Tá maoiniú €35,000 curtha ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta d’Acadamh Ríoga na hÉireann chun Irisleabhar na Gaedhilge, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1882, a dhigitiú.
Tá digitiú an irisleabhair ar cheann de chúpla tionscnamh a dhéanfaidh comóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916.
Scríobh sínitheoirí Fhorógra na Poblachta go minic san irisleabhar, faoina n-ainm féin agus ainmeacha cleite, óna bhunú go dtí a dheireadh sa bhliain 1909, agus tá ábhar le feiceáil ann ó rannpháirtithe eile de chuid an Éirí Amach.
Cuirfear an tionscnamh i gcrích roimh Cháisc 2016.
D’fhoilsigh Aondacht na Gaeilge (réamhtheachta Chonradh na Gaeilge) an t-irisleabhar den chéad uair sa bhliain 1882, le cúnamh ó Dhubhghlas de hÍde.
Thosaigh an Conradh á fhoilsiú sa bhliain 1893, go dtí 1909 nuair a stopadh á fhoilsiú.
I measc na scríbneoirí a bhíodh ag cur peann le pár ann, bhí Eoin Mac Néill, An tAthair Peadar Ó Laoghaire, agus Pádraig Mac Piarais.
Beidh an pobal in ann a theacht ar an leagan digitithe saor in aisce ar shuíomh Acadamh Ríoga na hÉireann agus cuardach a dhéanamh ar na focail agus ar na frásaí san imleabhar de réir bliana, udáir, ainm cleite, teidil agus ailt.
Is mar chuid den mhórthionscnamh ‘Foclóir na Nua-Ghaeilge’ (FNG) a dhéanfar an digitiú.
Mar ullmhú do chruthú an fhoclóra seo, tá “Corpas na Gaeilge 1600-2000” á chur le chéile ag an Acadamh.
Úsáidfear Corpas na Gaeilge 1600-1882, a foilsíodh sa bhliain 2004, agus an chartlann a bhaineann leis an tréimhse 1882-2000 atá á chur le chéile faoi láthair, chun iontrálacha a dhréachtadh don fhoclóir.
Beidh Irisleabhar na Gaedhilge mar chuid den chorpas sin agus is a bhuíochas leis an maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chuirfear ar fáil leis féin é chomh maith.
Is mar gheall ar an dlúthbhaint a bhí ag na scríbhneoirí leis an Éirí Amach agus an tionchar mór a bhí acu ar eachtraí stairiúla ina dhiaidh a roghnaíodh an iris a chur ar fáil ina hiomláine thar fhoilseacháin eile ar nós an ‘An Claidheamh Soluis’.
Is foclóir stairiúil Gaeilge – Gaeilge a bheidh san FNG a thabharfaidh míniú stairiúil ar na focail agus cuntas ar na hathruithe a tháinig orthu i gcaitheamh an ama idir 1600 agus 2000.
RoRo
Go hiontach! Ach cá huair a bheas an foclóir seo ar fáil? Bhfuil a fhios ag duine ar bith?
Séamas Mac Coitir
Bíonn gach foclóir as dáta an lá tar éis a fhoilsithe. Tá géarghá le foclóir nua Béarla Gaeilge cuimsitheach, dá luaithe is féidir! Tá sé breis is leathchéad bliain ó foilsíodh Foclóir de Bhalraithe, agus is iomaí easnamh ó thaobh téarmaíochta atá le sonrú air. S. Mac Coitir.
Donncha Ó hÉallaithe
B’fhearr liom nuachtán an Chonradh, An Claidheamh Soluis, a fheiceáil dhá chur ar an idirlíon! Ar rud amháin léireodh sé an baint mhór a bhí ag Conrathóirí leis an Éirí Amach. Ar an tarna rud b’fhéidir go spreagfadh sé lucht na Gaeilge leis an gceist a chur faoin gcúis nach bhfuil aon nuachtán do lucht na Gaeilge ar fáil anois – má bhí lucht na Gaeilge in ann nuachtán clóite a chur amach an uair sin gan aon tacaíocht stáit, cén fáth go gceapann Foras na Gaeilge nach bhféadfaí nuachtán clóite a chur ar fáil sa lá atá inniu ann! Ní shásóidh Tuairisc.ie, dá fheabhas é, an gá atá le nuachtán clóite.