Cluichí i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall le taispeáint beo ar eir Sport

Déanfar beochraoladh ar chluichí i mbabhta ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile an chontae an mhí seo chugainn

Cluichí i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall le taispeáint beo ar eir Sport

Imreoir Ghleann tSúilí, Michael Murphy, i rith chluiche ceannais Dhún na nGall 2016. Pictiúr: INPHO/Kieran Murray

Déanfar beochraoladh ar phéire de na cluichí ceathrú ceannais i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall an mhí seo chugainn.

Tá sé fógartha ag eir Sport go dtaispeánfaidh siad na cluichí, a imreofar Dé Domhnaigh, an 4 Meán Fómhair. Níl sé socraithe cé a bheidh ag imirt sna cluichí sin agus cluiche amháin eile le himirt fós i mbabhta na ngrúpaí.

Níl áit chinnte sna babhtaí ceathrú ceannais go fóill ach ag Cill Charthaigh, Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill agus tá roinnt mhaith foirne eile fós san iomaíocht.

Tá curaidh 2016, Gleann tSúilí, i mbaol cailleadh amach ar áit sa bhabhta ceathrú ceannais tar éis do Ghaoth Dobhair an ceann is fearr a fháil orthu an deireadh seachtaine seo caite. Fiú má bhuann foireann Michael Murphy ar Chill Charthaigh an Domhnach seo, d’fhéadfadh Gaoth Dobhair fós a bheith sa dara háit i nGrúpa C dá n-éireodh leo an ceann is fearr a fháil ar Ard an Rátha.

Beidh eir Sport ag taispeáint cluichí ó Chraobh Shinsir Iomána Luimnigh an mhí seo chugainn mar chuid den socrú a fógraíodh níos luaithe i mbliana agus suas le 30 cluiche club le craoladh ag an stáisiún spóirt. Ní chuirfidh an socrú nua le eir Sport isteach ar chlúdach TG4 ar chraobhacha na gclubanna.

“Tá an-áthas orainn craoladh ar chraobhacha AIB na gclubanna agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le bord chontae Dhún na nGall agus bord Luimnigh as a gcabhair chun é seo a dhéanamh,” a deir Glen Killane, stiúrthóir bainistíochta eir TV & Sport.

“Beidh sé iontach a bheith faoi lán seoil agus fógrófar níos mó cluichí as seo go ceann cúpla seachtain.”

Fág freagra ar 'Cluichí i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall le taispeáint beo ar eir Sport'