Éigse Dhiarmuidín 2014

Tá ceol, clisiam, cadráil agus corrstéibh chughainn arís i mbliana agus Éigse Dhiarmuidín fé lánseol i Músgraí Uí Fhloinn, in iarthar Chorcaí, amárach.

Nell Ní Chróinín, buateoir Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge 2014
Nell Ní Chróinín, buateoir Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge 2014

Tá aimsir na héigse ag teannadh linn agus ní fada go gcloisfear ceol, clisiam, cur suas, cleithmhagadh agus cibeal ar fud Mhúsgraí Uí Fhloinn in iarthar Chorcaí, mar a mbeidh corrstéibh d’amhrán á rá agus craitheadh á bhaint as na frathacha go moch na maidine.

I gcuimhne an amhránaí agus an chraoltóra, Diarmuid Ó Súilleabháin, a bhíonn an fhéile seo ag muintir érainn gach aon bhliain.

Cuirfear tús leis na himeachtaí amárach, an Aoine, an 5 Nollaig, agus leanfar leo go dtí an Domhnach, an 7 Nollaig.

Is i gCúil Aodha agus i mBaile Mhuirne is mó a bheidh na himeachtaí ar siúl, ag tosnú leis an oscailt oifigiúil a dhéanfaidh an Feisire Eorpach, Liadh Ní Riada, tráthnóna Dé hAoine.

Tar éis na hoscailte sin, cuirfear fáilte ar leith roimh Nell Ní Chróinín, buaiteoir Chorn Uí Riada na bliana seo.

Tá an Corn féin á thabhairt abhaile chun a bhaile dhúchais den chéad uair riamh agus bí cinnte de go ndéanfar an méid sin a cheiliúradh mar is ceart!

Níos déanaí an tráthnóna sin, beidh ceol sa Mhuileann le Conal Ó Gráda agus a chairde dóibh siúd a mbeidh fonn rince orthu.

A thuilleadh siansa agus siamsa, idir cheardlanna agus seisiúin, a bheidh chughainn ar an Satharn, arb é an príomhimeacht a bheidh ann ná ceolchoirm na hÉigse in Áras Éamon Mac Suibhne, i gCúil Aodha, arna cur i láthair ag Muintir Glackin.

Is ina diaidh sin a thiocfaidh amhránaithe as gach cearn den tír le chéile i gcomhair seisiúin in Ostán Ghobnatan go mbeidh sé ina lá. An fonnadóir clúiteach, Eilís Ní Shúilleabháin, a bheidh ina bhun sin.

Beidh Aifreann ar siúl ar maidin Domhnaigh i gCúil Aodha ar a 11.00.

Nochtfaidh Acadamh Fódhla cloch i Reilig Ghobnatan ina dhiaidh sin i gcuimhne ar an amhránaí Bess Cronin. Casfar amhráin dá cuid sa tséipéal, i dteannta ceoil ó Gay McKeon.

Déan do sheacht ndícheall a bheith ann más féidir leat é in aon chor.