Na 10 dtvuít is fearr ó aistear Joe McHugh…

Roghnaigh Tuairisc.ie na deich tvuít is fearr ó aistear foghlama Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh. Nóta: Ní sinne a chum ná a cheap na tvuíteanna.

Na 10 dtvuít is fearr ó aistear Joe McHugh…

Tweet uimhir 1 02.18.23

1. Is maith linn go bhfuil an tAire ag baint an oiread sin suilt as fuaimeanna áille aisteacha teanga aduain na nGael . Nó ‘Smugairlefu*kinróin’, mar a dúirt Nidge sa sceits grinn úd ó Ar Son na Cúise.


Screen Shot uimhir 3

2. Leis an tvuít seo a chuir an tAire tús oifigiúil lena aistear foghlama. Tá feabhas miorúilteach tagtha ar a chuid gramadaí agus litrithe ó shin, ar ndóigh, agus ceachtanna teanga á múineadh don phobal anois aige ar a bhlag ar Roinn na Gaeltachta.


tweet uimhir 317.28

3. Ileolaí é Aire s’againne, is léir. Dúirt Enda Kenny go raibh an cumas ann an teanga a shealbhú taobh istigh de chúpla seachtain, ach féach nach aon dóithín é ag ‘na sums’ ach an oiread. Cinnte, is iomaí focal suimiúil pictiúrtha sa teanga agus muna mbeimis chomh béasach sin bhainimis leas as cuid acu anseo…


tweet uimhir 4

4. Dúirt os cionn 60% den phobal gur bhotún ag an Taoiseach é duine nach raibh líofa sa Ghaeilge a cheapadh mar Aire Gaeltachta. Ach nach cuma? Déanann muid ar fad earráidí.


tweet ceart 5

5. Roinnt eolais praiticiúil dóibh siúd atá ag dul ar an aistear le Joe….


uimhir 5

6. Sea, ná caillimis misneach. Tá an Ghaeilge achan áit thart orainn. Bhuel, beagnach achan áit…


 

 

Screen Shot 2014-10-27 at 18.44.40

7.  Smaoineamh maith: ‘patronizing, a Coimirceach, dídeanach. b Mórluachach, maíteach. Patronizing tone, i nglór uasal le híseal.  ►patronizingly, adv. Go mórluachach, go maíteach.’


Screen Shot 2014-10-20 at 02.19.30

8. Aire. Fear feasa. Ábhar údar leabhar ‘self-help’?


Screen Shot 2014-10-27 at 18.43.11

9. Muna bhfuil breall orainn dúradh rud éigin cosúil leis faoi Enda Kenny.


Screen Shot 2014-10-27 at 18.44.18

10. Tú féin, a dúirt, a Aire. Tú féin a dúirt.