40% de Chomhairleoirí Contae Dhún na nGall den tuairim gur cheart do John O’Donnell éirí as

De réir suirbhé atá déanta ag RTÉ RnaG, dúirt formhór na gcomhairleoirí ar labhraíodh leo gur gá cruinniú speisialta a ghairm faoin méid a tugadh le fios i gclár RTÉ

john ODonnell
An Comhairleoir Contae, John O’Donnell

Tá sé curtha in iúl ag 40% de Chomhairleoirí Contae Dhún na nGall do RTÉ Raidió na Gaeltachta go gcreideann siad gur chóir don chomhairleoir neamhspleách John O’Donnell éirí as, de bharr an méid a tháinig chun solais ar an gclár teilifíse RTÉ Investigates, a craoladh oíche Dé Luain.

Labhair foireann nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga le seisear comhairleoirí neamhspleácha inné, agus dúirt cúigear acu siúd go gceapann siad gur cheart dó éirí as.

Bhí Séamus Ó Domhnaill den tuairim gur chóir dó éirí as na coistí a raibh sé orthu agus a mhachnamh a dhéanamh ar a sheasamh.

Glaodh ar os cionn 30 comhairleoir as an 37 ball atá sa Chomhairle. 21 ball den Chomhairle a thug freagra ar cheisteanna RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga.

Dúirt formhór na gcomhairleoirí ar labhraíodh leo gur gá cruinniú speisialta a ghairm faoin méid a tugadh le fios i gclár RTÉ.

Sa dara cuid den chlár imscrúdaithe a craoladh oíche Dé Luain ar RTÉ, lig iriseoir uirthi féin go raibh sí obair do chomhlacht infheistíochta a bhí ag iarraidh muillte gaoithe a thógáil in Éirinn.

Roghnaíodh roinnt polaiteoirí le dul i dteagmháil leo, féachaint an bhféadfaidís cabhrú le cás an ‘chomhlachta’. Ina measc siúd a ndearnadh comhrá leo a thaifeadadh ar cheamara faoi cheilt, bhí an comhairleoir John O’Donnell ó Dhún na nGall.

Dúirt O’Donnell go ndéanfadh sé stocaireacht os íseal ar chomhairleoirí eile díriú ar fhorbairtí faoi leith i gcomhthéacs phlean forbartha an chontae agus mhianta an ‘chomhlachta’, agus go ndéanfadh sé iarracht teacht ar phaistí talún nó ar úinéirí talún a mbeadh gabháltais acu a bheadh oiriúnach d’fhorbairtí nua.

Dúirt sé go gcaithfí an méid sin ar fad a dhéanamh faoi rún agus i dteannta le comhairleoirí eile, a d’íocfadh O’Donnell iad féin, seachas airgead a bheith á thabhairt do O’Donnell go díreach agus go poiblí.

Ag caint dó ar an gclár céanna, dúirt an tOllamh Gary Murphy, Ollscoil Chathair Átha Cliath, gurbh ionann an méid a dúirt O’Donnell agus sárú cód iompair.

Tháinig sé chun solais ar chlár RTÉ freisin go bhfuil O’Donnell luaite le cúig chomhlacht nach bhfuil iomlán a gcuid ioncaim curtha in iúl acu ar fhoirmeacha gnó le blianta beaga anuas.