€82,000 sa bhliain do phost le 7Lá – eagarthóir á lorg do chlár cúrsaí reatha TG4

RÉAMHRÁ: Tá Eagarthóir Léiriúcháin á lorg ag RTÉ don leagan nua den chlár 7Lá, a chuirfidh RTÉ ar fáil do TG4 sa bhliain nua

€82,000 sa bhliain do phost le 7Lá – eagarthóir á lorg do chlár cúrsaí reatha TG4

Tá post eagarthóra don leagan nua den chlár 7Lá, a chuirfidh RTÉ ar fáil do TG4 sa bhliain nua, fógartha ag an gcraoltóir náisiúnta.

Tá suas le €82,000 sa bhliain luaite leis an bpost mar Eagarthóir Léiriúcháin, Nuacht agus Cúrsaí reatha le Nuacht RTÉ/TG4.

Post lánaimseartha ar bhonn conartha atá sa phost nua.

Mairfidh an conradh ar feadh dhá bhliain agus beidh an t-eagarthóir nua lonnaithe i stiúideo TG4 i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe.

Táthar ag lorg duine a bhfuil taithí iriseoireachta agus tuiscint ar chúrsaí nuachta aige, a bhfuil “an fhís agus an chruthaitheacht” ann ábhar “uathúil agus cruthaitheach” a sholáthar do 7Lá.

Beidh ardchaighdeán Gaeilge, idir scríofa agus labhartha, ag teastáil ón eagarthóir nua freisin, chomh maith le heolas ar ghnóthaí nuachta réigiúnacha, náisiúnta, agus idirnáisiúnta.

Tá duine “uaillmhianach, díograiseach atá ábalta oibriú go cruinn paiteanta faoi bhrú” ag teastáil ó RTÉ don fholúntas.

Beidh an t-eagarthóir nua ag obair “moch ar maidin, déanach sa tráthnóna, ag an deireadh seachtaine agus ar saoirí bainc”.

D’fhógair Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont níos luaithe an mhí seo go mbeadh 7Lá ag filleadh ar TG4 sa bhliain nua ach go mbeadh “cuma nua” ar an gclár a sholáthróidh RTÉ don stáisiún Gaeilge feasta.

Roimhe seo ba é TG4 féin a léiríodh 7 Lá, ach faoin socrú nua is é RTÉ a chuirfidh an clár seachtainiúil cúrsaí reatha leathuair an chloig ar fáil do TG4 mar chuid dá soláthar reachtúil don stáisiún Gaeilge.

Cé gur léiriú de chuid RTÉ a bheidh i 7 Lá feasta, foireann theicniúil de chuid TG4 a bheidh ag obair air. Tógfar seit nua don chlár a chraolfar ó Bhaile na hAbhann uair sa tseachtain, ach ní fios fós go fóill cad iad na nithe sainiúla eile a bhainfidh leis.

Fógraíodh níos túisce i mbliana go raibh deireadh á chur leis an gclár cúrsaí reatha mar chuid de chur chuige úr an Ardstiúrthóra nua, Alan Esslemont. Mar chuid den chur chuige nua sin fógraíodh go mbeadh deireadh á chur leis na cláir chainte stiúideo a dhéantar sa stáisiún féin. I measc na gclár eile ar cuireadh deireadh leo bhí na sraitheanna Róisín, Béaloideas Beo agus Seó Spóirt.

Bhain conspóid mhór go háirithe leis an gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt, cinneadh a raibh go leor gearán faoi ar na meáin shóisialta agus ar na nuachtáin.

Fág freagra ar '€82,000 sa bhliain do phost le 7Lá – eagarthóir á lorg do chlár cúrsaí reatha TG4'

  • Micheál Ó hArtagáin

    “tuiscint ar chúrsaí nuachta aige”?
    Ní fheicim aon áit sa bhfógra gur do fir amháin an post.

  • Éadóchasach

    Tá dul amú ort, a Mhíchíl.

    Ní thugann úsáid an fhocail “aige” le fios go bhfuil fir amháin á lorg le haghaidh an phoist, ach gur focal firinscneach é an focal “duine”: ‘Táthar ag lorg DUINE a bhfuil taithí iriseoireachta agus tuiscint ar chúrsaí nuachta AIGE’. Dá mba rud é go mbeadh an t-alt so scríte i bhFraincis, do bhainfí úsáid as an bhfoirm bhaininscneach toisc go ndeirtear “la personne”.

    Ní hionann gramadach na Gaeilge agus gramadach an Bhéarla. Ná déanaimis dearmad air sin.