Joe Ward cáilithe agus cúigear as seachtar Éireannach fós i gCraobhchomórtais Dornálaíochta an Domhain in Doha

Tá babhtaí crua roimh na dornálaithe Éireannacha atá fós san iomaíocht i gCraobhchomórtais Dornálaíochta Amaitéaracha an Domhain

An dornálaí Joe Ward. INPHO/Kostadin Andonov
An dornálaí Joe Ward. INPHO/Kostadin Andonov

D’éirigh le triúr dár ndornálaithe áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais inné i gCraobhchomórtais Dornálaíochta Amaitéaracha an Domhain. Ba é ár ndornálaí is óige, Brendan Irvine, cuilmheachán éadrom, an chéad Éireannach isteach sa chró. D’éirigh leis an lámh in uachtar a fháil ar an Turcach Muhammet Unlu tar éis troid chrua. Is minic a bhíonn sé deacair buachan ar dhornálaí baile ach chuaigh sé i bhfeidhm ar bheirt mholtóirí agus ba leor sin. 28-29, 29-28, 30-27 ab ea na scórtha.

I roinn an choileachmheáchain, bhí captaen na foirne, Michael Conlan, ag streachailt píosa beag sa chéad bhabhta in aghaidh Robenilson Vieira as an mBrasaíl, ach d’éirigh leis teacht ar ais chun an dá bhabhta eile a bhuachan. Tugadh rabhadh dá chéile comhraic sa tríú babhta tar éis buille íseal a thabhairt do Conlan. Bhuaigh sé an troid 28-28, 29-27, 30-26.

Ní raibh sé chomh deacair sin do Michael O’Reilly, marcmheáchan 22 bliain d’aois, áfach, a bhí ag troid in aghaidh an Astrálaigh, Daniel Lewis. Bhí a chuid scileanna chomh héifeachtach sin gur ar éigean nár chríochnaigh sé a throid sula raibh an t-am istigh. Chun ola a chur ar an tine, fuair an tAstrálach comhaireamh ina sheasamh sa bhabhta deireanach. Bhuaigh O’Reilly ar gach scórchárta.

Tá cúigear as seachtar Éireannach fós sna chraobhchomórtais, mar sin. Bhí bua maith ag Joe Ward in aghaidh Oleksandr Kyzhniak agus tabharfaidh Seán McComb aghaidh ar Albert Selimov níos déanaí tráthnóna. Ach an oiread le Kyzhniak dornálaí mór le rá é Selimov agus beidh McComb faoi brú mór.

Dé Sathairn, troidfidh Irvine in aghaidh Joahnys Argilagos, Cúbach atá réimnithe sa tríú háit. Troidfidh Conlan in aghaidh Tayfur Aliyev as an Asarbaiseán. Rachaidh O’Reilly in éadan an Chasacstánaigh chrua, Zhanibek Alimkhanuly. Tá aithne mhaith againn ar an dornálaí iontach seo ó 2013, nuair a bhuaigh sé ar Jason Quigley sna babhtaí leathcheannais.

Idir an dá linn, d’éirigh le Seán McComb, iarscoláire Choláiste Feirste, áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile de Chraobhchomórtais Dornálaíochta Amaitéaracha an Domhain inné nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Lindolfo Delgado Garca, dornálaí foighneach sciliúil as Meicsiceo.

Bhuaigh McComb an chéad bhabhta gan mórán stró, cé gur shíl sé féin gur thosaigh sé go mall. In ainneoin go raibh sé in uachtar go maith sa dara babhta, bhronn an triúr moltóirí na pointí ar fad ar an Meicsiceach. A bhuíochas le luas a chos, a theacht aniar agus a airde, áfach – sé troithe, an-ard do dhornálaí éadrom-mheáchain – d’éirigh le McComb an tríú babhta agus an troid a bhuachan.

Amárach, rachaidh sé in éadan churadh na hEorpa, Albert Selimov, as Asarbaiseáin, fear a fuair an ceann is fearr air i mbabhta leathcheannais Chraobhchomórtais na hEorpa i mí Lúnasa. Tá McComb muiníneach, áfach, go mbainfidh sé díoltas amach air Dé hAoine. Rinne sé giota beag sparála in aghaidh Selimov le linn campa traenála an mhí seo caite agus mar sin tá aithne mhaith acu ar a chéile. Tá McComb cinnte nach mbeidh Selimov ag tnúth le bualadh leis sa chró chomh luath sna craobhchomórtais seo.

Faraor, bhí idir dhíomá agus ionadh ar fhoireann na hÉireann nach ndeachaigh Adam Nolan i bhfeidhm ar na moltóirí ina throid féin in aghaidh churadh na hEorpa, Eimantas Stanionis as an Liotuáin. Cé nach raibh mórán eatarthu, bhí an bainisteoir Billy Walsh cinnte go ndearna sé a dhóthain chun an bua a thuilleadh. Cé go raibh Stanionis ní b’ionsaithí, ba é Nolan a bhí ní ba chruinne. Níor cuireadh sin ina luí ar na moltóirí, áfach. Uaireanta bíonn claonadh ann i dtreo an churaidh agus b’fhéidir gur tharla sin an uair seo.

Rachaidh Michael Conlan, Brendan Irvine agus Michael O’Reilly isteach sa chró inniu. Beidh an triúr acu ag súil le háit sa bhabhta ceathrú ceannais a bhaint amach. Troidfidh Joe Ward agus McComb amárach.

Fág freagra ar 'Joe Ward cáilithe agus cúigear as seachtar Éireannach fós i gCraobhchomórtais Dornálaíochta an Domhain in Doha'