Chomh lag is go leagfadh téad damhán alla mé.
Sin é a dúirt fear a bhí lagtha ag tinneas. D’fhéadfadh sé a rá freisin go raibh sé chomh lag le héinín gé, chomh lag le tráithnín, chomh lag le ribe clúmhaigh, chomh lag leis an luachair nó chomh lag le gas boigiúin.
Maidir leis an bhfocal sin boigiún, leagan eile air is ea bogshifín, ‘bulrush’ i mBéarla.
Ó thaobh a bheith láidir in éadan oibre , fiafraíodh d’fhear uair amháin an raibh comharsa leis láidir nó go maith ag obair.
‘Ní chartfadh sé tuí ó lacha,’ a dúirt sé.
Nach deas é?
Fág freagra ar 'Nach deas é? – ‘Ní chartfadh sé tuí ó lacha’'