Ochtar nua curtha le ainm.ie agus aitheantas d’idir bhreithiúna, amhránaithe, agus laochra CLG

Tá ocht mbeathaisnéis nua-scríofa curtha leis an mbunachar náisiúnta beathaisnéisí Gaeilge ainm.ie

Ochtar nua curtha le ainm.ie agus aitheantas d’idir bhreithiúna, amhránaithe, agus laochra CLG

Is iad Stiofán Ó hAnnracháin, Tomás Ó Con Cheanainn, Muireann Ní Bhrolcháin, Dónall Ó Cuill, Adrian Hardiman, Liam Ó Murchú, Joe John Mac an Iomaire agus Seosamh Mac Donncha an t-ochtar a bhfuil a mbeathaisnéisí curtha leis an mbunachar beathaisnéise.

Ba é Stiofán Ó hAnnracháin (1930–2014) ba thúisce a d’fhoilsigh formhór mór na mbeathaisnéisí atá ar ainm.ie agus chaith sé a shaol ag obair in earnáil an oideachais, an léinn agus na foilsitheoireachta.

Ollamh leis an nGaeilge Chlasaiceach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ab ea Tomás Ó Con Cheanainn (1921–2015), arbh as an Spidéal, i gConamara ó dhúchas é. Chomh maith lena chuid léachtóireachta, bhí Ó Con Cheannainn ina eagarthóir ar an iris léinn, Éigse, agus ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann.

Léachtóir le Sean-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ab ea Muireann Ní Bhrolcháin (1955–2015), a rinne an-chuid feachtasaíochta chun Teamhair na Rí agus Scrín Cholm Cille a chaomhnú. Scríobh sí roinnt leabhar ficsin do dhéagóirí chomh maith.

Státseirbhíseach, scríbhneoir, aisteoir, amhránaí agus foilsitheoir ab ea Dónall Ó Cuill (1933–2013), a rugadh i mBaile Átha Cliath ach a raibh Gaeilge Mhúscraí aige ó dhúchas. Bhí an-bhaint aige leis an gComhdháil Cheilteach agus chaith sé tréimhse ina uachtarán idirnáisiúnta uirthi.

Chaith Adrian Hardiman (1951–2016) sé bliana déag ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach. Bhí sé sa mhóramh i gcás cúirte in 2001 nuair a thug an Chúirt Uachtarach a breith go raibh dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal sa chéad teanga oifigiúil a luaithe agus a chuireann an tUachtarán lámh le Bille.

Leascheannasaí Clár agus Leas-Stiúrthóir Ginearálta in RTÉ ab ea Liam Ó Murchú  (1929–2015). Chuir sé an clár ‘Trom agus Éadrom’ i láthair ó lár na 1970idí go dtí lár na 1980í. Chaith sé seal mar chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus bhí baint aige le logainmneacha Gaeilge a chur ar na busanna.

Thug an t-amhránaí Joe John Mac an Iomaire (1934–2015) Corn Uí Riada leis faoi dhó, ag Oireachais 1975 agus 1977. Ba as Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe é Mac an Iomaire, agus bhuaigh sé Comórtas na bhFear faoi dhó chomh maith, i 1968 agus arís deich mbliana ina dhiaidh.

Bhain Seosamh Mac Donncha (1953–2016) cáil amach mar imreoir ar fhoireann iomána na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1980 agus ceapadh ina Uachtarán ar CLG é i 1997. Chaith sé tamall ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge agus bhí sé tamall ina chathaoirleach ar bhord TG4 chomh maith.

Is cnuasach beathaisnéisí ar líne é ainm.ie a chuimsíonn breis agus 1,700 beathaisnéis ó 1560 go dtí an lá inniu. Bunaíodh painéal comheagarthóirí in 2013 faoi stiúir Cló Iar-Chonnacht le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus le cinn úra a scríobh. Ba iad Éilís Ní Anluain, Mártan Ó Ciardha, Lillis Ó Laoire agus Éanna Mac Cába a sholáthair na cuntais seo ar shaol na ndaoine is déanaí a cuireadh leis an mbunachar.

Fág freagra ar 'Ochtar nua curtha le ainm.ie agus aitheantas d’idir bhreithiúna, amhránaithe, agus laochra CLG'

  • Éamonn Ó Dónaill

    Tá ainm.ie sármhaith – agus ag feabhsú leis.