Is mar “áis” seachas fadhb atá Fóram Feasa ag breathnú ar an intleacht shaorga i gcúrsaí oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, dar le Gean Gilger atá ina hoifigeach polasaí oideachais agus forbartha leis an ETB.
Agus í faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Gilger nach féidir an intleacht shaorga “a chur ar leataobh” agus go gcaithfidh lucht an oideachais lán-Ghaeilge “bogadh ar aghaidh leis” agus foghlaim faoin teicneolaíocht nua.
“Feiceann muide é mar áis. Ar ndóigh, cosúil le gach earnáil eile, tá muid ag foghlaim gach uile lá. Bíonn forbairtí chomh sciobtha sa spás seo, de réir taighde idirnáisiúnta. Tá treoir ann [ón Roinn Oideachais], agus tá sé iontach go bhfuil aonad speisialta sa Roinn faoi chúram oide, teicneolaíocht san oideachas, agus tá siadsan ag treorú na scoileanna agus ag teacht amach le treoir agus comhairle go rialta sa spás seo.
“Mar a dúirt mé, tá muid go léir ag foghlaim. Ní féidir linn an intleacht shaorga a chur ar leataobh, caithfidh muid bogadh ar aghaidh leis agus foghlaim ag an am céanna,” a dúirt sí.
Dúirt sí go bhfuil daltaí scoile ag úsáid uirlisí intleachta saorga amhail ChatGPT lena gcuid obair bhaile a dhéanamh ach gurb é ról na múinteoirí “treoir a chur ar fáil” dá gcuid scoláirí conas na huirlisí sin a úsáid “i gceart”. Dúirt sí go gcaithfí an intleacht shaorga a úsáid “le go gcuirfeadh sí leis an bhfoghlaim seachas tarraingt uaithi”.
Bhí an intleacht shaorga sa chóras oideachais á plé ag comhdháil a bhí ar siúl Dé Sathairn seo caite i gColáiste Cois Life i mBaile Átha Cliath. Is é Fóram Feasa a d’eagraigh an chomhdháil agus pléadh ann úsáid na hintleachta saorga don teagasc trí Ghaeilge.
“Go minic bíonn na múinteoirí ag rá linn ‘céard ba chóir dúinn a dhéanamh, céard é an leas is mó is féidir linn a bhaint as an intleacht shaorga?’. [Bhí] deis ag múinteoirí teacht le chéile i bpearsa agus cúrsaí a bhaineann leis an intleacht shaorga a phlé go hoscailte lena chéile agus foghlaim óna chéile,” a dúirt Gilger.
Dúirt sí go raibh na múinteoirí “ag roinnt dea-chleachtais” faoi na bealaí a úsáideann siad féin an intleacht shaorga sa seomra ranga agus cén chaoi le hiad a úsáid “go sábháilte”.
“[Bhí] deis ag na múinteoirí ceisteanna a chur agus b’fhéidir go bhfuil roinnt cleachtas ar siúl acu féin. B’fhéidir go bhfuil siadsan in ann an t-eolas a roinnt chomh maith,” a dúirt sí.
Is iad Boird Oideachais agus Oiliúna (ETB) agus COGG a chuireann Fóram Feasa ar fáil. Is tionscnamh do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge é lena “bpaisean don teagasc agus don fhoghlaim” a roinnt.
Eagraítear Fóram Feasa Beo ag tús na bliana acadúla le deis a thabhairt do na múinteoirí agus na ceannairí scoile teacht le chéile le téamaí ar leith a phlé. Bhí comhdháil na bliana seo ar siúl i mBaile Átha Cliath.
Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais Hildegarde Naughton go mbeidh comhdháil faoin intleacht shaorga sa chóras oideachais á reáchtáil i nGaillimh an mhí seo chugainn, mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Tá daltaí, múinteoirí, saineolaithe idirnáisiúnta, agus lucht scríofa reachtaíochta le teacht le chéile i gcathair na Gaillimhe ar an 21-22 Deireadh Fómhair le cúrsaí oideachais i ré na hIntleachta Saorga a phlé.
Deir an Roinn Oideachais go bhfiosrófar le linn na comhdhála sin, ‘Education in the Age of AI: Building Europe’s Digital Future’, na “deiseanna agus dúshláin” a chruthóidh an Intleacht Shaorga sa chóras oideachais. Maítear go leagfar béim ar leith ar “litearthacht AI” i measc foghlaimeoirí agus oideachasóirí agus go dtacófar le “húsáid shábháilte, eiticiúil, agus éifeachtach” na teicneolaíochta sa mhúinteoireacht agus san fhoghlaim.
Beidh “ról gníomhach” ag na daltaí féin sa chomhdháil lena chinntiú go mbeidh a “léargas agus a dtaithí” san áireamh sa phlé a dhéanfar ar thodhchaí na hIntleachta Saorga san oideachas.
Mr Bundún
Léiriú eile ar an easpa tuisceana agus a simplí is atá an réasúnaíocht i bhfabhar na teicneolaíochta seo nuair nach bhfuil de chúis mhaith acu lena húsáid ach go bhfuil sé ann cheana féin mar sin ba cheart í a úsáid.
Shamhlóinn go bhfuil cúiseanna eile acu lena húsáid, cúiseanna a bhaineann leis an dia beag eile sin, Airgead, ach ar ndóigh, an rud nach ndeirtear, ní chloistear..