Ócáidí Seolta ag RTÉ agus TG4 inniu

Seolfaidh TG4 ‘Sceideal an Fhómhair’ agus seolfaidh RTÉ Pleananna Teanga ag ócáidí i mBaile Átha Cliath inniu

Screen Shot 2015-08-31 at 18.59.01
Noel Curran, Príomh-Stiúrthóir RTÉ

Beidh dhá ócáid shuntasacha ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu a bhaineann leis na meáin Ghaeilge, ceann ag TG4 agus ceann eile ag RTÉ.

Seolfaidh Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ agus scéim teanga na heagraíochta ag ócáid a mbeidh an Taoiseach Enda Kenny i láthair ann.

Eoghan McDermott, láithreoir ‘The Voice of Ireland’ ar RTÉ One agus Blathnaid Treacy, láithreoir ‘Two Tube’ ar RTÉ2 a chuirfidh an ócáid i láthair.

Le linn 2013, ar iarratas ó Phríomh-Stiúrthóir RTÉ, cuireadh grúpa oibre le chéile, ar a raibh baill ó rannóga éagsúla de chuid RTÉ, chun moltaí polasaí a ullmhú don chraoltóireacht Ghaeilge ar fud ardáin agus seirbhísí uile RTÉ. Cuireadh 120 aighneacht i láthair an ghrúpa. Mar thoradh ar obair an ghrúpa, foilsíodh Tuarascáil Ghrúpa Oibre RTÉ ar an nGaeilge i mí na Samhna 2013.

Ina dhiaidh sin, ceapadh Rónán Mac Con Iomaire ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge chun treoir a thabhairt don eagraíocht i dtaobh mholtaí na tuarascála a chur i bhfeidhm. Tá RTÉ anois chun Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019, a d’ullmhaigh Rónán Mac Con Iomaire, a sheoladh in éineacht le Scéim Teanga do RTÉ 2015-2018 de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Beidh an seoladh ar siúl ag 10 ar maidin i nGailearaí na hEolaíochta i mBaile Átha Cliath.

Níos deireanaí sa lá, seolfaidh TG4 ‘Sceideal an Fhómhair’ in Amharclann Smock Alley san ardchathair freisin. Is iad Fiona Ní Fhlaithearta agus Mícheál Ó Ciaraidh a chuiridh seoladh an sceidil i láthair.

Fág freagra ar 'Ócáidí Seolta ag RTÉ agus TG4 inniu'