1,500 uair an chloig de scéalta nuachta Gaeilge ar fáil ar líne agus Cartlann Nuacht TG4 1996-2004 seolta

Táthar ag súil go gcuirfidh ‘lucht staire, léinn, seanchais agus oideachais’ suim i scéalta na cartlainne nua agus go mbainfidh foghlaimeoirí Gaeilge leas aisti chomh maith

1,500 uair an chloig de scéalta nuachta Gaeilge ar fáil ar líne agus Cartlann Nuacht TG4 1996-2004 seolta

Tá cartlann nua ina bhfuil os cionn 1,500 uair an chloig d’ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a craoladh ar TG4 seolta ag an Aire Cumarsáide Denis Naughten i mBaile Átha Cliath inniu.

Scéalta agus cláracha a craoladh ar TG4 idir 1996 agus 2004 atá ar fáil sa chartlann dhigiteach, Cartlann Nuacht TG4 1996-2004, a sheol an tAire Cumarsáide in oifigí Údarás Craolacháin na hÉireann.

An tAire Cumarsáide Denis Naughten agus an craoltóir Páidí Ó Lionáird ag seoladh Cartlann Nuacht TG4 1996-2004. Pictiúr: Bryan Brophy

Fuair an togra maoiniú ó Scéim Chartlainne an Údaráis Chraolacháin agus cead ó RTÉ agus ba é an comhlacht Gaeltachta Europus a rinne an catalógú ar an gcartlann.

Foireann TG4 féin, le tacaíocht ó RTÉ Archives, a dhear an córas a chóirigh agus a ghlan an t-ábhar ar téip sular aistríodh é go formáid dhigiteach. Tá an t-ábhar ar fáil anois ar shuíomh idirlín TG4.  

I ráiteas a chuir TG4 amach inniu dúradh go raibh “taisce luachmhar ilghnéitheach ábhair ar fáil sa gCartlann seo, scéalta Gaeltachta, náisiúnta agus idirnáisiúnta ó chian is ó chóngar, léirithe go físiúil,  agallaimh le híseal agus uasal agus tuairiscí ar ghnéithe iontacha, aisteacha, ghreannmhara agus thubaisteacha de shaol na hÉireann agus na Gaeltachta go háirithe”. 

Táthar ag súil go gcuirfidh “lucht staire, léinn, seanchais agus oideachais” suim i scéalta na cartlainne nua agus go mbainfidh foghlaimeoirí Gaeilge leas aisti chomh maith. 

Dúradh go mbeadh Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag tarraingt ar an ábhar freisin “mar acmhainn léinn i raon leathan cúrsaí agus modúl”.

 

Fág freagra ar '1,500 uair an chloig de scéalta nuachta Gaeilge ar fáil ar líne agus Cartlann Nuacht TG4 1996-2004 seolta'