Cainteoir dúchais Gaeltachta ceaptha mar Leas-Choimisinéir na nGardaí

Dónall Ó Cualáin, fear Gaeltachta as Carna i gConamara, ceaptha i gceann de na trí phost is sinsearaí sa Gharda Síochána

Coimisinéir gníomhach an Gharda Síochána Noirin O'Sullivan agus Dónall Ó Cualáin
Coimisinéir an Gharda Síochána Noirin O’Sullivan agus Dónall Ó Cualáin

Tá ceann de na trí phost is sinsearaí sa Gharda Síochána faighte ag fear Gaeltachta as Carna i gConamara.

Fógraíodh tráthnóna go bhfuil Dónall Ó Cualáin, cainteoir dúchais Gaeilge atá ina chónaí i gCois Fharraige i gConamara, ar dhuine den bheirt Ghardaí atá ceaptha mar leas-choimisinéirí ar an bhfórsa.

Tá Ó Cualaín ag feidhmiú le tamall mar Leas-Choimisinéir agus ba choimisinéir cúnta roimhe sin é agus réigiún an iarthair faoina chúram.

Thug Ó Cualáin tréimhse mar sháirsint ar Inis Mór agus thug sé seal chomh maith mar cheannfort sna Gleannta i nDún na nGall. D’oibrigh sé ina dhiaidh sin arís mar Ard-Cheannfort i gcathair na Gaillimhe sular ceapadh mar choimisinéir cúnta é.

Bhí folúntais ann don dá phost mar leas-choimisinéirí ó Bhealtaine 2013.

Bhí moill leis na ceapacháin mar gur ghlac Garda eile, John Fintan Fanning, dúshlán dlí maidir leis an bpróiseas earcaíochta a reáchtáladh do na folúntais.

Mhaígh Fanning gur cuireadh ceisteanna a bhí míchothrom air agus a bhain lena dhearcadh polaitiúil san agallamh a rinne sé mar chuid den phróiseas. Diúltaíodh dá chás san Ard-Chúirt an tseachtain seo caite.

Ghuigh an tAire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald gach rath ar Ó Cualáin agus John Twomey, an Garda eile a ceapadh ina leas-choimisinéir inniu. Thug an tAire suntas dó gurb iad Ó Cualáin agus Twomey an chéad bheirt leas-choimisinéirí riamh a tháinig trí phróiseas earacaíochta oscailte.

Fág freagra ar 'Cainteoir dúchais Gaeltachta ceaptha mar Leas-Choimisinéir na nGardaí'

  • Seán Mag Leannáin

    Comhghairdeachas leis an Leas-Choimisinéir nua. Is mór an scannal nach bhfuil a mhacasamhail le fáil i measc ardbhainistíocht na Ranna Stáit.

  • Larry Phelan

    cén difear a dhéanfaidh sé beag nó mór (.i. Gaeilge a bheith aige)?

  • Seán Mag Leannáin

    A Larry a chara,

    Déanann sé an-difear. Is mór an náire é nach bhfuil macasamhail an Leas-Choimisinéara le fáil i measc ardbhainistíocht na Ranna Stáit ar fad. Ba chóir go mbeadh duine amháin ar a laghad a bhfuil líofacht sa Ghaeilge aige ar an ardfhoireann bhainistíochta i ngach Roinn Stáit. Is teanga oifigiúil sa Stát seo í an Ghaeilge agus tá sé mar cheart againn uilig mar shaoránaigh í a úsáid in ár gcuid cumarsáide leis an Stát.

    Beir bua agus beannacht,
    SMagL.