Beidh comhdháil idirnáisiúnta faoin Intleacht Shaorga á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta ar an 5-6 Samhain i gcathair na Gaillimhe.
D’fhógair príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, dáta agus láthair na comhdhála agus é ag labhairt ag Comhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga in Ollscoil na Gaillimhe inné.
Is é an teideal a bheidh ar an gcomhdháil idirnáisiúnta ná Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i Ré na hIntleachta Saorga: éagsúlacht teanga agus ceannasacht dhigiteach a thabhairt slán.
Is i Staid Dexcom, páirc imeartha nuafhorbartha fhoireann rugbaí Chonnacht, i gcathair na Gaillimhe a bheidh an chomhdháil a reáchtáil agus é mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Díreofar sa chomhdháil ar theangacha atá gann ó thaobh acmhainní de agus ar an teicneolaíocht dhigiteach. Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le saineolaithe ar an Intleacht Shaorga a mhealladh thar lear chun na comhdhála, idir lucht déanta polasaithe, lucht taighde, eagraíochtaí teanga agus ionadaithe ó earnáil na teicneolaíochta.
Luadh an chomhdháil an chéad uair anuraidh, nuair a thug Tomás Ó Síocháin le fios go raibh sé i gceist ag an Údarás a leithéid a reáchtáil. Dúirt sé an uair sin gur fágadh an Ghaeilge ar an trá fholamh ag tús na mílaoise nuair a tháinig forbairtí móra ar an idirlíon den chéad uair agus go dteastaíonn ó Údarás na Gaeltachta “teacht roimh” an gcéad tonn eile i réabhlóid na teicneolaíochta.
Tá an-spéis curtha ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt na hIntleachta Saorga i gcomhthéacs na Gaeilge le dhá bhliain anuas nó mar sin agus tá obair déanta ag an eagraíocht le huirlisí intleachta saorga a fhorbairt don teanga. Creideann an eagraíocht forbartha go láidir gur féidir leis an teicneolaíocht nua an-leas a dhéanamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Deirtear i bplean an Údaráis Uirlisí IS don Ghaeilge – Deiseanna agus Dúshláin gur dúshlán mór roimh fhorbairt seirbhísí i nGaeilge is ea an easpa ábhair ar ardchaighdeán ar líne sa teanga. Aithnítear sa phlean go mbainfidh dúshlán leis na mórchomhlachtaí IS a spreagadh chun tacú leis an nGaeilge.
Agus é ag labhairt in Ollscoil na Gaillimhe inné, dúirt Ó Síocháoin gur tháinig sé chun solas “cúpla bliain ó shin” go raibh “baol” ann do mhionteangacha mar gheall ar theacht chun cinn na hIntleachta Saorga agus gur theastaigh ón Údarás teacht roimh an gcontúirt sin.
“Ceann de na dúshláin is mó atá ann ná go bhfuil na hinill, na huirlisí agus na córais nua seo ar fad múnlaithe ar an mBéarla agus in oiriúint dó. An baol is mó dúinn ná go dtógann sé sin an meon aigne agus an comhthéacs céanna leis agus fágann sé an teanga agus an comhthéacs cultúir ar lár chomh maith,” a dúirt Ó Síocháin.
Mhaígh sé gur “cailleadh an deis” an Ghaeilge a chur chun cinn nuair a tháinig an t-idirlíon ar dtús agus ag pointí éagsúla i stair an idirlín.
“Chailleamar an deis nuair a tháinig an tIdirlíon, nuair a tháinig an App Store ní raibh an Ghaeilge le feiceáil ann. An t-imní is mó a bheadh orm ná má thagann an chéad chasadh eile sa scéal teicneolaíochta go mbeidh muid ar lár. Chun na seirbhísí cuí a bheith ar fáil, ní mór dúinn a bheith gníomhach,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Sonraí fógartha do chomhdháil idirnáisiúnta Údarás na Gaeltachta faoin Intleacht Shaorga'