Tá easaontóirí poblachtacha ag éirí níos meargánta ná riamh

Tá easaontóirí poblachtacha ag cur daoine ina gcomharsanachtaí féin i mbaol báis agus iarracht á déanamh acu an tseirbhís phóilíneachta agus an córas polaitíochta a chur dá mbonnaibh

PoliceLineDoNotCross

Bhí gasúr ag siúl síos an tsráid. Chonaic sé rud ina luí ansin mar a bheadh giota bruscair. Thug sé cic dó chun é a chur as a bhealach. Gnáth-tharlúint ar bhóithre na tíre, déarfá. Ní bruscar a bhí ann, áfach, ach buama. Bhí an t-ádh dearg ar an bpáiste, ar ghasúir eile agus ar dhaoine fásta a bhí ar an mbóthar nár phléasc an gaireas. Ní fios cé mhéad duine a bheadh maraithe nó gortaithe go dona dá bpléascfadh.

Tharla an eachtra sin i dtuaisceart Bhéal Feirste an tseachtain seo caite. Mhaígh grúpa easaontóirí poblachtacha gur ghreamaigh siadsan an buama faoi charr saighdiúra ó Arm na Breataine a bhí ar cuairt ag cara leis sa cheantar. Thit an gaireas den ghluaisteán i ngan fhios don saighdiúir agus bhí sé ina luí ar an mbóthar.

In oirthear Bhéal Feirste caitheadh gránáid le patról ón PSNI ar cuireadh fios orthu chun déileail le mí-iompar frithshóisialta. Ach an oiread leis an mbuama i dtuaisceart na cathrach, níor phléasc an ghránáid ach cuireadh na daoine óga a ndearnadh an gearán fúthu i mbaol chomh maith leis na póilíní agus na mná a bhí ag dul thar bráid.

An deireadh seachtaine roimhe sin, eagraíodh sraith foláirimh slándála ag ionaid ar fud an Tuaiscirt ina raibh sé beartaithe seisiúin eolais a bheith ag an PSNI i dtaca le dreas nua earcaíochta. I gceann de na heachtraí, fágadh buama ag óstán i nDoire a chuir na hoibrithe, custaiméirí agus slua mór a bhí ar bhainis i mbaol. Ritheadh an seisiún eolais faoi dheiseanna fostaíochta Dé Sathairn seo caite in ionad eile. Bhí dianslándáil i bhfeidhm agus rinne easaontóirí agóid ach bhíodar síochánta.

Foláirimh bhréige a bhí i gcuid de na heachtraí, ar nós an chinn i gceantar na Seanpháirce i mBéal Feirste maidin Dé Luain. Níl siad sin chomh contúirteach le buamaí, ar ndóigh, ach cuireann siad le teannas, cothaíonn siad sceon agus cuireann siad brú ollmhór ar an tseirbhís phóilíneachta.

Is minic a bhíonn daoine ag clamhsán faoin PSNI, ag rá nach bhfuil na póilíní chomh héifeachtach ag déileáil le ‘gnáthchoireanna’ agus ba cheart. Bíodh sin fíor nó bréagach, is féidir talamh slán a dhéanamh de go laghdóidh feachtas na n-easaontóirí cumas na bpóilíní chun gníomhú ar leas an phobail. Is é gnó na bpóilíní amháin é déileáil le coireanna, beag nó mór, ach ní thig leo a dhéanamh má táid faoi ionsaí.

Sa tseanaimsir, ní fhreagraíodh an RUC glaonna – nó dhéanaidís go mall é – chuig ceantair phoblachtacha i ngeall ar an gcontúirt a bhí ann gur chleas é chun deis a thabhairt do Shealadaigh an IRA iad a ionsaí. Feabhas ollmhór ar phóilíneacht is ea é fáil a bheith ag daoine i ngach áit ar an PSNI, mar sheirbhís phobail. Cé chomh fada is a mhairfidh an scothchleachtas sin má chuirtear beatha na bpóilíní nó daoine eile i mbaol i gceantair áirithe?

D’fheilfeadh sé go maith do na heasaontóirí dá dtiocfadh deireadh leis, is léir. Tá siad ag ionsaí an PSNI ó bunaíodh é. ‘Damáiste comhthaobhach’ is ea sibhialaigh, páistí san áireamh, a chur i gcontúirt. Seans go bhfuil siad chomh fuarchúiseach céanna faoi shibhialtaigh a mharú. ‘Sé a gcuspóir an pholaitíocht a dhíchobhsú agus an tseirbhís phóilínéachta nua a chur dá bonnaibh.

Ní de sheans a ghéaraigh siad ar a bhfeachtas foréigin ó cuireadh tús leis na cainteanna ilpháirtí i Stormont agus leis an athbhreithniú ar staid na bparaimíleatach. Rinne siad mar a chéile gach uair a raibh sáinn le fuascailt cheana. Theip glan orthu na huaireanta sin. An geábh seo, is cosúil go bhfuil siad níos meargánta ná riamh, ag cur daoine ina gcomharsanachtaí féin i mbaol báis; ba dheacair cur chuige níos gránna, níos místuama nó níos mí-éifeachtaí a shamhlú.

Tá sé thar am acu éirí as.

Fág freagra ar 'Tá easaontóirí poblachtacha ag éirí níos meargánta ná riamh'

  • Concubhar

    D’fhagadh an giorraisc sin ar bhun mo shráid i dtuaisceart Bhéal Feirste. Bhí mo mhac ag siúl an bhóthair sin an maidin sin. Nior leag sé cos ar an ngiorraisc ach is ar éígean nár dhein. Bhí an giorraisc ceangailte le maignéidí le bun an chairr. Thit sé anuas. D’fhéadfadh sé tar éis titim ós comhair mo theach, pléascadh agus na fuinneoga a bhriseadh isteach orainn agus sinn fós inár luí. Gach seans go mbeimís – nó aon duine eile ar an sraid – gortaithe go dona. Thárla sé gur fagadh an buama seo i rith na h-oíche ar charr taobh amuigh de theach duine de na comharsain. Tugadh faoi ndeara é ar maidin go luath ag 7am. Cuireadh in iúl do na péas é ach níor tháinig siad chun é a fhiosrú go dtí 1pm. An mó duine a chuaigh thairis san idirthréimhse – na céadta, nó is sraid ciúin é ach bionn go leor trácht tríd, idir lucht coisíochta nó gluaisteáin. Ní ar na poilíní an locht an oiread agus na ‘poblachtóirí’ seo ar chuma leo páistí a mharú ar son a spriocanna cúnga féinig.