leo Varadkar mar Thaoiseach ag leibhéal nár facthas ó bhí Bertie Ahern in airde réim.

Is cosúil ar ndóigh nach ndearna ráiteas Mhichíl Martin faoi ghinmhilleadh aon dochar dó ná don pháirtí, ach nach ndearna sé aon mhaith ach an oiread. Agus tuige an ndéanfadh nuair is é Leo Varadkar mar Thaoiseach atá ag cur na straitéise don reifreann le chéile, mar aon leis na polasaithe eile ar thithíocht, sláinte, oideachas is eile.

Agus sin é an faopach ina bhfuil Fianna Fáil sáinnithe. Cé go mbíonn mion-argóintí ann ó am go chéile faoi ghnéithe imeallacha de na polasaithe sin, is léir go bhfuil mórán an polasaí céanna á mholadh ag an dá pháirtí. Cén fáth mar sin go n-athrófaí ó pháirtí amháin go páirtí eile mura bhfuil aon difear suntasach le tabhairt faoi deara?

Maidir le ginmhilleadh de agus an tuairim go mbaineann cur ina choinne le seandearcadh na seanré, in ainneoin ráitis an cheannaire, ní chabhraíonn sé go bhfuil an oiread sin Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil ag labhairt amach in aghaidh na haisghairme.

Níos measa fós, ní léir go bhfuil aon tacaíocht á cailliúint ag Fine Gael mar gheall ar an scéal seo. ’Sea, tá daoine ann a bhfuil an seandearcadh acu, ach feictear gur rud imeallach d’Fhine Gael é.

Mar an gcéanna maidir le cúrsaí náisiúnta de. Ní dhearna agus ní dhéanann ionsaithe an DUP ar Varadkar nó ar Coveney aon dochar d’Fhine Gael.  A mhalairt.  Cuireann siad daoine a bhíodh ag vótáil d’Fhianna Fáil ar a suaimhneas agus lagaíonn siad an seantuairim go raibh Fine Gael níos fabhraí do dhearcadh Shasana ná Fianna Fáil.

Bhí seans ag Fianna Fáil bliain ó shin dúshlán Fhine Gael a thabhairt nuair a bhí siad chun tosaigh sna pobalbhreitheanna, ach ní hamhlaidh an scéal le beagnach bliain anois.

Agus de réir mar a thiteann Fianna Fáil ar gcúl sna pobalbhreitheanna, is mó fearg atá ann i measc Theachtaí Dála Fhianna Fáil i dtaobh lucht ceannais an pháirtí.

Ar ndóigh ní fhéadfadh Billy Kelleher agus a leithéidí gearán a dhéanamh faoi sheasamh Martin maidir le ginmhilleadh de, mar ba é Kelleher féin a chuir an polasaí sin chun tosaigh i dtús báire, ach tá olc á chur ag Martin orthu siúd a bhfuil an seandearcadh acu agus orthu siúd a bhí ag moladh anuraidh go dtabharfaí faoi Fhine Gael.

Tuigeann daoine gur dócha nach ndéanfadh sé aon difear dá mbeadh athrú ceannaire ann anois, ach mura dtagann borradh faoi Fhianna Fáil roimh an olltoghchán beidh deireadh le ceannaireacht Mhartin.  Agus níl aon ábhar borrtha le feiceáil faoi láthair.

Níos tábhachtaí ná sin, ar ndóigh, tá an cheist faoi ról Fhianna Fáil ann i gcónaí.  An crann taca d’Fhine Gael a bheidh iontu feasta, nó an féidir leo bogadh ar chlé agus socrú a dhéanamh le Sinn Féin? An cabhair dá leithéid go bhfuil ceannaire nua ag Sinn Féin?

Maidir le Sinn Féin, tá siad sáinnithe díreach faoi bhun an 20%, agus níl aon chomhartha ann ach an oiread go dtiocfaidh aon athrú air sin. Ach ní buille marfach don pháirtí an scéal sin.  Caithfidh siad a bheith foighneach i gcónaí.

Mar cé nach bhfuil siad ag dul i méad go mór, níl aon ghaisce á dhéanamh páirtithe eile na heite clé.  Tá Páirtí an Lucht Oibre, ag 4%, ar leaba an bháis agus níl na páirtithe Trotscaíteacha ag baint aon tairbhe as a síorionsaithe ar Shinn Féin a.

Ach an bhfágfadh Sinn Féin cuid dá réabhlóideachas ar leataobh ar mhaithe le socrú a dhéanamh le Fianna Fáil, abair? Ceist thábhachtach bhunúsach í seo.

Cheana féin, deir an ceannaire nua, Mary Lou McDonald, nach bhfuil aon naimhdeas aici don Aontas Eorpach ach gurb amhlaidh go bhfuil dearcadh criticiúil aici faoi. Feicfear amach anseo céard is brí leis sin, go háirithe nuair agus an tAontas meáite ar dhul ar aghaidh go pras i dtreo ollstát a chruthú agus tuilleadh cumhachta a tharraingt i dtreo an láir.

An ndéanfadh Fianna Fáil líne dhearg a tharraingt faoina ndílseacht don Aontas, nó an éireoidh Sinn Féin as a dtost faoin Aontas de réir mar a théann an Breatimeacht i bhfeidhm agus de réir mar a chuireann an tAontas gothaí troda air féin i gcoinne an náisiúnachais.

Fág freagra ar 'Tá Leo Varadkar nach mór ina Bertie Ahern mar Thaoiseach, cad a dhéanfaidh FF agus SF?'