Céim ar gcúl á tabhairt do ríshliocht chlann Uí Ruairc?

An baol don Rialtas a laghad tacaíochta atá ar fáil dóibh i measc an phobail i láthair na huaire? Neosfaidh an aimsir......

h3OUoEM-
Aengus O’Rourke

Le roinnt seachtainí anuas tá caint ann go mb’fhéidir go mbeadh olltoghchán ann go luath.

Is léir go bhfuil míshuaimhneas ann i measc roinnt de na cúlbhinseoirí sa dá pháirtí rialtais agus is suntasach an raic a tarraingíodh maidir le cúrsaí uisce le tamall anuas.

Seans gur mar gheall air seo atá sobaldráma dá chuid fhéin ar an “stáitse” i gcúrsaí polaitíochta in Áth Luain agus san Iarmhí.

De bhárr an tsobaldráma seo, d’eisigh an Comhairle Ceantair áitiúl de chuid Fhianna Fáil ráiteas Dé Máirt.

Ba é croílár an ráitis seo ná go raibh gá don pháirtí iarrthóir a bheith acu i gceantar Áth Luain agus Deisceart na hIarmhí san olltoghchán.

Bhí an ráiteas seo dírithe ar cheannáras an pháirtí agus ar an gceannaire, Micheál Ó Máirtín.

Sa bhfothoghchán i mí na Bealtaine seo caite, ba é Aengus O’Rourke an t-iarrthóir áitiúl don pháirtí – ball de Chomhairle an Bhaile mar a bhí ag an am agus mac leis an iar-aire cáiliúl atá anois mar thráchtaire náisiúnta ó thráth go chéile, Máire Uí Ruairc.

Cé nach raibh próifíl ró-ard aige roimhe sin, tháinig an cúlra láidir polaitíochta atá ag Aengus O’Rourke chun foirfeachta sa chomórtas sin.

Chaith sé níos mó airgid ná aon iarrthóir eile ar an bhfeachtas agus d’éirigh leis vóta réasúnta a fháil.

Ach ní raibh sárú le fáil sa bhfothoghchán sin ar Gabrielle McFadden, an t-iarrthóir a bhí ag Fine Gael.

Ba chomhairleoir contae í agus taithí réasúnta cuimsitheach aici dá bharr sin, agus bhí a deirfiúr, an teachta Dála Nicky McFadden, tar éis bás tubaisteach agus, faraor, óg a fháil de bharr an ghalair fhíochmhair néarón luadrach, rud a d’fhág go raibh comhbhá ag daoine le Gabrielle.

Ar ndóigh, bhí súil ag muintir Uí Ruairc agus a lucht tacaíochta go mbeadh deis eile ag Aengus nuair a thiocfadh am na cinniúna.

Ach is léir anois go gcreideann comhairle ceantair an pháirtí in Áth Luain nach bhfuil sé ar intinn ag Micheál Ó Máirtín agus ag lucht ceannárais an pháirtí iarrthóir ar bith a rith as an gceantar sin.

Is é an tuairim atá ann ná nach mbeidh ann ach ionadaí amháin ó Longfort agus ionadaí amháin ón Iarmhí ag rith ar son an pháirtí (tá an dá chontae sa Dáilcheantar).

I gcás na hIarmhí, is léir gur as an Muileann Gearr a bheidh an t-iarrthóir sin mar go bhfuil Teacha Dála tofa lonnaithe ansin cheana ag an bpáirtí – Robert Troy.

I gcás an Longfoirt, tá an páirtí dírithe ar dhuine de chlann an Iar-Thaoisigh nach maireann, Albert Reynolds, a chur os comhair an phobail.

Creideann roinnt daoine ón gComhairle Ceantair gurb amhlaidh go bhfuil seans go ndéanfadh Micheál Ó Máirtín agus an ceanncheathrú deireadh a chur le ríshliocht clann Uí Ruairc in Áth Luain de bharr na polaitíochta seo ar fad!

Bhíodar den tuairim sa Chomhairle Ceantair chomh maith go mb’fhéidir go mbeadh olltoghchán le troid ag chuile páirtí go luath, is é sin, go bhféadfadh an rialtas titim as a chéile gan choinne.

Nuair a tharlóidh an t-olltoghchán sin, tá siad ag súil go mbeidh iarrthóir ann óna gceantar féin.

Tá 35,000 duine ina gcónaí sa cheantar, de réir an ráitis; triúr iarrthóirí ar fad a bheadh ag rith do Fhianna Fáil sa Dáilcheantar.

Beidh athbhreithniú á dhéanamh ag daoine i bpáirtithe eile chomh maith: is é an Comhairleoir Paul Hogan an ceannródaí ag Sinn Féin sa Dáilcheantar le blianta fada anois, agus rinne sé go réasúnta maith sa bhfothoghchán chomh maith.

Ach, lonnaithe i dtuaisceart an chontae, tá beirt chomhairleoirí nuathofa ó mhí na Bealtaine atá gníomhach ar bhonn polaitiúil agus atá uaillmhianach (mar is dual do pholaiteoirí, is dócha!): Una D’Arcy agus Sorcha Clarke.

Ceist anois don pháirtí ná cé a bheidh chun tosaigh nuair a chuirfidh an páirtí foireann chun páirce don olltoghchán, tráth a rachaidh roinnt iarrthóirí, seachas duine aonarach, os comhair an phobail.

Amhail Fianna Fáil agus Sinn Féin, beidh tuairimí áirithe ag daoine áirithe i gceantracha áirithe sa Dáilcheantar ar an gceist seo.

 

Fág freagra ar 'Céim ar gcúl á tabhairt do ríshliocht chlann Uí Ruairc?'