Cén tuairim atá ag Ronan O’Gara, Stephen Fry agus Nadia Forde faoin nGaeilge? Tá freagra na ceiste sin ag RTÉ…

Mar chuid dá sholáthar do Sheachtain na Gaeilge d’iarr RTÉ ar dhaoine cáiliúla éagsúla a dtuairimí faoin nGaeilge a roinnt i bhfíseáin

Cén tuairim atá ag Ronan O’Gara, Stephen Fry agus Nadia Forde faoin nGaeilge? Tá freagra na ceiste sin ag RTÉ…

Tá Ronan O’Gara, Stephen Fry agus Nadia Forde i measc na ndaoine mór le rá a bhfuil físeán faoin nGaeilge taifeadta acu do RTÉ do Sheachtain na Gaeilge.

Mar chuid dá sholáthar do Sheachtain na Gaeilge d’iarr RTÉ ar dhaoine cáiliúla éagsúla a dtuairimí faoin nGaeilge a roinnt i bhfíseáin agus beidh na físeáin sin á scaipeadh ar na meáin shóisialta le linn na féile teanga.

I measc na ndaoine eile a ghlac le cuireadh RTÉ a dtuairimí faoin nGaeilge a nochtadh, tá an t-iar-imreoir peile le Ciarraí Paul Galvin, na craoltóirí Vincent Browne agus Miriam O’ Callaghan, an scríbhneoir Stephanie Preissner agus foireann rugbaí Chonnacht.

Cuirfear tús leis an tsraith físeán ar líne ar an 1 Márta nuair a chuirfear amach teachtaireacht Stephen Fry, an craoltóir, aisteoir agus údar iomráiteach as Sasana. Ar ndóigh, labhair Fry cúpla abairt Gaeilge nuair a rinne sé caimeo ar shobaldráma TG4 Ros na Rún in 2011.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sraith físeán eile déanta ag RTÉ do Sheachtain na Gaeilge a thugann léargas ar shaol comhaimseartha na Gaeilge. Scaipfear na físeáin cúig nóiméad seo ar na meáin shóisialta le linn fhéile Sheachtain na Gaeilge agus craolfar arís iad mar chlár teilifíse ag deireadh na féile.

I measc na ngrúpaí a bhfuil físeáin déanta fúthu don tsraith seo, tá lucht an Pop Up Gaeltacht i mBaile Átha Cliath, an cumann siúil, Na Cnocadóirí, lucht na hoíche filíochta REIC, an banna ceoil Delerentos, Óga Yóga agus na Gaeil Óga.

Fág freagra ar 'Cén tuairim atá ag Ronan O’Gara, Stephen Fry agus Nadia Forde faoin nGaeilge? Tá freagra na ceiste sin ag RTÉ…'

  • Faraor

    Faraor gur scuabadh an aeróg den díon s’againne oíche dhuibheagánach stoirme is nach mbeidh mé in ann Na Cnocadóirí a fheiceáil.

    Agus mé anseo, cén fáth a mbíonn bosca beag na tráchtaireachta ag deireadh an phíosa nuachta uaireanta, agus uaireanta eile nach mbíonn? Scaití bíonn rud tábhachtach le rá agam (is léitheoir an-dílis mé), amhail an rud tábhachtach sin thuas faoin aeróg, agus gan saoráid ar bith ann chuige sin.