Le teacht ar Tuairisc.ie…
Bíodh súil in airde agaibh mar is gnáth le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Cathal Mac Coille, Mártan Ó Ciardha, Seosamh Ó Cuaig, John Allen, agus Alex Hijmans i mbun pinn againn.
Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar Facebook nó Twitter. Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!
Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo
Cainteoir dúchais Gaeltachta ceaptha mar Leas-Choimisinéir na nGardaí
Gearán déanta ag údair taighde le hArd-Stiúrthóir RTÉ faoi Ghrúpcheannasaí Gaeilge an stáisiúin
Scoileanna an scannail – dianscagadh le déanamh ar scoileanna dianteagaisc Gaeilge
Géarchéim na Gaeltachta: ‘Má tá nappy salach le n-athrú – ní haon mhaith bheith ag caint faoi’
An dara siollabas don ‘chainteoir dúchais’ á scrúdú ag an Roinn Oideachais
A ndúirt siad…
“Má tá nappy salach le n-athrú – ní haon mhaith bheith ag caint faoi; caithfear an nappy a athrú nó beidh impleachtaí i gceist. Má tá ocras ar an leanbh – ní haon mhaith bheith ag caint faoi, caithfear é a bheathú.“
Sorcha Ní Chéilleachair
“Ní bheidh fíordhíospóireacht ag muintir na hÉireann faoi roghanna inchreidte rialtais go dtí go gcuirfidh páirtí nó páirtithe ar thaobh an fhreasúra rogha os a gcomhair mar a bhí ag muintir Cheanada“
Cathal Mac Coille
“Tá an ceathrú cuid de thréimhse na Straitéise sin caite anois agus níl aon leithscéal nach mbeifí ag aithint na bpost seo ar bhealach córasach agus cuimsitheach, faoi mar a gealladh“
An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill
“Tá sé de cheart ag custaiméirí deimhniú éigin a bheith acu ar chumas an duine a bhfuil siad ag dul ina mhuinín. Monuar nach bhfuil a leithéid de bharántas le fáil ag custaiméirí na scoileanna dianteagaisc“
Antain Mac Lochalinn
“Damáiste comhthaobhach’ is ea sibhialaigh, páistí san áireamh, a chur i gcontúirt. Seans go bhfuil siad chomh fuarchúiseach céanna faoi shibhialtaigh a mharú. ‘Sé a gcuspóir an pholaitíocht a dhíchobhsú agus an tseirbhís phóilínéachta nua a chur dá bonnaibh“
Póilín Ní Chiaráin
Físeán na seachtaine…
Pictiúr na seachtaine…
Sin é ár gcion-na an babhta seo.
Kevin Hickey
Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie
Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas)'