An dara siollabas don ‘chainteoir dúchais’ á scrúdú ag an Roinn Oideachais

Plé á dhéanamh ar dhá shiollabas Gaeilge a thabhairt isteach don Teastas Sóisearach ó Mheán Fómhair 2017 – ceann acu a bheadh dírithe ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

D’fhéadfadh go mbeidh dhá shiollabas Gaeilge ann don Teastas Sóisearach ó Mheán Fómhair 2017 – siollabas ar leith do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus ceann eile do ghnáthscoileanna na tíre.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (an NCCA) i mbun scagadh a dhéanamh faoi láthair ar mholadh maidir le dhá shiollabas a thabhairt isteach don Teastas Sóisearach ach a dtiocfaidh athrú ar an scrúdú i 2017.

Meastar go ndéanfar cinneadh go luath faoin moladh le go mbeifí réidh chun an dá shiollabas nua a thabhairt isteach i Meán Fómhair na bliana 2017.

Pléadh an moladh le déanaí ag seisiún comhairliúcháin faoin nGaeilge sa Teastas Sóisearach a d’eagraigh an Roinn Oideachais agus tuairiscítear go raibh formhór na rannpháirtithe i bhfabhar an mholta.

Tá saineolaithe ar an ngaeloideachas ag éileamh le fada go mbeadh dhá scrúdú éagsúil ann don Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste chun go dtabharfaí aitheantas mar ba chóir do chumas teanga an chainteora dúchais.

Má ghlactar leis an moladh go mbeadh dhá shiollabas Gaeilge ann don Teastas Sóisearach, is mó go mór an seans go dtabharfaí an dara siollabas isteach ag leibhéal na hArdteiste.

Ag an seisiún comhairliúcháin a reáchtáladh le déanaí, thug roinnt daoine nár cheart an siollabas Ardteiste nua a thabhairt isteach mura mbeadh spreagadh ann do dhaltaí tabhairt faoi scrúdú a bheadh níos deacra.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn tráthnóna go gcuirfeadh an eagraíocht fáilte roimh an moladh i dtaobh an dá shiollabas don Teastas Sóisearach, ach go gcaithfí an rud céanna a dhéanamh i gcás na hArdteiste.

“Chuirfimis fáilte roimh aon chúrsa ar chaighdeán sásúil don chainteoir dúchais,” a dúirt Julian de Spáinn.

Fág freagra ar 'An dara siollabas don ‘chainteoir dúchais’ á scrúdú ag an Roinn Oideachais'